10 September 1998 Edition

Resize: A A A Print

Fógraí bháis: Omós Do Phádraig O Rónáin

Ba dhíomách agus ba bhrónach an scéal a chuala pobal na nDéise nuair a scaip an focal go raibh Pádraig O Rónáin imithe ar shlí na fírinne.

Fear uasal mórchroíoch gealgháireach ab ea Pádraig a raibh fáilte groí aige roimh óg agus aosta i gcónaí. Níor tugadh an t-eiteachas riamh d'éinne a bhuail isteach chuige féin agus a bhean chéile Treasa ina n-áras i Sr. Eoin i gCathair Phortláirge.

Gael agus poblachtánach ab ea Pádraig a thug leis líofacht na Gaeilge go h-óg agus a labhair go fonnmhar agus go díograiseach i gach seans a fuair sé chuige. Bhí sé dílis riamh dá phrionsabail agus d'oibrigh sé go dian, dícheallach ar son na stailceoirí ocrais sna H-Bhlocanna in 1981.

Fear deaslámhach ab ea Pádraig agus ní fheicfí ar éigean riamh é gan giúirléid nó uirlis éigin faoi réir aige agus bréagán linbh, díon tí nó inneall báid á dheisiú aige. Fear mór chun amhrán a rá ab ea é agus bhí stór mór díobh aige i mBéarla agus i nGaeilge ar comhbhinneas, mórán acu a tháinig óna pheann féin.

Ar an Satharn, an 22ú Lúnasa 1998 cailleadh fear lúth, láidir, líofa, aerach gan rabhadh ar bith dá cháirde ná dá ghaolta. Tá cara caillte ag pobal na Rinne ach faid a mhaireann a shliocht agus sliocht a shleachta cuimhneofar go deo ar Phádraig Uasal O Rónáin.

I measc do charad atá imithe ar shií na firinne romhat go raibh d'anam, a Phádraig agus inár measc go bráth mairfidh do spiorad.

We salute you Paddy. Now rest in peace.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland