Top Issue 1-2024

22 April 1999 Edition

Resize: A A A Print

Cara sa Chúirt...

Ba mhór an cathú é focal nó dó maslach a scríobh an tseachtain seo i leith breithiúna léannta na hÉireann, nó is fada iad ina ndlí dóibh féin gan aon srian ar chinniúna, gan duine ar bith in ann focal a rá ina leith gan cúis tarcaisne in aghaidh na cúirte a mhealladh chuige féin. Tá an ré sin thart anois, is léir, agus ós rud é gur scríobh an Príomhbhreitheamh tuairisc ag damhnú beirte dá chomhleacaithe thig linne, an cosmhuintir, a dhéanamh amhlaidh gan imní orainn trí mhí saoire a ghnothú i Moinseoighe ná carcair eile dá bharr.

Tá saghas seanaithne agam ar bhreithiúna, ach níl mé ar mo aonar ansin nó is minic a chás poblachtanaigh ar phlúr an ranga thar na blianta. Go deimhin, is minice daoine dár n-aicme, aicme an lucht oibre, os chomhair cúirteanna ná ionadaithe na n-aicmí eile, agus nuair a bhainimid na cúirteanna amach, is ar fhathanna eile a fhaighimid deis meá na córa a fheiceáil ná fathanna cúirtíochta ár gcomhshaoránaigh ó na haicmí eile.

De ghnáth, freastalann na huasaicmí ar chúirteanna mar dhlíthithe, ach tá fírinne sa phíosa ghrinn a fhiafraíonn `Cad a tugtar ar Doireannach ag caitheamh culaithe éadaí? An Cúisí. Thig leat an focal Doireannach a athrú go duine as Baile Munna, Iarthar Bhéal Feirste agus go leor leor áiteanna eile mar sin agus ní chaillfear an greann ná an t-aor. Is muidne na cúisithe agus cuireadh na cúirteanna ar bhun chun sinne a choinneáill faoi smacht. Nó mar a deir amhrán Christy Moore `there's one law for the rich one for the poor'. I gcás Philip Sheedy, ba léir go raibh breithiúna áirithe sásta breithiúnas níos flaithiúla, níos trocáirí a thabhairt isteach mar gheall ar aicme an chúisí... from a good family ... a graduate ... substantial sum of money in court ... the sort of case for a suspended sentence... Agus is fiú gan bithiúnach amach is amach a dhéanamh as Sheedy ná as a theaghlach. Ní dhearna siad aon rud nach ndéanfadh clanna eile: rinne siad iarracht é a shaoradh ó phríosún agus ní chuirfínn locht orthu as sin. ``Sí an fhadhb atá ann, áfach, ná gur thuig siad i mbealach éigin, go dtiocfaí teacht ar bhealach a shaorfadh a mac ar bhonn a aicme, ar bhonn a oideachais, ar bhonn a chomharsantachta, ar bhonn a theagmhálaithe. Thuig siad, agus thuig na breithiúna, gurbh as an taobh `ceart' den líne é, go raibh an seoladh postais ceart aige, agus gurbh fhearrda é a mheas mar chéimí ná mar chime.

Éiríonn an cheist anois, dá bhrí a tharla idir Mí Deireadh Fómhair 1997 agus Mí Marta 1999 i gcás Sheedy, cá mhéad breithiúnais claonta eile a tugtar síos sna cúirteanna?

Bhuel, níorbh fhéidir figiúir chruinn a thabhairt ar cheist mar sin, nó ní bheadh cás Sheedy i mbéal an phobail ar chor ar bith murach gur ghearr an Breitheamh Matthews ceithre bliana air sa chéad dul síos. Ní bhfuarthas amach faoi chaimiléireacht Cyril Kelly go dtí gur saoradh Sheedy - i mbreithiúnas neamhghnáthach - agus gur tarraingíodh aird an phobail ar an bhreitiúnas sin. Dá mbeadh an Breitheamh Matthews sásta an cluiche a imirt i gceart dár le rialacha Kelly ní fheicfeadh Sheedy cillín Mainistreach Shelton ar chor ar bith, agus ghlacfadh an pobal leis an breithiúnas sin le croitheadh guaillí. Tuigimid, an dtuigeann tú, go dtarlaíonn sé sin agus go bhfuil sé ag tarlú ó bhunaíodh na cúirteanna. Ní nuacht é `dog bites man' ach is nuacht é `man bites dog'. Agus, sa dóigh céanna, níor nuacht é breitheamh ag déileáil go bog trocáireach le duine dá aicme féin ach ba nuacht é breitheamh ag déileáil go crua, go dian lena leithéid.

Cuirfear go leor ceisteanna amach anseo faoi iompar breithiúna áirithe i gcásanna áirithe san am a chuaigh thart. Scrúdófar breithiúnais, achomhairc, agus polasaí daortha. Agus cé gur bhreitheamh (Hamilton) a dhírigh a mhéar i gcoinne O Flaherty agus Kelly ní féidir linn bheith ag brath go mb'amhlaidh an toradh i bhfiosrúcháin eile amach anseo. Tá an ardmheánaicme ag tarraingt le chéile arís anois ina dhiaidh fóilsiú na tuairisce; bhí scuaine cuairteoirí cáiliúla ar theach O Flaherty thar an deireadh seachtain, Kathleen Watkins, Celia Larkin, abhcóidí, dlíodóirí, bainisteoirí spoirt ina measc. ní bheadh iontas orm dá mbeadh cuid dena daoine a thug cuairt ar O Flaherty an tseachtain seo, ar na daoine céanna a thug cuairt chomhbhá ar theaghlach Philip Sheedy nuair a daoraíodh é nó tá siad go léir den sort ceart.

Tá trí cholún den stát faoi scrúdú anois: an eaglais; na polaiteoirí, agus na breithiúna. Déanfaidh an Ceathrú Stát, an meánchumarsáide, an scrúdú ar ár son. Súilimis go bhfuil siad in ann don phost....


Damáiste comhtaobhach ag caoineadh na ndeor.



An t-idirlíon abú! In ainneoin cinsireachta, féinchinsireachta agus bréaga gan náire ní féidir an fhírinne faoi bhuamáil ECAT a cheilt. Is féidir tuairiscí a fháil in aghaidh an lae ó Iúgslavaigh, faoi scéin na n-aer-ruathar, faoin bhriseadh croí, faoin bhfearg atá ar na daoine ar fud na hIúgslaive agus faoin chur le chéile iontach atá iontu. Na daoine a bhíodh ag mairseáil in aghaidh Slobodan Milosevic caitheann siad a n-oícheanta anois i mbun faire ar dhroichid, i monarchana agus taobh le spriocanna eile de chuid na mbuamadóirí. Fimínteacht amach is amach é a thabhairt le fios go bhfuil ECAT ag díriú ar spriocanna míleata amháin. Bréagnaíonn an staraíocht a mhalairt. Is léir go bhfuil an Peinteagán agus a chuid cliantaí ar a ndícheall ag iarraidh bonneagar sibhialta na hIúgslaive a scrios. Tá sé sin soiléir ó na spriocanna atá roghnaithe acu - droichid, bóithre, monarchana, stocanna breosla, iarnróid. Baineann an cogadh go huile is go hiomlán le straitéis arb í a haidhm na Balcáin ar fad a chur faoi smacht. Cuireadh neamhspleáchas na hAlbáine ar ceal an tseachtain seo caite. Is geall le coilíneacht Mheiriceánach anois í. Tá gach gné de shaol na tíre curtha faoi réir na bhfórsaí forghabhála Meiriceánacha.

Ghéill rialtas na hAlbáine gan troid, gan ghearán poiblí, gan chomhphlé ceart. Ba náireach an rud é ach ní fhéadfá a bheith ag súil lena mhalairt ó na scaibhtéirí atá in uachtar ansin. Níl an Mhacadóin mórán níos fearr as. Tá campa mór míleata déanta den tír sin. Tá gach tír sa réigiún i mbaol a dhíbhunaithe, go fiú an Ghréig, an tír is socra orthu. Ní sotal go sotal thiarnaí cogaidh an Iarthair. Sáraíonn siad an dlí idirnáisiúnta. Déanann siad beag is fiú de fhlaitheas na stát, bunphrionsabal sa chaidreamh idirnáisiúnta ón anallód.

Cruthaíonn siad an fhadhb teifíoch is mó san Eoraip le fada an lá agus bíonn drogall orthu teifigh a ligint isteach ina dtíortha féin. Spreagadh na hAlbánaigh leis an gCosaiv a thréigint. Dúradh go raibh na Seirbigh á ndíbirt. Ansin nuair a dhruid na hIúgslavaigh an teorainn ar feadh tamaill tosaíodh ag scréachaíl go raibh cead imeachta á cheilt ar na hAlbánaigh. Is míreanna i gcluiche barbartha na hAlbánaigh chéanna. Nuair a theich siad go dtí an Mhacadóin ní fáilte Uí Cheallaigh a fearadh orthu ach cuireadh isteach i gcampaí géibhinn iad. Muna mbíonn an t-ádh leo beidh siad ansin go ceann na mblianta. Níl buamaí ECAT chomh smeartáilte sin is gur féidir leo idirdhealú a dhéanamh idir Seirbigh agus Albánaigh. Is measa go mór an bhuamáil ar an gCosaiv ná ar aon chuid eile den Iúgslaiv.

Scriosadh Pristina. Buamáladh tithe agus feirmeacha agus cairr ar bhóithre ar fud na Cosaive. Ba dheacair an t-ionsaí ar an gconbhua truamhéileach de tharracóirí agus tráiléirí in aice le Maja a shárú mar gháirsiúlacht. (``Honey, I blew up the kids!'')

Diaidh ar ndiaidh tuigfidh Albánaigh na Cosaive go bhfuil feall déanta orthu. Shílfeá go mbeadh tearmann ann do theifigh Albánacha in Éirinn. Ní hamhlaidh atá. Tá cinneadh déanta ag rialtas Bhaile Atha Cliath teorainn 1,000 duine a chur le líon na nAlbánach a ghlacfaí leo ó champaí na dteifeach. Sin bua do thraidisiún na Roinne Dlí agus Cirt a bhí i gcónaí riamh in aghaidh teifeach agus a chaitheann go gránna le hinimircigh ó thaobh amuigh den AE. I 1938 baineadh leas as mionlach Gearmánach leis an Sudentenland a bhaint ón tSeicslóvaic. Ba é an toradh gur ruaigeadh an pobal Gearmánach ón gceantar i 1945. Táthar ag teacht i dtír ar Albánaigh na Cosaive inniu leis an Iúgslaiv a choilleadh. Nuair a bheas an cogadh thart caithfear i dtraipisí iad.

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland