Top Issue 1-2024

7 April 2022 Edition

Resize: A A A Print

Geilleagar na Gaeltachta sa lá atá inniu ann

Iarradh orm cuntas a scríobh ar chúrsaí eacnamaíochta sa nGaeltacht inniu. Is éasca é a rá ná a dhéanamh. Tá an oiread sin éagsúlachta sa nGaeltacht ó cheantar go ceantar go dteastódh foireann taighdeoirí uait le léirmheas cruinn a thabhairt  ar an scéal ar fad.

Díreoidh mé, dá bhrí sin, ar an gceantar Gaeltachta a bhfuil mé féin i mo chónaí ann, Gaeltacht Chonamara. 

D’fhéadfá a rá le fírinne go bhfuil dhá cheantar bhunúsacha sa nGaeltacht seo; an réimse tíre atá soir le cladach ó Raidió na Gaeltachta agus na bailte fearainn atá taobh amuigh de sin.

Tá muintir Chois Fharraige ag déanamh go maith tríd is tríd. A chonách sin orthu, go deimhin. Tá fostaíocht ag a bhformhór ar lic an dorais. Ní fada uathu cathair na Gaillimhe i gcás nach mbíonn post le fáil in aice baile. Tá neart daltaí sna scoileanna.

Maidir leis an gcuid againn atá taobh amuigh de Chois Fharraige tá muid fágtha ar an bhfaraor géar. Déanann Údarás na Gaeltachta a ndícheall tionscail a mhealladh siar ach is snámh in aghaidh easa acu é. I nGaillimh,  nó taobh thoir de Ghaillimh,  is fearr leis na tionsclóiri dul i mbun oibre. Is deacair milleán a chur orthu nuair a fhaigheann siad na deontais chéanna thoir is a gheobhaidís thiar. Rialacha Aontas na hEorpa is cúis leis sin.

Gaeltacht2

Tamall ó shin bhí sé i gceist go n-aistreodh tionscal as Cois Fharraige go cathair na Gaillimhe. Dúirt daoine gurbh é an trua nár thug Údarás na Gaeltachta deontas breise dóibh le tabhairt orthu fanacht san áit a raibh siad. Níor thug mar go mbeadh sé in aghaidh rialacha Aontas na hEorpa é a dhéanamh.

An margadh uilechumhachtach a shásamh ba chúis leis. Sea, ach cén chaoi a rachadh tionsclóir thiar i Leitir Mealláin in iomaíocht le tionsclóir a mbeadh gnó aige in aice le hAerfort Bhaile Átha Cliath?

Bac mór ar dhul chun cinn sna ceantair tearcfhorbartha de Ghaeltacht Chonamara is ea an mharbhfháisc atá ag na rialacha pleanála orainn. Is léir gurb é an polasaí oifigiúil atá ann muid a thiomáint isteach chun na cathrach.

Bhí mé ar thoscaireacht chuig Comhairle Contae na Gaillimhe tamall ó shin ag iarraidh orthu eastát beag tithíochta eile a chur sa bparóiste seo. Tá dhá eastát againn cheana agus tá ag éirí go breá leo.

Is fánach an aird a thug ard-oifigeach tithíochta na Comhairle orainn. Dúirt sé linn nach gceannódh an Chomhairle acra amháin féin sa bparóiste agus nach dtógfaidís aon teach breise ach oiread. Thug sé léacht dúinn ansin ar a thábhachtaí is a bheadh sé gan a bheith ag brath ar an ngluaisteán!

Bhí an teachtaireacht soiléir go leor: Aistrídís isteach go dtí an chathair agus ceannaídís rothair.

Ós ag caint ar an ngluaisteán é,  ní chloiseann muid mórán cainte faoi na SUVanna cumhachtacha atá ag plúchadh na timpeallachta. Tugtar léachtanna dúinn faoi bhaint na móna ach fágtar cás na ngluaisteán seo marbh. SUVanna ba ea 36% de mhargadh na ngluaisteán san Eoraip sa mbliain 2018. Bí cinnte nár tháinig aon laghdú ar an gcéadchodán sin ó shin.

Níor labhair mé fós ar na ceantair atá faoi chaomhnú speisialta. Is mar gheall orthu nach bhfuil bóthar mór fiúntach amháin ag muintir na Gaeltachta seo. Diúltaíodh cead a bhairt leathnú a chur ar an mbóthar ó thuaidh as Gaillimh go dtí an Clochán agus ní cheadófar bóthar nua tríd an gcriathrach i gCois Fharraige.

Le linn dom a bheith ar Chomhairle Contae na Gaillimhe chuaigh grúpa againn ar thoscaireacht go dtí an Bhruiséil féachaint an bhféadfaí maolú a dhéanamh ar na rialacha damanta seo.

Bhí léarscáil réitithe agamsa de na ceantair chaomhnaithe atá  i gConamara. Bhí dath dubh curtha agam orthu.  Thaispeáin mé an léarscáil do na hoifigigh a bhuail linn agus d’fhiafraigh mé díobh an raibh sé cóir ná cothrom gur cuireadh sciar chomh mór sin de na ceantair chaomhnaithe sa mullach orainne i gConamara? Dúirt an t-oifigeach as an bhFrainc nach iad Aontas na hEorpa a bhí freagrach as.

“Nach sibh a d’iarr na ceantair seo?” arsa mise.

“Cinnte,” a dúirt sé, “d’iarr muid ceantair chaomhnaithe ar fud an Aontais ar fad ach is iad rialtas na hÉireann a leag síos na teorainneacha atá agaibhse.”

Marach mór eile atá ar na ceantair tuaithe ar fud na hÉireann ar fad nach bhfuil aon chóras fiúntach rialtais áitiúil againn.

Gaeltacht3

• Charlie McCreevy

Seo í an tír is lárnaí taobh amuigh den Chóiré Thuaidh. Rinne Charlie McCreevy iarracht státseirbhísigh a aistriú amach faoin tír ach ní hé sin atá riachtanach ach cumhacht agus airgead a thabhairt do na ceantair seo.

Cheapfá go dtabharfadh an rialtas aird faoi leith ar chúrsaí iascaireachta sa nGaeltacht.  A mhalairt atá ag tarlú. Féach an mhéiseáil atá ar siúl le fada faoi chalafort Ros a’ Mhíl. Bhí tráth ann a raibh na céadta fostaithe i monarcha éisc i Ros a’ Mhíl. Tá airgead geallta anois le feabhas a chur ar an gcalafort ach is le freastal ar mhuilte gaoithe amach ón gcósta atáthar á bheartú. Ní leis an iascaireacht a shamhlófar calafort Ros a’ Mhíl feasta is cosúil.

B’fhéidir go gceapfaí go bhfuil an tuairisc seo atá mé a thabhairt ró-dhuairc. An t-aon léas dóchais a fheicim do na ceantair tearcfhorbartha go bhfuil cuid mhaith daoine ag obair as an mbaile anois. Cuir leis sin nach fada go mbeidh Sinn Féin i gceannas ar rialtas na sé chontae is fiche. Cá bhfios nach gcuirfidh siad athrú ó bhun ar an gcóras ar fad.

Is rí-ghéar a theastódh sé. 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland