Top Issue 1-2024

1 December 2013 Edition

Resize: A A A Print

Caithfear aitheantas iomlán a éileamh don Ghaeilge san AE

Cinneadh le déanamh go luath ag an Rialtas, ach iad doiléir faoina seasamh go fóill

Tá faitíos orm go mbeidh gá le feachtas ‘Stádas’ eile ó phobal na Gaeilge chun cearta Gaeilgeoirí a bhaint amach go h-iomlán san AE

BHÍ RÍMÉAD agus bród ar Ghaeil ar fud na cruinne ar an 1 Eanáir, 2007, nuair a tugadh aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. Bhí dóchas ann an t-am sin go gciallódh sin ardú stádais don teanga go h-idirnáisiúnta, rud a thabharfadh meanma breise don Ghaeilge in Éireann chomh maith.

Bhí feachtas mhór pobail ar siúl roimhe sin, ar ar tugadh ‘Stádas’, chun an beart a dhéanamh agus tuigeadh ar dtús go mbeadh gá le socrú eatramhach le go ndéanfaí oiliúnt ar lucht aistriúcháín agus ateangaireachta chun freastal ar an éileamh a bheadh ann sna h-institiúid Eorpacha. Chuige sin d’iarr Rialtas na hÉireann ‘maolú’ ar an riachtanas ag leibhéal na hEorpa. Chiallaigh sin nach mbeadh le fáil ach seirbhísí teoranta ó thaobh aistriu ar cháipéisí faoi leith, córais teoranta aistriúcháin agus mar sin de ar feadh tamall. Ach, ní raibh sé i gceist go mairfeadh an socrú sin chomh fada seo.

Cuireadh síneadh breise cúig bliana leis an maolú i 2012, go deireadh 2016. Is fada an píosa uainn é sin. Cén fáth an bhfuil mé ag tarraingt an ábhar seo anuas ag an bpointe seo mar sin? Bhuel, tuigeann muid chomh mall is a oibríonn meicníochtaí an Aontais. Má tá an maolú le cur ar ceal ag deireadh 2016 caithfear céimeanna dearfacha a thógáil san idirlinn le seo a fheidhmiú.

Ní mhor don Rialtas a chuir in iúl go neamhfhoirmeálta don AE go bhfuil futhú deire a iarradh ar an maolú go luath i 2014. Nuair a tharlóidh sin tosófar ar an obair chun an fhearas a ullmhú agus pearsanra a earcú agus a oiliúint in am do sholáthar na seirbhíse iomlán ag tús 2017. Tógfaidh sé seo an méid sin ama de bharr rialacha agus nósanna imeachta earcaíochta an Aontais.

Chuir mé ceist sa Seanad ar Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, le laethanta beaga anuas, cén uair a bhí sé i gceist ag an Rialtas iarradh ar an Aontas deireadh a chuir leis an maolú agus is beag misnigh a thug sé dom ina fhreagra.

Tuigtear dom go bhféadfadh suas le dhá chéad post a bheith i gceist leis seo, gan costas ar bith ar an Stát anseo. Tá muid ag íoc isteach cheana féin i gciste Eorpach a chuireann na seirbhísí seo ar fáil. Ní bheidh aon maoiniu breise ag teastáil ó Statchiste s’againne chuige.

Le riar blianta tá suas le dhá chéad caoga duine oilte sna scileanna teanga cuí agus beagnach dhá chéad aitheanta ag córas clárúcháin Foras na Gaeilge do na réimsí seo. Mar sin, tá fórsa oibre ar fáil. Fiú muna bhfuil an líon ar fad atá de dhíth ann, d’fhéadfaí sampla muintir Mhálta a leanúint. Ní raibh dothain foirne acusan ach an oiread, mar sin cheannaigh siad roinnt seirbhísí ar chonradh isteach chun freastal ar an éileamh go dtí go mbeadh dothain daoine cáilithe.

Is gá don Rialtas anseo cinneadh a ghlacadh tar éis na Nollaig go bhfuil siad chun brú ar aghaidh agus deireadh a chuir leis an maolú. D’iarr mé ar an Aire McGinley an bhfuil sé chun comhairle a chuir ar an Taoiseach le seo a dhéanamh agus dhiúltaigh sé sin a dhearbhú – rud a chuirfeadh imní orm. Tá sé 6 bliana ó baineadh an stádas amach. Faoin am a mbeadh na seirbhísí ar fad le cur i bhfeidhm i 2017 bheadh naoi mbliana déag imithe. Muna bhfuil Aire na Gaeltachta ag brú go láidir ag an bpointe seo gur cheart a leithéad a dhéanamh, cé eile atá chun é a dhéanamh?

Tá faitíos orm go mbeidh gá le feachtas ‘Stádas’ eile ó phobal na Gaeilge chun cearta Gaeilgeoirí a bhaint amach go h-iomlán san AE. De réir an Aire tá ‘plé leanúnach’ ar siúl leis na daoine leasmhara . Beidh plé ag an gCoiste Rialtais ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ar an ábhar san athbhliain – ach d’fhéadfaí cinneadh a chuir ar an mhéar fhada, mar i dtuairim an Aire ní gá cinneadh a ghlacadh go dtí níos déanaí.

Ní hé go bhfuil mise ag iarraidh Gaeilgeoirí na tíre a dhíbhirt chun na Mór Roinne ar thóir oibre ach, tá suas le dhá chéad post i gceist anseo ag ardleibhéil, a thabharfadh aitheantas idirnáisiunta don teanga agus mar thoradh ar sin bheifeá ag súil le h-ardú aitheantais anseo sa mbaile. Ach, cé bheadh muiníneach as Fine Gael agus an Lucht Oibre leis an rud ceart a dhéanamh i dtaca leis an nGaeilge?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland