Top Issue 1-2024

31 March 2013 Edition

Resize: A A A Print

Ag titim i ngrá linn féin agus an Ghaeilge

An Phoblacht, April 2013, Sinn Féin, Slógadh Bhéal Feirste

• Díospóireacht sa Cheardlainne

CAITHFIDH mé rá go bhfuil muintir Bhéal Feirste chomh grámhar, dearfach, stuama agus díograiseach maidir lena an gcur chuige i leith an Ghaeilge.

Cuireadh fáilte mór romhamsa agus gach duine a d’fhreastail ar an Slógadh ag tús Mí Marta. Is léir go bhfuil meas agus grá acu ar ár dteanga dúchasach ach tá níos mó ná sin i gceist. Déanann siad an iarracht í fhoghlaim agus a chleachtadh, eagraíonn siad ranganna as a stuaim féin agus freastalaíonn siad orthu.

Tá Líofa ag imeacht ó neart go neart agus ní tharlaíonn sé sin gan tiomantas. Ba bhreá liom rá libh go raibh na céadta ag freastal ar an Slógadh ach is baolach go  mbíonn an fhírinne searbh agus ní raibh ann ach slua beag. É sin ráite, tuigeann an Corcaíoch seo an costas atá i gceist le taisteal chuig na hócáidí seo agus, go háirithe le cúrsaí eacnamaíochta chomh lofa sin, tá sé deacair gach trá a fhreastal agus mar sin táim thar a bheith buíoch dóibh siúd a dhein an iarracht páirt a ghlacadh sa Slógadh.

Tar éis dúinn clárú ar an Aoine, bhí tráth na gceist againn. Bhí na ceisteanna deacair a dhóthain agus táim fós den tuairim go raibh cúpla turas go dtí ‘Google’ ar siúl ag na buaiteoirí.

page 13 dRosie McCorley agus Carál Ní Chuilín le póstaer Seachtain na Gaeilge ag Slógadh

Gan dabht, caithfidh mé a admháil go mbím fhéin ag iarraidh buachaint i gcónaí agus dá mbeadh sé ar mo chumas ‘google’ a úsáid, bí cinnte go mbeinn faoin bhord ag lorg na freagraí. Bhí seisiún breá bríomhar ceoil i gCumann na Meirleach againn, an suíomh ina raibh na himeachtaí go léir ar siúl agus oíche réasúnta luath cé go dtuigim go raibh roinnt daoine ag baint taitneamh as ‘cocktails’ ildathach.

Gach seans go raibh buaiteoir tráth na gceist ina measc . . . ahem.

Bhí ceardlann thar a bheith spéisiúil agus cabhrach maidir le Gaelú an Pháirtí agus bhí go leor moltaí úsáideach agus tuairimíocht chun daoine a mhealladh i dtreo Gaeilge a úsáid go laethúil.

Gan dabht san fhadtéarma, dar liom fhéin agus go leor eile, an cliabhán is ea an tús is fearr. Tá sé níos fusa ar tuismitheoirí gan Gaeilge ó dhúchas í a fhoghlaim trí bheith ag leamh scéalta beaga dá bpáistí agus ag déanamh an obair baile leo níos déanaí.  Gan amhras, níl an phribhléid seo ar fáil do gach duine gan scoileanna Gaeilge. Bíonn gá le iarracht i bhfad níos mó agus múna bhfuil páistí agat ní dhéanfaidh sé seo aon difríocht duit. Mar sin, múna bhfuil grá agat don teanga sa chéad áit, tá sé ana dheacair daoine a mhealladh chuici. Ceann do na moltaí a cheapas  fhéin go raibh go hiontach ná freastal ar ranganna ach ní ar ranganna Gaeilge — ranganna nó ceardlainne ar rud éigin gur maith leat ach an rang a bheith múinte as Gaeilge. Déanann sé seo ciall mar gan dabht níl tú ag eirí sáite le foghlaim na teanga féin. É sin ráite, tá plean náisiúnta curtha le chéile agus is gearr go mbeidh sé á chur i bhfeidhm. Céim ar chéim, diaidh ar ndiaidh, tiocfaidh feabhas ar Ghaelú an Pháirtí ach beidh ar gach duine freagracht agus úinéireacht a thógaint ar a dteanga féin.

page 13 b•  'Gaelú an pháirtí'  le  Gerry Adams

San iarnóin, bhí caint thar a bheith suimiúil againn uaidh Linda Irvine faoin ghrá atá aici fhéin don Ghaeilge agus thug sí léargas ana mhaith dúinn ar an borradh agus forbairt atá ag teacht ar i measc na Dílseoirí. Is léir go raibh buairteanna ann i dtaobh an teanga bheith in úsáid ag na poblachtánaigh mar ábhar polaitiúil ach de réir a cheile, tá an fhiosracht agus an grá don teanga ag buachaint ar aon tuairimíocht polaitiúil. Gan dabht, beidh sé seo níos easca a chreidiúint nuair a bheidh comharthaí Gaeilge le feiceáil agus seirbhísí Gaeilge ar fail do chách san sé Chontae.

Bhí an príomh-chaint againn ansin leis an scríbhneoir Michael Harding mar aon le Micheal Ó Domhnaill agus Janet Muller. Bhí éagsúlacht ann agus labhair Michael Harding ar an tuairim go bhfuil sé in am dúinn titim i ngrá leis an teanga agus titim i ngrá linn féin. Labhair sé faoi an tionchar a bhí ag an reiligiún agus talmhaíocht ar ár bhféiniúlacht.

Bhí Peadar Tóibín TD  ina chathaoirleach thar barr agus mhúscail an caint faoi féiniúlacht suas níos mó ceisteanna gan freagairt agus is léir gur ábhar é go bhfuil smaointe láidir ann faoi. An t-aon locht a bhí leis ná nach raibh dóthain ama againn — deá chomhartha.  Is baolach go raibh an ceilidh curtha ar ceal de bharr easpa rinceoirí,  agus faoin tráth seo, bhí tart orainn agus bhogamar go dtí Maddens — seisiún iontach ceol, comhluadar thar barr agus cúpla pionta maith tuillte ag an Chorcaíoch seo lena dheartháireacha agus deirfiúracha ó Thuaidh.

Buíochas ó chroí le Jackie McMullan agus Barry McColgan a dhein éacht.   Díbhse nár ghlac páirt, tá bliain agaibh chun slacht a chuir ar bhur cúpla focal agus tosú ag bailiú na pinginí le cheile chun freastal ar an chéad Slógadh eile.

page 13 cCarál ag caint le Linda Irvine

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland