31 March 2013 Edition
Iachall stáit le airgead a ghoid
BHÍ NÓS ag muintir na tuaithe tráth, go háirithe ag seandaoine, a gcuid airgid a choinneáil sa mbaile, thíos faoin leaba is mar sin. Bhí an nós ann toisc nach raibh aon trust acu sa bainc nó taisce ar bith a mbeadh fáil ag an rialtas air.
Tugann scéal na Cipre le fios dóibh ar ndóigh go raibh an ceart acu, mar bhí an Tríúracht ag pleanáil goid mhor ar airgead ghnáthmhuintir na tíre sin.
Ach ní gá dúinn dul thar sáile le samplaí a fháil.
Sa mbaile tá sé i gceist ag rialtas Fhine Gael/Labour airgead a bhaint de chuntais bhainc le cáin maoine a íoc. Ní cáin maoine atá ann go firinneach ar ndóigh, ach cáin ar áiteachaí cónaithe.
Agus toisc go bhfuil an oiread sin cur i gcoinne na cánach míchothrom seo tá plean ag an rialtas an t-airgead a bhaint ó dhaoine i n-aghaidh a dtola, tre ruathair ar a gcuid cuntais bhainc, nó ar a gcuid pinsin nó ar a gcuid íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Nach ait mar sin féin nach féidir leó aon rud den chineál seo a dhéanamh le airgead a fháil ó dhaoine saibhre a sheachnaíonn cáin tré bheith ina gcónai thar lear nó eile.
Tá cor eile sa scéal ámh, a léiríonn cruatan an rialtais maidir le gnáth oibrithe i gcomparáid lena gcáirde sa gcoras polaitíochta (tá comhairle dlí ann nach féidir cur isteach ar phoinsin iarpholaiteóirí) nó sa gcoras bancaerachta (ta tuarastail rí-árda á n-íoc fós dona bancaeraí is sinsearaigh.
Dlí amháin dóbhsean, sea. Ach dlí eile do oibre poist.
Bhí ar fhear amhain ata fostaithe mar thiománaí ag an bPost athnuachain a dhéanamh ar a cheadúnas. Ach dhiúltaigh Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath an ceadúnas nua a thabhairt dó go dtí gur íoc sé céad euro i dtaobh an mhuirear teaghlaigh.
Bhí scéal ann anuraidh go raibh comhairlí eile ag iarraidh deóntais tríú leibhéil a dhiúltú mura raibh an muirear teaghlaigh íoctha, ach ní féidir le oibrí tiomána a job a dhéanamh gan an ceadúnas tiomána.
Is céard tá le rá ag Pairtí an Lucht Oibre faoi seo, an páirtí a mhaíonn gur oidhrí Shéamuis Uí Chonghaíle iad? Cosnaíonn siad na bearta seo!
N’fheadar céard a déarfadh an Conghaileach féin faoi.