Top Issue 1-2024

29 April 2014 Edition

Resize: A A A Print

‘Spite’ Feamainne

Beidh ‘raic’ ar na cladaigh ma dhéantar príobháidiú ar chearta bainte feamainne

Ní shileann na bainteoirí aonair gur comhtharlúint atá anseo, ach go bhfuil athru ó bhonn dhá chur ar an gcaoi a fheidhmíonn tionscal na feamainne in Éirinn.

Tá sean-ráiteas i ngaeilge – ‘spite feamainne’ - a bhaineann le troid idir bheirt sa gcás go dtéann duine amháin isteach le feamainn a bhaint ar ‘straidhp’ atá fágtha go traidisiúnta ag duine eile, nó ag a gclann. San aimsir a caitheadh, b’uafásach an choir le déanamh é, nach raibh glacadh ar bith ag an bpobal leis, arbh ionann é agus gadaíocht ó do chomharsan. Bheadh sé ar chomhchéim le colg an Bull McCabe i ndráma cáiliúil John B. Keane, ‘The Field’.

Sa lá atá inniú ann úsáidtear an nath cainte maidir le daoine a bhfuil achrann binibeach eatarthu. Agus aisteach go leor, sin a bheidh idir na pobail tuaithe agus an Rialtas má dhéantar príobháidiú ar chearta bainte feamainne na tíre.

Tá na cearta maidir le saothrú ón chladach leagtha síos san Acht Úrthrá 1933 agus achtanna a tháinig ina dhiaidh. Go bunúsach, is leis an Stát gach a bhfuil ar an gcladach munar féidir úinéireacht phríobáideach a chruthú agus más mian le duine ábhar a bhaint ón gcladach caithfear ceadúnas a fháil chuige sin. Le fírinne, ní dlí é sin a cuireadh i bhfeidhm riamh – go dtí anois - agus tá amhras ar phobail cois cósta gur nod don eolach atá anseo go bhfuil rud éigin eile ar bun ag an rialtas.

De réir fiosruithe atá déanta agam leis an Roinn Comhshaoil cuireadh litir chuig duine amháin le déanaí, atá ag baint fheamainne le fada, i gceantar a áirítear mar cheantar speisialta chaomhnaithe (SAC) ag rá go gcaithfeadh sé ceadúnas a bheith aige feasta ón Roinn chuige sin. Is cosúil gur bh’éigean don Roinn an litir a chur amach bunaithe ar ghearán a rinne Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) leo.

pg8-2

Ag an am céanna tá sé tugtha faoi deara go bhfuil iarratas déanta ag roinnt comhlachtai ar cheadúnais bainte feamainne ar stráicí fada d’ár gcósta, ó Thir Chonaill go Co. an Chláir. Ní shíleann na bainteoirí aonair gur comhtharlúint atá anseo, ach go bhfuil athrú ó bhonn dhá chur ar an gcaoi a fheidhmíonn tionscal na feamainne in Éirinn.

Ar cheann de na comhlachtai seo tá Arramara teo. atá lonnaithe i gConamara. Is comhlacht é seo atá 100% in úinéireacht stáit i láthair na h-uaire, faoi scáth Údarás na Gaeltachta. Ach, tá sé ar an margadh agus an idirbheartaiocht gar a bheith tugtha chuig ceann scríbe a mheastar, le comhlacht darb ainm ‘Acadian Seaplant’ as Ceanada. Tá córas bainistíochta cladaigh ag Acadian i gCeanada áit a bhfuil ceadúnas acu sin do bhaint na feamainne ar chladaigh Nova Scotia agus leagann siadsan amach cén áit, cén uair agus cé mhéid feamaine gur féidir le daoine baint.

Tá bainteoiri an Iarthar den tuairim go bhfuiltear ag iarraidh an córas céanna a chur i bhfeidhm anseo agus gurb shin an chúis a bhfuil Arramara teo. ag lorg ceadúnas bainte feamainne ó Bhéal a’Mhuirthead go Co. an Chláir. Tá tuairimaíocht ann go bhfuil seo mar bhunchoinníoll ag Acadian Seaplant sula gceannóidh siad Arramara ó Údaras na Gaeltachta agus ceaptar go bhfuil an margadh seo déanta agus Airí sa rialtas, chuig an leibhéal is airde b’fhéidir, tar éis an socrú seo a aontú eatarthu. 

pg8-3

Is ionann seo agus príobháidiú na gcladaigh. Cruthaíonn sé monaplacht sa tionscal san Iarthar agus baineann sé an chumhacht idirbheartaíochta ó na bainteoirí féin agus tugtar an chumhacht ar fad don chomhlacht eachtrach. D’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfí daoine isteach ar ‘straidhpeanna’ feamainne daoine eile nach bhfuil ag comhoibriú leis an gcomhlachtaagus go mbeidh sé ina chogadh dhearg ar na cladaigh dá bharr.

Sin an fáth a bhfuil na sluaite tagtha amach chuig cruinnithe i nGaillimh agus Muigh Eo agus iad ag moladh malairt leagan amach ina bhfágtar cumhacht i lamha na ndaoine maidir le leas a bhaint as an acmhainn nadúrtha seo.

Tá Sinn Féin ar son forbairt an tionscail, infheistiocht bhreise, ach cearta cothrom do na bainteoirí freisin. Táimid ag moladh comharchumann bainteoirí, nó a mhacasamhail, a dhéanfadh ionadaíocht orthu agus idirbheartaiocht leis na tairgeoirí chun cinntiú go mbíonn cothrom na féinne ag na h-oibrithe agus soláthar leanúnach bainistiochta do na comhlachtaí.

Ar deireadh, is cinneadh polaitiúil a bheidh ann, mar is é an tAire Comhshaoil a shocróidh cé a gheobhfaidh na ceadúnais. Beidh muid ag iarraidh ar an Aire tacú le múnla pobail a fhágfaidh smacht ag na bainteoiri ar a dtionscal féin. i gcomhair leis na comhlachtaí.

Muna ndéantar sin, is léir gur tuilleadh ‘spite’ feamainne a bheidh ann, dar linne.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland