Top Issue 1-2024

1 December 2015 Edition

Resize: A A A Print

Níl na comhairli saor ó olc ach an oiread

TÁ COMORADH le déanamh ag an stát ar 1916, ach go drogallach e don chuid is mó.

Tá faitíos ar lucht rialaithe na tire gur b é na poblachtánaigh amháin a dhéanfadh comoradh dá bhfanfadh an stát ar leataoibh, cé gur léir go mb’fhearr leó i bhfad móradh a dhéanamh orthu siúd a fuair bás ar son na himpireacht ná orthu siúd a throid ina haghaidh.

Ach tá comóradh le bheith ann mar sin fhéin.

Céard tá le comóradh, ámh?

Bhí gluaiseacht na Gaeilge go laidir i lár na gluaiseacht le dúshlán a thabhairt don impireacht Bhreataineach. Go deimhin bhí ról chómh lárnach sin ag Conradh na Gaeilge san Éirí Amach nach féidir é a shamhailt gan lucht na Gaeilge.

Agus le cinntiú go ndéanfar i gceart é (mar dhea) tá aire gan Gaeilge agus aire stáit ar bheagán ghaeilge freagarthach as an gcomóradh oifigiúil.

Nach náire é. Nach masla é.

Caoga bliain ó shoin bhí comóradh eile ar 1916, agus thainig scata gaeilgeóirí le chéile le ceist a chur faoin gcomóradh.  Comóradh na n-ocastóirí a thug Máirtín Ó Cadhain agus Misneach ar an gcomóradh oifigiúil.

Inniu tá an scéal níos measa, seacht n-uair.

Rinneadh cur i gcéill tá caoga bliain ó shoin faoin nGaeilge, ach anois níl aon aird dhá tabhairt uirthi.

Mar shampla, tá clár foilsithe ag amharclann na Mainistreach agus sraith drámaí le cur ar an stáitse acu a bhaineann leis an Eirí Amach.

Rinneadh gearan laidir faoin gclár seo ar an údar nach raibh aon dráma scríofa ag bean ar an liosta.  Gan dabht ar bith tá údar maith leis an ngearán seo, mar ta se scannallach ról na mban i lorg na saoirse a fhágail as.

Ach tá sé chómh scannallach céanna nach bhfuil aon drama Ghaeilge ar an liosta; agus níos scannallaigh nach raibh aon ghearán faoi sin sna meáin mhóra.

Thosaigh forógra na Poblachta le éileamh ar Fhír agus Mná (agus Mná) na hÉireann, agus is masla don Éirí Amach dearmad glan a dhéanamh dá ról siúd. Amhail nach cuid den naisiún úr iad na mná.

Agus bhí áit lárnach ag athbheóchain na Gaeilge in eagraíocht an Eirí Amach.

Má fhágtar ar lár é ní léirítear ach dímheasdo laochra na staire.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland