Top Issue 1-2024

13 February 2017 Edition

Resize: A A A Print

Tá stoirm ag teacht

Níl ‘fhios agm ar mhaith leis an pháipéar seo ach seo é

D’FHREASTAL mé ar chruinniú ar 7 Eanair, i gCumann na Meirleach, Bóthar na bhFál. Cúige Uladh Plus a bhí ann agus thart ar 500 againn i lathair. Ní chruinniú fuarasta a bhí againn os rud é go raibh go leor fearg sa seomra. Is dócha gur meascán de neart gnéithe den straitéis s’againn le roinnt blianta anuas a ba chúis leis an fhearg. Ceart go leor, tháinig achan rud chun tosaigh mar gheall ar an scanal a d’éirigh ón DUP agus RHI, ansin an ‘stunt’ le Líofa ach téann sé i bhfad siar air sin. 

Ón chéad lá a chuaigh muid isteach san Fheidhmeannas leo bhí an DUP, no eite de, ag troid cogadh ‘rearguard’. Gach uair agus gach seans a bhí acu rinne siad a bheag de agus ionsaí acu ar chultúr, ar fhéiniúlacht ach go háirithe ar theanga na hÉireann. 

Is comhartha é seo den easpa muiníne atá insan phobal s’acu ó thaobh an todhchaí de, agus is cinnte gur fhás sé as an mheoin cóilíneach a d’fhoghlaim siad ó na Sasanaigh. Ach bhí sé deacair glacadh leis. Cosúil leis an lucht Apartheid san Aifric Theas, no ‘The Good Ol’ Boys’ sna stáit i ndeisceart SAM, níl meas mhadaidh acu ar mhuintir s’againn, an phobal náisiúnach ‘is poblactach sa chuid seo tíre. 

Tá barraíocht ráite, cuirim i gcas i dtaca leis an pholasaí athmhuintearas s’againn agus is cinnte go gcaithfear leanúint leis sin. Ach ní stádfar tromaíocht agus muid ag íoc lucht ár dtromaíochta an t-am ar fad.

I meon an DUP “Equality is a foreign country”. Ní thuigeann siad comhionnanas, níl siad sásta feidhmiú leis ag croí-lár chaidrimh s’acu linn.

Cá háit a bhfágann sin muid, mar sin? Bhuel, beidh toghchan againn i Mí Márta. Ní chreidim féin go socrófar rud ar bith leis an toghchan seo. Ní fheicimse feidhmeannas ná tionóil fiúntach ag teacht amach as, sa ghearr tréimhse. Imo bharúil, tá gá le tréimhse san fhuacht, gan chumhacht ag an DUP. 

Caithfidh siadsan foghlaim nach dtig leo fiú a dtóin a scríobadh gan cead uainn. Caithfidh lucht s’againn pilleadh do na sráideanna. Caithfear glúin úr-nua foghlaim gur pháirti feachtasaíocht a bhí ionainn agus mura mbíonn dream ar bith sásta cothrom na féinne a ghéilleadh dúinn, troidfidh muid fána choinne.

Tá gach seans go bhfuil tréimhse na n-institiúidí seasmhach críochnaithe agus blianta suaiteachta romhainn. Ach ag deireadh thiar thall, tá muid ag druidim ar ré cinniúnach i saol agus i stair na tíre seo . . .

Tá an stoirm foirfe ag teacht, bímís réidh dó.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland