Top Issue 1-2024

3 February 2013 Edition

Resize: A A A Print

Deis dúinne freisin ár leas féin a forbairt

Reifreann faoin Eoraip sa mBreatain

• Nick Clegg, David Cameron agus Theresa Villiers

Ach ba chóir dúinne a bheith buartha faoin rud céanna mar is i mBruiséal anois atá flaitheas na tíre seo agus guth fíor-íseal againne i n-ár gcuid gnaithe féin.

TÁ FAITÍOS an domhain ar bhunaíocht an stáit seo go bhféadsfaí reifreann a reachtáil sa mBreatain faoi bhallraíocht na tíre sin san Aontas Eorpach. Mar tá gach seans go mbeadh móramh i gcoinne na hEorpa - toradh a chothódh deacrachtaí do dhaoine nár sheas le neamhspleáchas na tíre seo le cianta.

Sea, bheadh muid i bhfiapach idir spleáchas ar mhargadh Shasana agus spleáchas ar pholaitíocht Eorpa - agus fadb na teorann an-bheó ar fad.

Ach ba dheis íontach dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcineál Eorpa atá uainn. Sea, teastaíonn óna Caomhaigh filleadh ar ré ‘ghlóire’ impiriúlachais Bhreatanaigh - seasamh a mhíníonn cén fáth go bhfuil siadsan aimhreasach faoi ollstát a fhorbairt san Eoraip.

Ach ba chóir dúinne a bheith buartha faoin rud céanna mar is i mBruiséal anois atá flaitheas na tíre seo agus guth fíor-íseal againne i n-ár gcuid gnaithe féin.

Dá mbeadh cainteanna faoi athraithe sna conarthaí a chuirfeadh cruthú an ollstáit ar bhord eile ó chómhoibriú eacnamúil, bheadh muid in ann flaitheas a fháil ar ais ar chúrsaí airgid, ár gcuid iascaireachtaí a fháil ar ais ó smacht eachtrannach, stop a chur lena rannpháirtíocht chogai na nEorpaigh ar fud an domhain agus deire a chur le ré na déine.

Fiú mar tá cúrsaí faoi láthair is bun-cháineadh ag Sinn Féin nach bhfuil an rialtas se’aghainne ag déanamh aon iarracht cearta na tíre seo a chosaint nó a fheabhsú faoina rialacha reatha: i gcomparáid ar ndóigh leis an nGréig a bhrúigh athraithe láidre tríd.

Mar is cuid lárnach de ‘bhunreacht’ reatha na hEorpa nach féidir sóisialachas de chineál ar bith a thabhairt isteach, nach féidir leis an stát féin jobanna a chur ar fáil go díreach, nó leas ár bpobail féin a chur chun tosaigh ar leas na mbancaerai is lucht an airgid ar fud na hEorpa.

Agus breathnaigh ar an dochar a rinne dúinn as bheith gafa leis an euro!

Déanaimis comparaid leis an Íoslainn a dhiúltaigh glacadh le fiacha na mbancanna ach a d’fhill ar na margaí idirnáisiúnta airgid dhá bhliain ó shoin, nach bhfuil fiacha móra orthu, a bhfuil ráta dífhostaíocht ag dul i laghad go mor - toisc go bhfuil a bhflaitheas ina lámha féin acu.

Sin é atá ag teastáil uainne, agus thabharfadh aon aithbhreithniú ar chonarthaí an Aontais Eorpaigh deis dúinn é a bhaint amach.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland