Top Issue 1-2024

4 November 2012 Edition

Resize: A A A Print

Dlí amháin do na hÉireannnaigh agus dlí eile do na mionlaigh

An chiníochas beo beathaíoch go fóill in Éirinn

‘Níl ionat ach ‘goody, goody’ atá ag briseadh do chroí ar son na ‘tincéirí’ agus ‘na teifigh’. Ba cheart go mbeadh ciall agat’

‘THUG MÉ VÓTA cheana dhuit, ach ní bhfaighfidh arís uaim é’, a deir ‘Karen’ ina litir. ‘Níl ionat ach ‘goody, goody’ atá ag briseadh do chroí ar son ‘tincéirí’ agus ‘teifigh’. Ba cheart go mbeadh ciall agat’. 

Anois, níl aon pholaiteoir ag iarraidh cloisteáil go bhfuil siad ag cailleadh vótaí, mise san áireamh, ach chuir an litir binibeach seo díomá orm. Tháinig sé ó bhean i mBaile Chonaola, i gConamara - más fíor. Níor thaitin léi gur labhair mé amach le déanaí ar son grúpa de lucht iarrtha tearmann atá dhá díbirt amach as ionad chóireála dhíreach Lisbrook i nGaillimh de bharr ciorruithe Rialtas agus tá feachtas ina éadan seo ar bun againn.

Deirtear liom gur fhág triúr an pháirtí mar thoradh ar an seasamh atá tógtha chomh maith agus fuair muid roinnt maslaí ar na sráideanna is muid ag stocaireacht ar son an dream bheag, mionlaigh seo. ‘Ní féidir iad a thrust’, a deir roinnt daoine eile liom. ‘Tá siad ag dearg mhagadh fúibh. Ná lig dóibh amadán a dhéanamh díobh’, a deir roinnt daoine eile a bheadh tacúil dom.

Nílim chomh soineanta go gceapfainn go bhfuil gach duine atá ag lorg tearmann sa tír seo ag insint na fírinne go hiomlán. Ach, tá mé cinnte go ndéarfadh gach polaiteoir an méid céanna faoi daoine a thagann chugainn sna clinicí ag lorg réiteach ar ‘éagóireacha’ eile de chineál éigin atá an Stát ag déanamh orthu - ach ní chuireann muid ó dhoras iad.

Is amhlaidh atá domsa i gcás na teifigh. Ba bhreá liom ‘Karen’ agus mo lucht cáinte eile a thabhairt isteach sna hionaid chóireála, le bualadh le cuid den dream atá muid ag cabhrú leo. Cuid de na máithreacha aonair a chaithfidh seomra amháin a roinnt le máithreacha aonair eile nach bhfuil aithne ná gaol acu leo agus a gcuid páistí atá ag fanacht in aon seomra amháin leo an tam ar fad. Nó, na fir fásta atá ag roinnt aon seomra amháin le blianta, le triúr fir eile dá mhacasamhail, cuid acu nach bhfuil siad mór leo, nó a bhfuil deacrachtaí meabharshláinte acu. Nó, na tuismitheoirí atá ag roinnt aon seomra lena gcuid páistí ar fad - rud nach dtugann príobháídeachas dóibhsan ná do na páistí - ceart bunúsach ar chóir a bheith ag gach duine. Níor mhiste liom ach an oiread go labhróidís leis an mbean a rinne iarracht lámh a chuir in a bás féin an tseachtain seo caite mar go bhfuil an oiread frustrachas uirthi leis an gcóras, nó cairde an fhir a bhásaigh go huaigneach de bharr deacrachtaí sláinte, dar leis na húdaráis, ach a bhfuil amhras ar na teifigh faoin tsiocar báis.

Níl fhios agam an mbeadh an cantal céanna ar ‘Karen’ agus na daoine eile go ndéarna mé stocaireacht d’Éireannaigh sna Stáit Aontaithe a sháraigh na rialacha víosa a bhí acu agus a raibh na húdaráis ag bagairt iad a dhíbirt ón tír? Measaim nach mbeadh.

Nílim ag déanamh breithiúnas ar lucht mo cháinte ach an oiread. Ach, tá mé airdeallach go bhfuil an oiread seo oilc orthu in aghaidh na grúpaí mionlaigh. B’fhurasta a cheapadh gur daoine gan tuiscint iad, ach ní shílim go bhfuil sé chomh simplí sin. Seans go bhfuil siad féin faoi bhrú ó thaobh airgid, fostaíochta agus mar sin de. Seans go bhfuil méid áirithe feicthe acu ó chorr dhuine nach bhfuil ag insint na fírinne agus go bhfuil chuile dhuine do na ‘teifigh’ agus na ‘tinceirí’, mar a deir siad féin, dhá thomhais anois acu leis an slat céanna. Ach, tá sé an-éasca eirí ciníoch faoi na ceisteanna seo, i ngan fhios dúinn féin.

An ról a fheicim dúinne mar pháirtí, ná seasamh le duine ar bith a thagann chomh fada linn a gceapann go bhfuil fíor-éagóir dhá dhéanamh orthu. Bhí sé thar a bheith suntasach a laghad tacaíochta poiblí a thug ionadaithe tofa ó pháírtithe eile ar na ceisteanna conspóideacha seo. Seans go mbeidh ‘Karen’ ag vótáil do dhuine acu sin amach anseo. Ach, an buncheist atá le freagairt againne mar Phoblachtaithe ná, an bhfuil sé níos tábhachtaí an rud a dhéanamh a mheallfaidh vótaí, nó an rud atá ag cosaint cearta agus dignít an duine atá faoi chois? Tá fhios agam cén fhreagra a bheadh agamsa ar sin.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland