AP 4-2023 top

4 June 1998 Edition

Resize: A A A Print

``I'' for Ireland nó ``É'' do Éire

le Micheál Mac Piarais

Cuir Trevor Sargent, Teachtaí Dála den Chomhaontas Glas, ceist don Aire Gnóthaí Eachtracha le deanaí, ag iarraidh cén fáth go bhfuil Éire cláraithe go h-idirnáisiúnta faoin litir ``I'' do Ireland in ionad ``É'' do Éire.

Ceapfá gur rud beag, beagáinín seafóideach, an agóid seo a dhéanamh, ach is ábhar dáiríre é má chuirfear é san gcoimhthéacs gurb é an protocol san Aontas Eorpach ná go liostáiltear tíortha, de réir aibítear, faoi ainm na tíre ina teanga náisiúnta fhéin; sin é go mbíonn An Ghearmáin faoi `Deutschland'(über alles), an Spáinn faoi Espania agus ar aghaidh leis.

Is é an freagra a thug David Andrews ar an cheist seo ná go raibh sé i gcónaí mar chleachtadh ag an rialtas leagan Béarla ainm an stáit a úsáid in eagraíochtaí idirnáisiúnta. De réir an t-aire is é seo a rinneadh nuair a chuaigh an 26 chontae mar ball den Comhphobal Eorpach i 1973 agus leanfar leis an chleachtadh seo san todhcaí.

Is buarthach é a fheiceáil go bhfuil Éire an t-aon tír san Eoraip gan muinín go leor ina teanga, a cultúr nó a dúchais chun a teanga fhéin a úsáid. Cén fáth go gcaithfimid teanga eachtrach a úsáid, fiú amháin in ainmniú ár dtíre fhéin. Is comhartha easpa muiníne agus bróid, agus go bhfuilimid fós ag maireachtáil i ré meoin cóilínithe, nach féidir lenár dtír seasamh ar a dhá chosa agus ár dteanga a ath-bheochain.

Ní gnéith sean-nósach nó mí-thairgiúil é an teanga dúchasach. Is rud álainn, beomhar agus foinse muinín náisiúnta é. Is comhartha é freagra an aire do pholasaí détheangach an rialtais. Deirtear go bhfuil gach iarracht ar bun acu an teanga a fhorbairt, ach i ndáiríre tá siad sásta é a fhágáil ar taobh an bhóthair, chun bás mall, ciúin a fháil. Is féidir gluaiseacht i dtreo Eoraip aontaithe go heacnamúil, gan ár gcultúr agus ár n-aitheantas a chailliúint.

Fiú dá leanfaí leis an nós atá i bhfeidhm ar an idirghreasaí, mar a bhfuil `.ie' mar ainm réimse na hÉireann, bheadh sé rud beag níos fearr ná `I' amháin.


Sos ar phraghasanna tithe ag teacht?



Cé go bhfuil sé ro luath go fóill torthaí na n-athruithe is déanaí a mhothú fós ar an mhargadh tithíochta, tá na ceantálaithe agus mangairí talúin agus tithe ag tuar go bhfuil deireadh i ndán do choras ina mbeadh praghasanna na dtithe ag méadú gan srian gach bliain.

Níos luaithe i mbliana thug Rialtas Bhaile Átha Cliath rialacha nua isteach chun cabhair a thabhairt do dhaoine a bhí ag ceannacht tí don chéad uair. I measc rudaí eile cuireadh deireadh le cáin stampa ar thithe athlámh; cuireadh deireadh le faoiseamh cáin ar thithe a tógáladh go spéisialta mar infheistíocht le tabhairt amach ar chíos; ordaíodh don lucht forbartha níos mó suíomhanna le seirbhísí a sholathar agus islíodh an cháin ó 60% go 20% ar shuíomhanna nua a díoltar le haghaidh tithe. Ní mhairfidh an t-athrú deireannach sin ach ar feadh tréimhse ceithre bhliana agus tathar ag súil go meallfaidh an faoiseamh cánach seo úinéirí talúin a suíomhanna a dhíol anois, láithreach, agus brabús a dhéanamh ionas go mbeidh tuilleadh suíomhanna ar fáil. Tathar dóchasach, chomh maith, go gcuideoidh deireadh le cáin stampa ar sheantithe le daoine óga ag cuardach amach a gcéad tí nó bhí an cháin mar a bhí ina constaice ar athdhíol.

Ní fheicfear buntáiste ná míbhuntáiste na moltaí seo ar feadh tamaill eile, ach `sé an toradh atá infheicthe anois ná an t-athrú `siceolaíoch' dar le mangairí talúin. I rith an chéad ráithe den bhliain seo níor mhéadaigh praghas na dtithe ach pointe nó dó faoin chéad. Anúraidh, áfach, bhí praghasanna ag méadú gach seachtain agus bhí méadú de 33% i bpraghasanna i mBaile Átha Cliath le linn 1997. I gceantracha áirithe bhí arasáin agus tithe ag méadú suas le £1 000 gach seachtain agus i mbailte mar Ghaillimh ní raibh teach ar fáil ar níos lú ná £60 000 - ba chuma cé chomh suarach agus a bhí sé.

Tá, ar ndóigh srian fisiciúil ar bhaile cosúil le Cathair na Gaillimhe (nó Bhaile Átha Cliath) mar gheall ar an fharraige. Ciallann sé sin nach bhfasann an chathair go cothrom. Ligeann an fás aontaobhach (i dtreo Connamara ach go háirithe) do phraghasanna a mhéadú thar fóir agus déantar an fhadhb níos measa fós nuair a chuimhnítear go bhfuil an mhórchuid de Chonnamara ina Ceantar Caomhnaithe Speisialta.

I mBaile Átha Cliath tá scannal reatha ann mar gheall ar cheisteanna a bhaineann le cead pleánála agus athrú feidhme duichí éagsúla. Rinneadh go leor brabús as díol agus ceannacht suíomhanna le blianta anuas agus cé nach bhfuil sé ceangailte isteach go díreach le praghasanna na dtithe níl aon dabht ná go bhfuil suíomh beagnach chomh daor anois agus an teach a togfar air.

Ach mar a dúradh, tá comharthaí ann anois go bhfuil athrú ag teacht ar an scéal. Níl na mangairí ag fáil an líon céanna fiosrúcháin faoi thithe agus a bhí, dar leo féin agus mar gheall ar sin tá méadú suntasach le feiceáil ar líon na bhfógraí a foilsítear sna nuachtáin le haghaidh na dtithe céanna. Agus cé go bhfuil figiúirí an fórlíonaidh tithíochta i nuachtán mar an Irish Times dochreidte, uaireanta, le mílliún agus milliún go leith á chaitheadh ar thithe, tá praghas na dtithe sna ceaint ag titim, agus chomh maith le sin is minice anois go dtarraingíonn daoine siar ar `aontas' a rinne siad le teach a cheannacht ag praghas áirithe, toisc go bhfuil siad ag teacht ar theach inchurtha ag praghas níos lú i gceantar eile.

Tá difir suntasach idir méadú praghasanna anuraidh agus i mbliana. Le linn an chéad trí mhí den bhliain seo chuaigh thart bhí méadú de bhreis agus 11% ar phraghas tí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, agus 12% sa chathair féin ach i mbliana thit an ráta méadaithe go 2.3%sa tír agus níos lú ná 2% sa chathair.

Ach níl an cath thart fós, ná leath thart. Cé go bhfuil an ráta méadaithe ag cothromú, níl na praghasanna féin ag titim go fóill. Má fhanann siad ag an mullach ar a bhfuil siad faoi láthair, beidh siad ró-ard fós do go leor daoine... agus is léir le blianta go bhfuil na comhlachtaí morgáiste `flaithiúil' sa dóigh a scrudaíonn siad ioncam iarrthóirí. Tá praghas na dtithe níos airde, go coitianta, ná an suim airgid gur chóir go mbeadh lanúin óg in ann a fháil ar iasacht de réir a gcomh-ioncaim, agus bhoilscigh sé sin `luach' na dtithe níos mó fós.

Ag Ard Fhéis Shinn Féin i mbliana glacadh le roinnt moltaí a d'iarr go gcuirfí leis an líon tithe nua a thogálann Comhairlí agus Bardais gach bliain, agus go ndéanfar `banc talúin' chun cabhair a thabhairt do dhaoine nach bhfuil in ann suíomh tí a cheannacht ag praghas boilscithe an mhargaidh. Fiú má tá maolú anois ar an fhadhb - má's fíor an méid a tuairiscítear - beidh gá le banc talúin agus cabhair in aghaidh na ngnéithe is measa den mhargadh go fóill.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland