Top Issue 1-2024

1 December 2015 Edition

Resize: A A A Print

Cearta, comhoibriú, agus feachtasaíocht

An Ghaeilge – ó thuaidh ó dheas – Cé a dhéanfaidh a meas?

• An Seandóir Trevor Ó Clochartaigh agus comrádaithe i ndiaidh imeacht Shinn Féin ag Oireachtas na Samhna

Tá gá le comhoibriú i measc Earnáil na Gaeilge agus le feachtasaíocht as a measc siúd atá ag iarraidh cás níos fearr a chruthú ar son na Gaeilge

TÁ SCÉAL mór á dhéanamh de staid reatha na nGaeltachtaí le tamall fada anuas. Tá tuairisc i ndiaidh tuairisce á cur os ár gcomhair nach bhfuiltear ag éirí le Straitéis 20 Bliain an rialtais ó dheas. Ní rún ar bith é ach an oiread nach bhfuil na páirtithe aontachtacha toilteanach glacadh le hAcht na Gaeilge sa chomhtionol, ó thuaidh. Cé gur aontaíodh Acht 

Ní ionann a bhfuil scríofa thuas agus cailleadh na troda, ar ndóigh. Mar sin féin, caithfear an cheist a chur - cad é an chéad chéim eile don Ghaeilge? 

Is é ar bhonn na ceiste sin a reachtáil Sinn Féin sraith de chruinnithe agus de phléanna ar na mallaibh. 

Ag cruinniú a reachtáil an páirtí i gCarn Tóchair i gContae Dhoire, le ceanneagrais agus le grúpaí Gaeilge, ag an phlé painéil ‘Ról an Stáit agus Ról an Phobail’, ar imeall na féile móire ag Oireachtas na Samhna, agus ag Slógadh Shinn Féin ar an Iúr ag deireadh mhí na Samhna – ba díol suntais é go raibh gné leanúnach coitianta le cloisint ag gach aon díospóireacht – tá gá le comhoibriú i measc Earnáil na Gaeilge agus le feachtasaíocht pobail as a measc siúd atá ag iarraidh cás níos fearr a dhéanamh ar son na Gaeilge.

Ní deireadh, ach tús an scéil cearta dlíthiúla agus Acht na Gaeilge ó thuaidh agus reachtaíocht cheart i leith Bhille na dTeangacha Oifigiúla ó dheas. Bíodh sin mar atá, bunchlocha sochaí is ea cearta agus comhionannas. Bunchlocha a chaithfidh an rialtas a chinntiú, chun freastal ar riachtanais a saoránach féin. 

pg13-1

• An Fhoireann Uile-Oileánda ag bualadh lena chéile i dTeach Laighin: An Comhairleoir Niall Ó Donnaighle, Aengus Ó Snodaigh TD, An tAire Carál Ní Chuilín, Marcas Mac Ruairí, Mary McArdle, Rosie McCorley CTR, Rosie Ní Laoghaire, An Seandóir Trevor Ó Clochartaigh, An Comhairleoir Donnchadh Ó Laoghaire agus Cathal Ó hÓisín CTR

Ní cearta iad cearta nach bhfuil luach agus seasmhacht ag gabháil leo. Níl ceart reachtúil ar bith ag an Ghael ó thuaidh, agus ní ach cearta in áit na leathphingine atá aige/aici ó dheas. Cad é atá i ndán don teanga agus don saoránach má bhíonn rialtas, nach bhfuil suim acu i riachtanas saoránach, i gcumhacht arís agus arís eile?

Tá ceachtanna le foghlaim againn ónár dtaithí ó thuaidh agus ó dheas. Caithfidh na Gaeil a nglór a ardú agus ár dtuairimí a thaispeáint ar dhóigh chruthaitheach, dhearfach ach láidir. Tá na Gaeil fós Dearg le Fearg.

• Beidh An Phoblacht ag foilsiú sraithe d’altanna sa bhliain úr a rachaidh i ngleic leis na téamaí tromchúiseacha seo a bhaineann le ról an stáit agus ról an phobail. Más maith leat alt a chumadh I leith dul chun cinn na teanga nó i dtaca le Ról an Stáit agus Ról an Phobail, bí i dteagmháil le Johnny [email protected] nó @SinnFeinGaeilge Twitter/Facebook

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland