Top Issue 1-2024

12 November 1998 Edition

Resize: A A A Print

Míle Bliain ar aghaidh nó Míle Bliain Siar ?

Le Lucilita Bhreatnach

£7 milliúin punt a bheas á chaitheamh ar phleananna nua fógraithe don bhliain 2000 AD i mBaile Atha Cliath. Tá sé i gceist an t-airgead seo a chaitheamh ar thionscnaimh ar nós soilsí a lasú ar dhroichid thar abhainn An Life; láthair margaidh faoi dhíon is slí do rothair a sholáthair ón chanál mór chuig An Life agus áiteacha eile a dtéann na turasóirí nuair a thagann siad chuig an príomh-chathair.

Ach cad faoi coismhuintir na cathrach ? Cinnte ba mhaith le gach éinne athruithe deasa a fheiscint don chathair ach nach bhfuil gá breathnú ar staid chónaí agus mareachtáil na ndaoine óga ach go h-áirithe sa chathair freisin ?

Níl ceann ar bith tugtha do chor na mbocht, lucht na díthreabhaigh agus andúileaigh na ndrugaí arís ins an bhfógra a d'eisigh Grúpa an Míle Bliain fa choinne na milliúin punt atá le caitheamh ar thionscnaimh nua leis an míle bliain a cheiliúradh.

Nuair a craoladh an nuacht seo an t-seachtain seo labhair an t-athair Peadar Mac Bhéarra agus Comhairleoir de Shinn Féin, Christy Burke amach faoi. Oibríonn an t-athair Mac Bhéarra go deonach ar son na díthreabhaigh i mBaile Atha Cliath ar feadh na mblianta. Rinne sé ionsaí gathaigh ar an lú airgid atá ar fáil le tabhairt faoi sciúrse lucht na díthreabhaigh agus andúileaigh na ndrugaí.

Is é a dúirt an t-athair Mac Bhéarra : ``Measaim go bhfuil sé scanrúil ach níl aon iontas orm go bhfuil na milliúin punt á chaitheamh ar bhrící agus moirtéar agus gan mórán á dhéanamh againn le bochtaineacht is andúileaigh na ndrugaí is alcól a laghdú agus muid ag teacht i ngiorracht an míle bliain.''

Lean sé : ``Níl aon iontas orm. Chomh maith le sin measaim go bhfuil sé scanrúil seacht mbliana in dhiaidh An t-Achta Chúraim Leanaí (1991), a shlánaíonn tithíocht mar cheart do dhaoine óga, go bhfuil níos mó ógánaigh ar na sráideacha ná mar a bhí a riamh cheanna.

I mBaile Atha Cliath freisin Dé Luain seo chaite bhuail Comhairleoir de Shinn Féin, Christy Burke le baill den Ghrúpa Cabhrach In Dhiaidh Athghabhála. Bhí cruinniú drochuair acu i Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada áit a raibheadar ag breathnú ar slite le teacht suas le £9,000 ionad a chaomhnú.

``Conas ar féidir linn £7 milliúin a chaitheamh ar dhroichid agus tionscnaimh de gach sórt ach fós tá fadhbanna na ndrugaí ins an bpobal á shéanadh ?''

Lean sé : ``Táimid ag lorg £9,000 le léas a urrú chun gur féidir obair fiúntach an ghrúpa seo a choimead ar siúl agus deichniúr duine a fhostú.''

Deir Christy Burke gur cosúil go mbeidh roinnt airgid á chaitheamh ar `scaffal' a bhaint ó shéipéal naomh sheoirse i Sráid Hardwicke sa cheantair céanna. Beidh sé sin neamhábhartha do mhuintir na h-áite. Tá grúpa deonach tar éis ionad a bhaint amach ar léas ach caithfidh siad teacht suas le £1,000 leis an léas céanna a chinntiú. Ba mhaith le Christy Burke an t-airgead atá ar fáil a bheith caite ar phrintíseacht agus scileanna a sholátharú do dhaoine óga. Tá sé ag éileamh foscadh fiúntach a bheith curtha ar fáil do dhíthreabhaigh i mBaile Atha Cliath. Is ar an dóigh céanna airgead a chaitheamh do ghrúpaí ban sna ceanntracha seo le infrastructúr a eagrú sna ceanntracha céanna is áiteacha a chuir ar fáil do pháistí a spraoi a dhéanamh. Scríobh Christy Burke chuig Grúpa an Míle Bliain ar an Luain nuair a d'fhógraigh siad a pleananna leis na smaointe seo ag lorg tacú do na riachtanais seo do choismhuintir na cathrach.

Le 1,500 díthreabhaigh sa phríomh-chathair amháin, fir is mná óga, roinnt acu ina leanaí, cén mhaith An Tíogair Cheilteach dóibh siúd meas sibh ? Níl ann sa Tíogair Cheilteach ach ainmhí fíáin nach cuma leis iad siúd atá ag bun an scála sa sothaíocht seo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland