Top Issue 1-2024

13 September 2001 Edition

Resize: A A A Print

Manannán - Dia na Mara

Ní amháin go raibh an fharraige mhór i gcumhacht Mhanannán ach creidtear go raibh sé i gceannas ar an domhan eile fosta. Ceardaí den scoth a bhí ann ach cleasaí cliste a bhí ann chomh maith. Tuigtear gur chónaigh sé ar Oileán Mhanannán agus is é an ciall atá lena ainm ná `mac na mara'.

Tá tagairtí sa seanfhilíocht ina gcuirtear síos ar dhomhan na farraige mar ríocht s'aigesean agus cuirtear na héisc i gcomparáid le béithigh feirme. B'iad na tonnta farraige na capaill a bhí aige agus thiomáin sé ina charbhad leo go rialta.

Bhí tuiscint cruinn aige ar an aimsir agus fios maith aige cén uair a bheadh sé maith nó olc. Thiocfadh leis réamhfháisnéis beacht ar an aimsir a léamh agus staidéar a dhéanamh aige ar an spéir. Lena chois sin, bhí sé ina chumas stoirm fíochmhar a thógáil gach uair a d'éirigh sé feargach.

De réir mar atá a fhios againn, thug sé comhairle do na Tuatha Dé Danann nuair a tháinig na Fir Bolga i dtír. Dúirt sé leo nach mbeadh siad riamh ábalta an bua a bheith acu ar an dream mhór seo agus mhol sé do na Tuatha Dé gabháil i bhfolach faoi chnoic is faoi sléibhte iargúlta in Éirinn. Mar aon leis sin, thug sé trí bhronntanas speisialta dóibh. Thug sé clóca draíochta dóibh l'iad féin a chur i bhfolach. Chruthaigh sé fleá Ghoibhniú dóibh sa dóigh is nach n-éireodh a ríthe sean choíche. B'é an tríú rud a bhronn sé orthu ná muca a d'éirigh ó na marbh gach uair a maraíodh iad i ndiaidh seilge.

Bhí an t-ádh dearg ar Fhionn Mac Cumhaill teacht ar sciath, ar scian agus ar léine Mhanannán. Bhí draíocht ar leith ag baint leis na rudaí seo agus is cinnte gur thuig Fionn an méid seo agus iad in úsáid aige. Chuidigh Manannán leis na Fianna nuair a bhí siad ag taisteal thar lear in eachtra amháin. D'iompar sé na Fianna as contúirt an bháis agus iad uilig ag taisteal i mbád iontach s'aigesean.

Ós rud é gurbh é an chéad duine a tháinig i dtír ar Oileán Mhanannán, ba leisean é riamh. Bhí meas iontach ag muintir na háite air i dtólamh agus d'íoc siad cíos dó. Bhain siad úsáid as luachra lena gcíos a íoc óir bhí an planda seo naofa do Mhanannán riamh. Ar ndóigh, d'éirigh leis Oileán Mhanannán a chosaint ó ionsaithe a naimhde agus brat cheo draíochta curtha thart air sa dóigh is nach raibh an t-oileán le feiceáil. Agus a naimhde caillte ar an fharraige, scrios sé a loing nó chuir sé ar strae iad le stoirmeacha a thógáil.

Deirtear go raibh sé corp Mhanannán curtha i gCúige Chonnachta ach nuair a cuireadh a chorp faoin fhód, phléasc loch mór amach as an uaigh agus Loch Corrib an t-ainm atá ar an loch chéanna. Mar aon leis sin, tá lochanna ar fud na hÉireann a bhfaigheann a n-ainmneacha ó iníonacha Mhanannán.

Chomh maith leis sin, tá scéal béaloideasa a dtagann ó Co. na Gaillimhe ina raibh iníon eile de chuid Mhanannán ag taisteal i mbád in aice le cósta an iarthair. Le linn stoirme, bhí a iníon caite amach as an bhád. Bhí sí beagnach báite an lá céanna ach gur tháinig Manannán ar an láthair le oileán beag a chruthaigh lena dhraíocht sa dóigh is go raibh sí slánaithe díreach in am. `Mana' an t-ainm atá ar an oileán beag seo i mBá Cill Chiaráin.

B'fhéidir nach bhfuil an oiread sin trácht ar Mhanannán i láthair na huaire ach tá meas ag iascairí air ar fad. Tuigtear dóibh go gcaitheann siad a saolta ar an fharraige mhór agus go mbíonn siad ag brath go mór uirthi le slí bheatha a bhaint amach. Tá neart iascairí ann, áfach, nach mbacann le snámh a fhoghlaim óir má ghlaonn Manannán orthu, tá siad tuillteanach gabháil chuige.

Seanfhocal na Seachtaine


`Is maith an bádóir an té a bhfuil a bhád ar an chladach.'

Bhuel, is dócha go dtuigeann an duine thuasluaite nach fiú a bheith i gcontúirt agus a bheith slán sábháilte. Ach, an mbíonn a bhád ceangailte i gcónaí?


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland