Top Issue 1-2024

23 October 1997 Edition

Resize: A A A Print

Truailliú George Thomas

Fuair berit Bhreatnach thábhachtach bás le déanaí, taoibh istigh de sheachtain óna chéile. Bhí duine amháin acu, George Thomas, an Bíocunta Tonypandy, i mbéal an phobail. Ní raibh raibh mórán cainte ar bhás an duine eile, Cliff Bere, ach tharlódh amach anseo go mbeidh cuimhne air nuair a bheas Thomas bocht lighte i ndearmad. Tharla gur chas an colúnaí seo ar an mbeirdh acu ag amanta éagsúla agus go ndeachaigh an bheirt acu i bhfiehdm air an bhealaí difriúla.

Mac le mianadóir ón Rhondda ba ea Thomas (a rugadh i 1909) a bhain céim ollscoile amach agus a bhí ina sheanmóirí Modhach. Agus é ina fhear óg a pholaiteoir Lucht Oibre den seandéanamh é. A mholadh atá mé. I 1936 d'eagraigh sé máirseáil ocrais ó Tonypandt go Caerdydd/Cardiff. Sna 1950í thionscain sé feachtas in éadan cíosanna talún ar thithe cónaithe, feachtas ar éirigh leis sa deireadh nuair a achtaíodh an Leasehold Enfranchismeant ACt 1966. Ar nós go leor dá pháirtí níor thuig sé an cheist náisiúnta riamh. Mar sin féin tá sé le moladh as rud amháin: d'fhoghlaim sé an Bhreatnais agus é in aois fir.

Ba tghragóid ar an dul Gréagach é mar a ghéill an polaiteoir éirimiúil idéalach seo do truailliú a thagann ón mór is fiú. Ceapadh é ina Rúnaí Stáit don Bhreatain Bheag i 1968. Faoi mar a dúirt Times Londan: ``The Investiture of Prince Charles as Prince of Wales at Caernarfon [1969] revealed him as teh closest Conservative he had always essentialy been.''

Nó nocht Thomas féin a mheon go seoigh nuair a dúirt sé: ``it was a great day for me, without snobbery at all, to be riding in the coach with teh Prince.'' Bunasíodh an searmanas ``traidisiúnta'' seo ar script a chum Lloyd George i 1911. Thomas a stiúraigh an gheamaireacht le cúnamh ó Dhiúc Norfolk agus Harry Secombe. Nárbh Iseal a thit an sóisialaí ón Rhonnda!

Nuair ab hí comharthaí bóthair dátheangacha á n-éileamh ag diereadh na 1960í - rud a baineadh amach ina dhiaidh sin - thuar Thoams go mbeadh ``carnagh'' ar na bóithre bheadh tiománaithe chomh mór sin trína chéile!

Ba mhór leis an gradam nuair a rinneadh ceann comhairle de ar Theach an dTeachtaí in Westminster. Fuair sé an post sin i 1976 mar dhuais sóláis toisc go raibh díomá air nuair nár thug Harold Wilson aireacht dó dhá bhliain roimhe sin (in ainneoin gur gheall Wilson dó go n-athchepafaí mar Rúnaí Stáit don Bhreatain Bheag é). Níorbh fhada go raibh feisirí Pháirtí an Lucht OIbre ag gearán go mbíodh sé claonta i bhfabhar na dTóraithe.

Nuair a labhair mise leis i 1981 faoi na stailceanna ocrais ó thuaidh ní raibh spéis dá laghadh aige san ábhar: b'fhearr leis insint dom faoi mar anr léigh sé an ceacht ag pósadh Charles Windsor agus Daina Spencer in Ardeagl;ais Phóil, Londain, mí roimhe sin.

Bíodh sé ag rá le cách gurbh í an Bhreatain Bheag ``the next Ulster'' dá mbeadh cead a gcinn ag náisiúnaithe san tír sin. Mar cheann comhairle a bhí ag éirí as i 1983 d'fhéadfadh sé a bheith ag s´yuil le tiarnacht saoil ach chuaigh Margaret Thatachter níos faide. Rinne sí tiarna oidhreachtúil de féin agus Willie Whitelaw ar an lá céanna. Titeann an teideal ar lár ón ni fhág sé sliocht. Níior phós sé riamh agus chaith sé an chuid is mó dá shaol ina chónaí lena mháthair, bean dhiongbháilte ar a bealach féin a raibh cáil uirthi ar fud an Rhondda mar ``Mam Thomas''. Bhíodh an mac ag stocaireacht go poiblí in aghaidh an óil go dtí go bhfuair Mam bás i 1972. Ansin in aois a 63 d'éirigh sé ceanúil ar an mbraon fuisce.

Ní bhíodh ach an drochfhcoal aige do Harold Wilson, Jaems Callaghan agus Michael Foot sna blianta deireanacha dá shol mar is léir óna dhírbheathaisnéis George Thoams, Mr Speaker (1985). Ní mó ná sásta a bhí an-cuid de bhaill Pháirtí an Lucht Oibre leis an leabhar céanna.

Anuraidh d'fhógair sé a thacaíocht do Pháirtí an Reifrinn agus labhair sé ar aon ardán le James Golsmith.

Bhí sé ina uachtarán ar an bhfeachtas ar son ``Na'' (i.e. in éadan comhthionóil Bhreatnaigh) i refireann an 18 Meán Fómhair. Ba chrann taca é don impiriúlachas ag direadh a shoail.

Agus Cliff Bere? Cérbh é siúd? Faoi mar a dúirt Jimín Mháire Thaidhg tráth dá raibh, tá barr an leathanaigh seo lán. Fillfidh mé ar scéal Bere an tseacthain seo chugainn.

Colm de Faoite


Seoladh Leabhar


I measc na n-imeachtaí `cultúrtha' a tharla le linn Slógadh Shin Féin i mblian, seoladh leabhar nua, Bánú Phartraí agus Thuar Mhic Eádaigh, le Pádraig Ó Láimhín. Níorbh fhéidir leris an údar féin bheith i láthair don tsaeoladh, ach labhair Párdaig Ó Snodaigh, foilsitheoir an leabhair, leis an tslua, á moladh an fhoileacháin, a scrúdaíonn impleachtaí an Ghorta ar dhúiche bheag Gaeltachta i gCúige Chonnachta.

Leabhar taighde, nó leabhar ag éirií as tréimhse taighde do chéim MA atá ann sa leabhrán seo, agus luíonn an t-údar a chlár agus a chuspóir amach romhainn mar `iniúchadh a dhéanamh ar dhúiche bheag Gaeltachta amháin i ndiaidh an Ghorta féachainty cad é an saol a bhí acu, múnlaithe ag a n-oidhreacht, a stair agus a dtimpeallacht, crann taca a gcultúir is a dteanga mar a thuigfeadh an tAthair Peadar é'.

Ach níor chóir go mbeadh aoinne ag brath ar leabhar `trom' ná tiúbh ná fada - `séard atá ann ná timpeall caoga leathanach ón údar seo atá ina oide le stair i gColáiste na gCaipisíneach, Corcaigh, agús cé gur staraí é ní stair tirim túr atá faoi chaibidil aige. Déanann sé iarracht scéal a insint don léitheoir, agus déantar sin i stíl inléite, agus é ag brath ar fhoinsí comhaimseartha agus bolscaireacht ón am.

Líonann an leabhar `bearna' de shaghas éigin, nó mar a deir an t-údar féin, gur scríobhadh dhá leabhar eile faoin abhár roimhe seo, ach gur `leabhair bholscaireachta' a bhí iontú: leabhar amháin leis an Athair Pádraig Lavelle The Irish Landlord, ( a scrúdaigh iompaitheoireacht agus drochiompar tiarnaí talún) agus leabhar `frithbholscaireacht' Doings in Partree ( a scríobhadh faoin ainm cléite Lex, leis an Tiarna Easpaig Pluincéad.

Agus ní fíor, dar leis an údar, gur dhrochdhaoine iad na tiarnaí talún go léir. Luann sé cás George Henry Moore, tiarna talúin a dheileáil go fial agus go carthanach leis na tionóntaigh a bhí ag íoc cíosa leis. Agus d'fhulaing dá réir: `D'admahigh muintir Bhaile an Tobair.. go ndearna More a dhícheall dóibh... ach má rinne sé íobairtaí ar a son ba dhona go leor an toradh ar staid an eastáit. Ó 1845 amach theip glan air ús ar bith a íoc ar na morgáistí agus na fiacha eile. Dá bharr san baineadh cúram an eastáit de, agus cuireadh é faoi chúram ghlacadóra Chúirt na Seansaireachta....'.

Ach má bhí an corr tiarna talún maith ann, bhí tuilleadh a bhí míthrocaireach agus craosach don talún faoi chosa a dtionóntaithe. Luann an t-údar cás an Tiarna Easpaig Pluincéad: `Cheannaigh Pluincéad an sealúchas, ceithre bhaile fearainn san iomlán, agus cheannaigh a dheirfiúr dhá bhaile fearainn eile. Ós rud é gur lonnaitheoirí formhór na dtionóntaithe, fuair an Tiarna Easpaig ordú cúirte leis an ruaig a chur orthu....'.

Leanann an t-údar ar aghaidh leis an scéal, agus na himpleachtaí don dúiche don fíche bliain ina dhiaidh sin, agus, mar a dúirt, is scéal a insíonn sé in ionad firicí fuara neamhphearsanta. `Sé seo an saghas comóradh gur chóir bheith déanta in achan cheantar, go dtuigfidh daoine cá as a tháinig a gcultúr, agus a gcúlrá. Ba fhiú a thaighde, is fiú a leabhar.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland