Top Issue 1-2024

11 June 1998 Edition

Resize: A A A Print

Bréagáin núicléacha ag tiarnaí cogaidh - féar ag na daoine

Cloistear miotas ó thráth go chéile gur éirigh leis an India neamhspleáchas a bhaint amach gan doirteadh fola. Ó léirscrios Amritsar i 1919 (gan dul níos faide siar ná sin) go dtí 1947 d'fhulaing náisiúnaithe Indiacha bás, díshealbhú agus príosúnacht gan triail ar na mórchóir, bliain i ndiaidh bliana. (I 1932, mar shampla de bhliain amháin, bhí 66,000 Indiach ina bpríosúnaigh pholaitiúla.)

Ach ba í an tubaiste ba mhó a bhuail an India san aois seo an cinneadh a rinneadh le linn ghobharnóireacht Louis Mountbatten críochdheighilt a dhéanamh ar an bhfomhór-roinn i 1947. In imeacht seachtaine maraíodh na mílte ar an dá thaobh den deighilt reiligiúnach agus rinneadh teifigh de 70,000 daoine.

Ní raibh a leithéid de thír agus an Phacastáin ann riamh roimhe sin. Níor smaoiníodh ar a leithéid fiú go dtí 1932 nuair a cheap miondream seicteach an coinceap agus an t-ainm. Fiú bhí an té a luaitear mar bhunaitheoir na Pacastáine, Muhammad Ali Jinnah, in éadan stát Ioslamach ar leith go dtí 1940. In olltoghchán na bliana 1935 bhí Comhdháil Naísiúnta na hIndia cathréimeach i ngach cearn den India mhór, na ceantair Ioslamacha san áireamh.

Gluaiseacht shaolta neamhsheicteach a bhí sa náisiúnachas Indiach den chuid is mó i gcónaí, ní hionann agus lucht na scarúinte Pacastáiní. Ón tús ghlac an India bóthar an daonlathais agus chothaigh sí an t-iolrachas cultúir, frithimpiriúlachas, forás eacnamaíoch státurraithe agus an chaonfhulaingt reiligiúnach taobh istigh de stát saolta.

Chuir rialtais tosaigh na tíre rompu an India a nua-aimsearú gan í a iartharú. Tríd is tríd leanadh leis an traidisiún sin go dtí teacht chun cinn an pháirtí sár-Hiondúigh Bharatiya Janata (BJP) atá anois i gcumhacht bíodh is gur rialtas mionlaigh iad. Lucht leanúna an pháirtí chéanna a bhí taobh thiar de mhosc mórghradaim a scrios i gcathair naofa Ayodhya i 1992.

Cúis scéine ceart pléascáin núicléacha a bheith á dtástáil ag an BJP agus réimeas Islamabad araon. Is contúirtí an áit í an domhan dá dheasca. Dá thír iad an India agus an Phacastáin atá céasta ag an mbochtaineacht. Ní hacamhainn leo na táinte a chaitheamh ar fhorbairt armlainne núicléiche. Agus ní hé nach bhfuil fhios acu an rogha atá siad ag glacadh. Dúirt Zulfiqar Ali Bhutto tráth go mbainfeadh an Phacastáin stádas núicléach amach ``fiú más gá dúinn dul i muinín an fhéir mar bheatha.'' Ith, a chapaill, agus gheobhair féar!

Bhí sé truamhéileach a bheith ag breathnú ar Indiaigh agus Pacastánaigh araon ag ceiliúradh (munar mhiste leat) na dtrialacha admhacha. Ach is féidir cuid de sin a thuiscint i bhfianaise an tsotail mhínáirigh a léiríonn na cumhachtaí móra sna cúrsaí seo. A leithéid d'éadan agus atá ag Washington agus Londain agus iad ag tabhairt seanmóirí uathu!

Cruáltacht anuas ar shotal é smachtbhannaí a chur ar an dá thír i ngeall ar iompar a gceannairí. Is iad na daoine is dearóile a bheas thíos leis na smachtbhannaí, mar is gnáth. Ar ndóigh, tá clár gnó eile taobh thiar de na smachtbhannaí céanna agus is é sin a chinntiú nach mbeadh forbairt ar thíortha mar an India ach go háirithe, a laghdódh an bhearna idir í agus na tíortha tionsclaíocha. Is iomaí bealach a throidfear cogaí acmhainne na 21ú haoise.

Ná déanaimís dearmad go bhfuil fhios ag madraí na sráide go bhfuil armlann núicléach ag Iosrael ach níl aon cheist faoi smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ansin, nó fiú an scéal a fhiosrú.

Ba é ceann d'éachtaí móra na Náisiún Aontaithe é an Conradh um Neamhiomadú Núicléach (1968). Tá an conradh sin sínithe ag 185 tíortha agus cuireann sé cosc iomlán ar leathnú gléasanna núicléacha go tíortha nach raibh a leithéid ina seilbh acu ag an tráth sin.

Ach níl an oiread sin cainte ar an dara prionsabal sa chonradh a chinn go n-éireodh an ``club núicléach'' - SAM, Aontas na Sóivéide (mar a bhí), Sasana, an Fhrainc agus an tSín - as gléasanna núicléacha de réir a chéile. Níl aon iarracht mhacánta déanta le 30 bliain anuas é sin a bhaint amach. Is é sin eithne na faidhbe. Go dtí go gcoscfar airm núicléacha scun scan gan eisceacht beidh an tubaiste os ár gcionn.

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland