Top Issue 1-2024

1 September 2014 Edition

Resize: A A A Print

Caithfear deireadh a chur leis

Téarmai tagartha don choiste athbhreithnithe ró-chúng

• Agóid taobh amuigh de Theach Laighean le déanaí ag daoine atá ag iarraidh athrú ar an gCóras Cóireáil Dhíreach in Éireann

Samhlaigh dá mbeadh ortsa suas le deich mbliana a chaitheamh ag conaí in aon seomra le chuile dhuine i do chlann

TÁ GRÚPA athbhreithnithe fógartha ag an Aire Dlí & Comhionannas le féachaint ar an gcóras atá againn le h-óstaiocht a dhéanamh ar dhaoine a thagann anseo ag lorg tearmann, ar a dtugtar Cóireáil Dhíreach nó Direct Provision. Ach, ní theann an athbhreithniú teoranta atá luaite aici go dtí croi na faidhbe – sin go bhfuil an bunchóras fabhtach, mídhaonna agus ag cruthú níos mó deacrachtaí ná mar atá sé ag leigheas.

Tugadh an córas seo isteach mar réiteach Éireannach ar fhadhb Éireannach thart ar chúig bhliana déag ó shoin. Níl aon bhunús reachtúil ann do na h-ionaid seo atá dhá rith den chuid is mó ag comhlachtaí príobhaideacha ar son brabaigh. Níl i gceist iontu dar leis an Roinn féin ach áiteanna le lóistín agus bia a chuir ar fáil do dhaoine a dhéanann iarratas ar thearmann anseo.

Ní raibh siad ach in ainm is fanacht iontu ach sé mhí ach, mar atá fhios againn go rí-mhaith, tá daoine sa chóras seo suas le deich mbliana agus ós a chionn agus iad curtha i gcomparaid le príosúin oscailte ag lucht a gcáinte.

Sop in ait na scuiabe atá san athbhreithniú dar liom, mar níl an tAire chun féachaint ar na buncheisteanna a bhaineann le cearta chun oibre & oideachais atá ag na daoine atá sa chóras. Bhi mé ag labhairt le déanai le cuid de na daoine seo. Cailín amháin a ghnothaigh ós cionn cúig chéad pointe ardteiste cheithre bliana ó shoin, nach bhfuil i dteideal leanúint dá cuid staidéar de bharr éigcinnteacht faoina stádas. Bean eile a bhfuil oideachas triú leibhéal aici, atá ag iarraidh cáilíochtaí Éireannacha a bhaint amach le go mbeidh sí oiriúnach don fórsa oibre anseo má fhaigheann si toradh dearfach ar a h-iarratas – ach níl cead aici sin a dhéanamh.

pg-5-2

•  An Teachta Dála Sandra McLellan i gcuideachta an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag taispeántas le Doras Luimní faoin gCóireáil Dhíreach

Deir an tAire nach bhfuil sí chun drannadh leis an gceart chun oibre, atá le fáil de réir treoir Eorpach sna ballstaít eile ar fad seachas Éire agus ceann amháin eile, ag lucht iarrtha tearmann. Deir sí gur de bharr an ghéarcheim fostaíochta atá seo amhlaidh. Is ráiteas soiniciúil amach is amach é seo a chruthaíonn deighilt níos mó idir saoránaithe na tire seo agus na teifigh a thagann anseo ag lorg cabhrach uainn. Céard a dearfadh sise dá ndéarfaí an rud céanna le saoránaithe Éireannacha a théann thar lear ar thóir oibre? Ní mó ná sásta a bheadh si cinnte. Ní gheallann an cearta chun oibre jab daon duine, ach tugann sé deis do lucht iarrtha tearmann iarratas a dhéanamh ar phost ar an gnáthbhealach – agus níl na h-uimhreacha sa chóras chomh mór sin leis an gcóras a chur as riocht ar an mbealach atá sí ag maíomh.

Ach, an rud is tábhachtaí is dócha ná an dochar a dhéanann an chóras atá cruthaithe anseo do shláinte fisiciúil agus intinne na ndaoine a chónaionn inti. Samhlaigh dá mbeadh ortsa suas le deich mbliana a chaitheamh ag conaí in aon seomra le chuile dhuine i do chlann.  Nó, más duine singil thú, go mbeadh ort maireachtáil in aon seomra ar feadh an achar sin le triúr, nó ceathrar stráinséar eile. Céard a dhéanfadh tusa muna mbeadh áit spraoi ag do chuid gasúir sa teach? Muna mbeadh cead agat iad a ligint amach gan tusa a bheith in eindí leo 24/7?

Cén cruth a bheadh ar do phósadh muna mbeadh cead soláthar a dhéanamh, cócaireacht duit féin, oideachas a chuir ar fail dod chlann, ná a gcuid cáirde a thabhairt timpeall ar chuairt fiú?

Tá réiteach le fáil ar na deacrachtaí seo, ach toil pholaitiúil a bheith ann chuige. Tá tíortha ar nós an Phortaingéil a bhfuil córais i bhfad níos éifeachtaí agus níos eacnamúla acu, a dfhéadfadh muid foghlaim uathu.

Tá gné thuaidh-theas leis an scéal seo chomh maith agus in ainneoin go ndeirtear nach bhfuil an córas ó thuaidh foirfe, glactar leis go bhfuil sé níos fearr ná sna fiche sé chontae. Tá obair na gcapall ar bun ag dreamanna ar nós Comhairle Teifeach na hÉireann ar an gceist seo.

Tá siadsan ag iarraidh polaiteoirí agus páirtithe  leasmhara a thabhairt le chéile ar bhonn uile Éireann le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le córas. Cothrom, éifeachtach tearmainn a bheith againn, a chuireann dínit agus cearta idirnáisiúnta daoine i lár an phróiséis. Sin mar is ceart dó a bheith.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland