Top Issue 1-2024

25 March 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Na Gaeil i Halla na Cathrach

Ní dóigh go raibh lucht eagraithe Bhronnadh Duaiseanna Ghlór na nGael ag súil, ná ag dúil na sluaite a chruinnigh i Halla na Cathrach oíche Shatharn seo chuaigh thart ach mura raibh, rinneadh spás agus cuireadh fáilte chroíúil roimh chách a tháinig, breis agus 300 san iomlán a chruinnigh le ceiliúradh a dhéanamh ar bhua An Droichead i gcomórtas 2009.
Glitterati na Gaeilge, thiocfaí a rá faoin slua – bhí ionadaíocht ann ó bheagnach gach eagras mór i saol na Gaeilge thuaidh, theas, thiar agus thoir, cuid acu gur annamh a mbíonn deis acu a bheith i mBéal Feirste, cuid a bhí ann coicís roimhe sin ag seoladh Rith 2010, cuid eile a bhíonn sa chathair go minic. Bhí an t-iarAire Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta ann, Éamon Ó Cuív, nó is í an Roinn sin a mhaoiníonn príomhdhuais an chomórtais, trí lá i ndiaidh an bhronnta tá duine úr i réim agus cé fios cad atá i ndán don Ghaeilge, agus do Straitéis 20 bliain don Ghaeilge anois agus ailtire na straitéise bogtha ar aghaidh go cúraimí eile. ‘Sin ráite, labhair an tAire ar fhís na straitéise, teorannacha na straitéise agus ról Fhoras na Gaeilge i gcothú agus tacaíocht ar an oileán ar fad, agus na buanna agus deiseanna atá ins an straitéis d’eagrais agus grúpaí atá sásta dhul leis an dúshlán.

An Diaspóra
I measc na n-aíonna eile a bhí i láthair bhí Ambasadóir na hAstráile nó i mbliana ba é an Cumann Gaeilge ó ‘thíos faoi’ a bhuaigh an Príomhdhuais sa chomórtas Global Gaeilge. Tháinig triúr ball den choiste ar an turas fada leis an duais a bhailiú agus ba léir gur bhain siad tairbhe as an oíche. Eisimircigh eile ó diaspora na hÉireann a bhí i láthair ná an Manchester Irish Language Group agus chuir sé do mo smaoineamh mé go neartófaí cuid de na grúpaí Gaeilge thar lear le meath na heacnamaíochta agus méadú ar líon na nÉireannach atá ag imeacht ón tír ag lorg fostaíochta in áiteanna i gcéin. Ach tá ról ar leith ag na grúpaí seo, nó coinníonn siad teanga beo, go dtí go mbeidh deis ag daoine filleadh ar an tír, mar a fhilleann formhór acu (nó a sliocht) faoi dheire.
Thar dhá uair a chloig, agus trí chúrsa de dhinnéar, bronnadh breis agus 40 duais agus níos mó ná €150,000 trí dhuaiseanna a d’aithin gníomhaíochtaí ó chlubanna léitheoireachta, caomhnú na hoidhreachta teangan, obair le scoileanna (Gaeilge agus Béarla), soláthar seirbhísí gnó agus eile. Ar na buaiteoirí i speisiúla i mbliana bronnadh Trófaí na gComhlachtaí ar an West Belfast Taxi Association as ucht na comharthaíochta dhá theangach ar na cinn scríbe agus bealaí a dtéann na tacsaithe orthu, agus ar an chomharthaíocht sa lár-ionad féin acu. Mar chuid den deireadh seachtaine eagraíodh Turas na Cathrach, ach in ionad do na cuairteoirí imeacht leo ar bhus oscailte, eagraíodh conbhua de thacsaithe dubha, agus d’iompar siad os cionn seasca cuairteoirí Gaelacha timpeall sna háiteanna a bhí feicthe acu ar scáileán teilifíse ach a bhí beo (dar leis an mhéad a dúradh liom ina dhiaidh) le scéalta agus cuimhní na dtiománaithe tacsaí féin a labhair lena bpáisinéirí fan an bhóthar ar fad.

An Droichead
Ar ndóigh ba iad réalta na hoíche ná Coiste an Droichid agus ligeadh beic a bhalbhódh “Gáir an Chláir’ ó dhá bhliain ó shin nuair a d’ardaigh Pól Deeds an Trófaí Náisiúnta ag deireadh na hoíche. Is aitheantas é seo do bhlianta oibre, mar a dúirt Pól féin ina óráid, do dhaoine a raibh agus a bhfuil fís acu do phobal Gaeilge a thógail agus a láidriú i nDeisceart agus Oirthear na cathrach. Tá leid den obair fad téarmach, agus pleanáil don todhchaí sa mhéid a dúirt sé, nuair a luaigh sé go leath-mhagúil, go bhfuil an duais caite acu cheana – agus cuimhnímis gur €50,000 an duais – le dóchas an choiste foirgneamh mór a thógail amach anseo ina mbeidh gach saghas seirbhís Ghaeilge ar fáil don phobal.
Tá Glór na nGael ag ceiliúradh 50 bliain i 2010-2011. Bhí go leor plé ann ar an oíche idir ball-choistí an mbeidh comórtas ar chor ar bith ann an bhliain seo agus poist faoi bhagairt faoin cuíchóiriú reatha in earnáil na n-eagras Gaeilge ach bhí ceannasaí Ghlór na nGael dóchasach go leor go mbeidh bronnadh 2011, bliain ó anois, níos fearr fós ná imeacht na seachtaine seo caite, agus go mbeidh rannpháirtíocht ann ó choistí a bhí páirteach thar na blianta, agus taispeántas den scoth ar obair, stáir agus gníomhaíochtaí Ghlór na nGael ag an bhronnadh sin.

Pól Deeds i lár le Trófaí Glór na nGael, Íde Ní Uallacháin, Cathaoirleach Glór na nGael agus an tAire Ó Cuív leis 

Stevie Long ó WBTA ag piocadh suas Trófaí na gComhalachtaí

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland