Top Issue 1-2024

1 September 2014 Edition

Resize: A A A Print

Géarchéim Tithíocht ag Dul in Olcas sa gCaoi go bhfuil Praghsanna ag Dul i Méad

CÉ go n-amhdaíonn fiú an tESRI go bhfuil ar a laghad seasca míle tithe nua ag teastáil i limistéar Bhaile Átha Cliath amháin faoin mbliain 2021, is cé go bhfuil os cionn 90,000 teaghlaigh ar liostaí le haghaidh tithiocht shóisialta, tá saineólaithe is polaiteóirí an rialtais ag maíomhm anois go bhfuil an ghéarcheim tithíochta ag teacht chun deiridh toisc go bhfuil praghasanna ag dul i mead sa bpríomh-chathair.

Léiriú eile é seo de neamhshuim an rialtais i dtaobh riachtanaisí an phobail i gcomparáid le brabús an mhargaidh.

Mar déanann an rialtas botún mór simpli amháin: don chuid is mó den daonra is áit chónaithe é teach nó árasán, sé sin bun-riachtanas an duine; ach don rialtas, don ESRI is eile, is infheistíocht atá i gceist.

Sin é an fáth go gcuireann siad fáilte roimh ardaithe phraghas tithe, nuair a ghoillfeas na praghsanna arda seo arís orthu siúd atáa ag iarraidh teacht a cheannach le cónaí ann (mo bhéim).

Go deimhin tá sé oibrithe amach ag an Ollamh le Cúrsaí airgeadais i gColaiste na Tríonóide, Brian Lucey, gur chóir go mbeadh mean-phraghas tí bunaithe ar shean-rúibric ioncaim an phobail: sé sin trí huair ioncaim amháin maraon le leath an dara ioncaim le morgáiste 80% a fháil.

Sé sin 3.5 x €47,500 = €166,250 (80%), nó €207,560 don mheán-phraghas. De réir mar a théann praghsanna os cionn na meá-fhigiúirí sin téann muid i dtreó bholgáin agus tubaist eacnamaíochta.

Ba chóir mar sin go mbeadh sé mar pholasaí ag rialtas praghsanna titthe a choinneail íseal, ach freastalann an rialtas seo ar lucht an airgid is lucht na mbanc is cuma a tharlaíonn don ghnáth-dhuine.

Ar ndóigh tá fadb faoi leith acu siúd a bhfuil cothromas diúltach orthu, ach is cóir don rialtas teacht i gcabhair ar dhaoine sa riocht seo tré fiacha a chur ar ceal. Ach ina ionad sin, chuir rialtas seo an Lucht Opibre fiacha na mbanc ar ceal is d’fhág siad gnáth-dhaoine faoi ualach na bhfiach.

Ar ndóigh, mar bhárr ar an ndonas níl na húdaráisí aitiúla ag tóigeail tithe iad fein a thuilleadh, cinneadh de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a fhágann na daoine ar na liostaí le haghaidh tithíocht shóisialta i lámha na mbanc, lucht airgid is lucht maoine.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland