Top Issue 1-2024

13 February 2017 Edition

Resize: A A A Print

“An Gaoltacht”

• Leathanach tosaigh ó iris na bpríosúnach poblachtach i bPort Laoise An Trodaí

Eamonn Ó Nualláin, Dessie Ellis TD agus Gearóid Mac Ádhaimh ag plé labhairt na Gaeilge sa príosúin

 LABHAIR iar-phroisiúnaigh a bhí páirteach sa “Gaoltacht” – an leasainm a thugtar ar an phobal lán-Ghaeilge a d’eascair sna príosúin i rith thréimhse na coimhlinte – mar gheall ar an seal a chaitheadar ann. Bhí an lucht féachana a bhailigh i Seomra Pháirtí Shinn Féin ‘gafa’ ag an méid a bhí le rá acu i rith na hócáide a bhí eagraithe ag Sinn Féin Ghaeilge. 

Cathaoirleach Shinn Féin Bhaile Átha Cliath Éamonn Ó Nualláin, an Teachta Dessie Ellis agus Uachtarán Shinn Féin, an Teachta Gearóid Mac Ádhaimh a bhí mar aoichainteoirí a chuir an slua ann faoi dhraíocht. Bhí an Seanadóir Niall Ó Donnghaile mar fhear an tí an oíche úd. 

Ba ghluaiseacht shuntasach í an Gaoltacht a bhunaigh Gaeltacht i measc phríosúnaí poblachtacha fad is iad faoi ghlas. Ón gCampa Géibhinn Frongach a d’eascair sé agus thosaigh glúnta de phoblachtaigh ag teagasc agus ag spreagadh a chéile le hathbheochan na Gaeilge a chruthú fhad is a bhíodar sa phríosún. Bhí an oiread sin cáil ar an Gaoltacht, go ndearnadh léiriú air sa scannán Hollwood ‘Blown Away’ a thaispeánann na príosúnaigh, Tommy Lee Jones ina measc, ag labhairt na Gaeilge ag tús an scéil. 

Le dúshlán a thabhairt in aghaidh cos ar bolg le lámh láidir a d’fhoghlaim na cimí an teanga. Ba dhearbhú a féiniúlachta agus oidhreachta é. Spreagadh daoine chun an Ghaeilge a úsáid, mar theanga bheo, agus nuair a scaoileadh saor na príosúnaigh scaipeadar an grá don teanga le spiorad is le fuinneamh go dtí na ceantair sin inar oibrigh siad agus inar chuireadar fúthu. 

pg28-1

•  Slua mór ag freastal ar an chaint i seomra páirtí Shinn Féin agus ag léirsiú ar son na Gaeilge ag geataí Theach Laighean

Dessie Ellis

pg28-2

Bhí Dessie i bpriosún i bPort Laoise ón mbliain 1983 -1989.

“Nuair a tháinig mé go dtí an príosún ar dtús bhí náire orm toisc nach raibh mórán Gaeilge agam ón scoil. Bhí an-chuid daoine ag foghlaim na Gaeilge. Bhí ranganna de ghach saghas sa phríosún - Fraincis agus Spáinnis freisin. Tháinig múinteoirí isteach ón dtaobh amuigh chun ranganna a mhúineadh. Urlár uimhir a ceathair is ea an áit ar labhraíodh Gaeilge. 

Thóg an Teachta Ellis sean-chóip den iris ‘An Trodaí’ a d’eagraigh na príosúnaigh chun na cainte leis. Bhí iris ar fáil i nGaeilge ann freisin. 

“Bhí an t-atmaisféar go dona babhtaí - bhí oifigigh ann ag iarradh na príosúnaigh a bhriseadh. Bhídís ag teacht isteach gach am den lá ag déanamh cuardach agus ag cur isteach ar na príosúnaigh.”

Ach níor laghdaíodh spiorad na bpríosúnaithe. 

“Bhíodh seisiún de gach saghas sna cillí - bhíodh scéalta, amhránaíocht agus ceachtanna go rialta ann sa ‘rec’ - (seomra sosa). Bhí uair don Ghaeilge gach lá agus bhí an-chraic ann. Bhí gach duine ag déanamh a seacht ndícheall teacht le chéile.”

Chuir Dessie focail agus nathanna cainte suas ar na ballaí. 

Eamonn O Nualláin

pg28-3

Bhí Éamonn Ó Nualláin i bPriosún Phort Laoise ón bliain 1982-1995. 

‘Bhunaigh Jim Monaghan an Gaoltacht i 1982 i bPort Laoise. Cé go raibh Gaeilge ann sna cillíní bheifeá ag meascadh le cimí gan Ghaeilge freisin - sa chlós mar shampla. Sna H-Blocanna ní rabhadar ag meascadh leis na príosúnaigh eile - Gaeilge a bhí ann fiche uair sa lá. 

 “Rinneamar Gaeilge a úsáid sa ghnáthshaol. Rinneamar drámaíocht, díospóireachtaí - bhíodh oíche cheoil agus léachtanna againn. Bhíodh dráma againn um Cháisc agus ceolchoirm na Nollag. Spreag siad daoine chun an Ghaeilge a labhairt - seachas a bheith ag tabhairt amach nó ag labhairt faoin dteanga féin. Bhaineamar taitneamh as an teanga a fhoghlaim agus a úsáid.” 

Gearóid Mac Ádhaimh

pg28-4

Bhí Gearóid Mac Ádhaimh i gCampa Géibhinn na Ceise Fada idir 1972-1976 agus chaith sé seal sna H Blocanna sa bhliain 1978. 

“Bhí níos mó Gaeilge le cloisteáil sna Blocanna H ná in aon áit eile. Bhí bothán Gaeltachta ann le Séanna Walsh, Gerry Mooney agus Bobby Sands. Mhúin Proinsias McGurk, a bhí i ngéibheann sna daichidí agus na caogaidí, Gaeilge do Bobby. Ba cheoltóir iontach é Proinsias agus fíor Ghaeilgeoir a bhí ann. Dónal Mac Billín a mhúin an Ghaeilge dom. 

“Bhí pobal Gaeilge ann i gcónaí i mBéal Feirste - agus nuair a tháinig na leaids amach agus iad i mbun oibre - sna scoileanna agus mar sin, thugadar leo an spiorad a bhí ann linn na stailce ocrais - bhí an áit ag pléascadh leis an nGaeilge.”

Leanadh leis an teagasc lasmuigh de bhallaí an phríosúin. Luadh mana Bhóthar Seoige “ná habair é, déan é” go minic le linn na cainte. 

Ba cheart an dearcadh sin a bheith ag gach aon duine.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland