Top Issue 1-2024

3 February 2000 Edition

Resize: A A A Print

Cad a dhéanfaimid féasta gan adhmad?

Caithfidh mé a rá go gcuireann sé deistín orm crainn a fheiceáil is iad leagtha gan fáth. Bhuel déanann an Comhairle Contae iarracht leithscéal a thabhairt dúinn agus iad ag leagadh na gcrainn i `Glen of the Downs'. I ndáirire, áfach, ní thiocfadh le duine ar bith a rá go bhfuil na crainn ag fáil bháis ar son na hÉireann.

Mar atá a fhios againn, tá an Comhairle Contae i gCill Mantáin den tuairim go bhfuil sé riachtánach dóibh an choill seo a scriosadh ar mhaithe leis an príomhbhóthar N11 a fhorbairt. Creideann siad go mbeidh tiománaithe bóithre níos sabháilte nuair is féidir leo tiomáint ar bhóthar atá níos mó agus níos leithne. Is í an argóint atá ag an Chomhairle ná go bhfuil beathaí daoine níos tábhachtaí ná crainn. Tá sé cruthaithe ag saineolaithe, áfach, go mbíonn fonn ar thiománaithe a bheith ag taisteal níos gaiste nuair atá bóthar mór leathan ós a gcomhair. Dá bhrí sin, tá níos mó seans ann go mbeadh timpiste ag duine. Níorbh é go bhfuil `lucht na gcrainn' a rá go bhfuil beathaí crainn níos tábhachtaí ná daoine nuair is léir nach ar mhaithe le daoine go bhfuil a thuilleadh crainn le leagadh.

Is maith linn mar Gaeil an locht a chur ar na Sasanaigh fána lán de fhadhbanna na tíre seo, caithfidh mé a rá go mbainim féin an sult as an deis a bheith agam. Cuimhním go raibh uair ann ina raibh 95% de thalamh na tíre seo breacaithe le crainn breátha dúchasacha. Anois, mo bhrón, níl ach 5% ann.

Leag Sasanaigh neart de choillte na tíre ar mhaithe le longa móra agus ar a thuilleadh fáthanna eile. Ach ní thig linn a bheith i ngleic leo anois maidir leis an scrios atá á dhéanamh i gCill Mantán i láthair an huaire.

Gan amhrás, tá `lucht na gcrainn' iontach cróga ar fad agus iad sásta fanacht sa choill. Mar a deirtear, tá siad ag seasamh an fhód agus ba cheart bunbhrí na bhfocal a thuiscint, tá siad ag seasamh an fhód agus ba cheart bunbhrí na bhfocal a thuiscint as an fhása sin. Tá daoine ina measc sásta seasamh ós comhair Chainsaws agus a leithéid leis na crainn a chosaint agus ba cheart meas a bheith againn ar an chrógacht seo.

Mar sin de, ní amháin go bhfuil an Chomhairle Chontae ag cruthú bóithre níos contúirtí ach tá gach seans ann go ngortófar duine de `lucht na gcrainn' ag lámha oibrithe an Chomhairle.

Lena chois sin, bhí seachtar ós comhair na cúirte Dé Luain seo chaite ina cuireadh bac `dlíthiúil' orthu gan stopadh ar thalamh an Chomhairle Chontae. Tá a thuilleadh acu le bheith sa chuirt Dé hAoine 4 Feabhra agus gach seans go mbeidh an breithiúnas céanna ann. B'fhéidir gur chóir an cheist a chur fán úinéireacht ar dhóigh eile. Nach eagraíocht stáit an Comhairle Chontae? Mar sin, nach le muintir Chill Mantán an choill seo? Níl sé ceart go mbeadh eagraíocht stáit ag tabhairt ordaithe do dhuine ar bith. Nár chóir go mbeadh an Comhairle ag obair ar son an phobail, gan a mhalairt?

Tá sé suimiúil go spreagann an nuacht seo fán achrann i gCill Mantán dom a bheith ag cuimhniú ar bhrí agus ar an scéal atá taobh thiar den fhocal `bóthar':

``Tharla sé go raibh beirt ar siúl ar a mbealach nuair a bhuail siad lena chéile. Maise, bhí bó an duine acu agus nuair a bhí duine ag gabháil i dtreo amháin, bhí an fear eile ag gabháil ina éadan.

Ní raibh duine ar bith acu tuilleanach ligint don té eile gabháil ar a bhealach agus bhí gach cuma ar an scéal nach ngéillfeadh duine ar bith acu choíche.

Leoga, thosaigh troid millteanach eadarthu agus sa deireadh mharaigh siad a chéile.

Bhuel, thart fán tréimhse céanna, bhí fleá iontach ar siúl i ndún Rí na Mumhain nuair a chuala sé fán bheirt a mharaigh a chéile. Shocraigh sé ar an tóirt gur choir an t-ábhar tábhachtach seo a phlé leis na breithimh, na filí is na draoithe láithreach. I ndiaidh tamaill, réitigh siad gur cheart go mbeadh `gach bealach mór agus leathan go leor mbeadh duine ábalta fad agus leathan bhó a chur ann.'

Cuireadh `bóthar' ar an bhealach ón lá sin agus nach iontach an rud é go bhfuil an focail céanna in usáid go dtí an lá inniú.

Maidir le cúlra an scéil thuas, bhí mé i gconaí in amhras fán tuairim a bhíodh ag na draoithe óir tá mé measartha cinnte nach ligfeadh siad do dhuine na crainn a leagadh le `bothar' a thógáil in am ar bith ós rud é go raibh agus go bhfuil crainn féin naofa. Níl aon mheas ag `draoithe' na haoise seo, áfach, mar is léir ó iompar an Chomhairle Chontae i Glen of the Downs.

An Draoi Rua


Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile



Tá feachtas nua tosaithe ag Coiste na nIarchimí sna 26 Chontae le teagmhail a dhéanamh le gach iarchime a chaith tamall faoi ghlas in aon de na príosúin ó dheas. De réir le hEoghan Mac Cormaic atá ag obair leis an Choiste, tá an tábhacht ag baint leis an tionscnamh seo. `An rud atá i gceist againn leis an `database' seo ná go mbeidh muid in inmhe gach iarchime a aithint, agus teagmhail a dhéanamh leo nuair is gá. Chomh maith leis sin, tá dianiarrachtaí ar súil ag Coiste na nIarchimí chun cearta na n-iarchimí a chinntiú. Ní bheimid in ann an jab sin a dhéanamh go dtí go bhfuil a fhios againn cé hiad na hiarchimí agus cá bhfuil síad anois'.

Measann Coiste na nIarchimí go bhfuil na mílte iarchimí scaipthe ar fud an stait, daoine a bhí faoi ghlas sna príosúin éagsúla; Moinseoighe, An Curragh, Portlaoise, Luimneach agus mar sin de. Amach anseo, tá an Coiste ag súil go mbeidh siad in ann leabhar a fhoilsiú ag insint scéalta na gcaircreacha sin i bhfocal na gcimí féin, ach beidh orthu na cimí uile a aimsiú sula gcuirtear tús leis an tionscnamh sin.

Níl aon figiúir cruinn ag an Coiste go foill den líon cimí atá i gceist ach tá reamhobair déanta ag grúpaí d'iarchimí i gCluain Eois, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Dún Dealgan, An Mhí agus Tiobrad Arainn cheana féin agus tá na céadta ainmneacha aitheanta anois.

Thar na blianta bhí daoine difriúla a choinnigh liosta de na cimí, mar shampla dífhoilsíonn An Phoblacht Republican News liosta cuimsitheach gach Nollaig. Chomh maith leis sin bhíodh liostaí ag An Cumann Cabhrach, ag Roinn na gCimí agus ag comradaithe agus cairde sna Stait Aontaithe a chuireadh cártaí Nollag chuig cimí gach bliain.

Tamall ó shion bhí litir foilsithe in An Phoblacht ó Fháilte Abhaile, an grúpa do Iarchimí i nDún Dealgan ag lorg ainmneacha agus seoltai díiarchimí sa cheantar maguaird an bhaile. Tá feachtas an Choiste níos foirleathna ná sin, nó tá sé mar aidhm ag stiúrthóirí an Choiste go mbeidh siad i dteagmhail le gach iarchime i mbliana.

Má's iarchime thú, nó má tá aithne agat ar daoine a bhí faoi ghlas áit ar bith in Éirinn nó thar saile thar na blianta a cheapann tú nach mbeadh i dteagmhail rialta le cimí eile, déan teagmhail le Ann O Sullivan ar 01 8733199 agus cuirfear foirmeacha eolais agus an ceistiúchán amach chugat.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland