Top Issue 1-2024

24 April 1997 Edition

Resize: A A A Print

Cosc ar pharáid Ormeau

Fógra 21 lá ó 9 Bealtaine ar aghaidh



LE MICHEAL MacDONNCHA

D'fhogair an CRU ar an Máirt seo caite go bhfuil cosc ar pharáid dílseach a bhí eagraithe don Domhnach seo chugainn ar Bhóthar Ormeau. Chuir Grúpa Chomhphobail an Ormeau Iochtarach (GCOI) fáilte roimh an chosc.

Ar an lá chéanna bhí sé fógraithe chomh maith go mbeidh ar eagraitheoirí paráidí fógra de 21 lá a thabhairt roimh ré. Tiocfaidh an dlí seo i bhfeidhm ó 9 Bealtaine de réir an OTE. Mhol an Coimisiún North um Pharáidí, a bunaíodh anuraidh ag Patrick Mayhew tar éis Drumcree, riail mar seo.

Cé go ndúirt an Grúpa Chomhphbail gur ceart cosc a chur ar pharáid an Domhnaigh seo chugainn, d'iarr siad ar an RUC agus an Stát-Rúnaí Mayhew a rá cad a dhéanfaidh siad amach anseo maidir le pharáidí Oráisteacha atá le dul síos an Ormeau Iochtarach amach anseo i mbliana.

``Táimid ag lorg cinntiú nach mbeidh ár bpobal teoraithe isteach mar bheithígh ar feadh 26 uair arís i mbliana'' adúirt urlabhraí do GCOI. Lean siad:

``Táimid ag iarraidh i gcónaí tús a chur le cainteanna leis an Ord Oráisteach agus grúpaí dílseacha eile ach ní bhfuair muid fiú freagra dár litreacha.

``Dúirt tuairisc North gur chóir go mbeadh cainteanna ann agus gur chóir pionós a chur orthu siúd a dhiúltaigh labhairt. Tá sé thar am ag Lóiste Bhaile na Féigh den Ord Oráisteach an ceacht a fhoghlaim gurb é an pionós é nach mbeidh paráidí ar Bhóthar Ormeau i mbliana, 12 Iúil san áireamh.''

Ag caint ar an bpolataíocht inmheánach san Ord Oráisteach dúirt GCOI:

``Tá dream san Ord a cheapanna go bhfuil an lámh in uachtar acu anois. Ceapann siad go néireoidh leo teacht tríd an cheantair seo má spreagann siad conspóid. Caithfear a rá leo nach féidir leo caitheamh anuas orainn a thuile.

``Tá sé ráite againn le blianta anuas go ligfeadh cinneadh luath chun paráideanna a athdhíriú do gach duine smaoineamh ar a stad agus tabharfadh sé seans dóibh siúd atá ar son chainteanna a gcás a chur chun cinn.

``Cé nach bhfuil paráideanna eile fógraithe don Stát Rúnaí nó don RUC go fóill táimid ag rá anois nach ngéillfidh an pobal don bhforéigin nó do bhagairt an fhoréigin.''

Mar léiriú go bhfuil an Eite Dheis den Ord Oráisteach ag eagrú tá an grúpa Spirit of Drumcree ag eagrú agóid i mBaile na Míne, Contae Aontrama oíche Aoine. Dúirt urlabhraí an ghrúpa Joel Patton go bhfuil siad ag eagrú an chruinniú chun cur in iúll go bhfuil siad i glan gcoinne chainteanna ar bith ar pharáidí.


Bionn cluas le héisteacht orthu



Is mór an spórt é Vincent Browne a bheith ag cur na cosa de faoin gcúléisteacht a rinne an Brainse Speisialta air. Tá mé cinnte de go mbíonn siad ag cúléisteacht liom féin ó thráth go chéile. An difríocht idir mé féin agus an Brúnach go bhfuair Vincent £91,000 de chúiteamh ón Stát.

Tá reachtaíocht ann a thugann údarás don Aire Dlí agus Cirt taifeadadh a fhaomhadh faoi thosca áirithe ar ghlaonna daoine. Ní bhíonn sa taifeadadh ``oifigiúil'' sin ach céadatán an-bheag den chúléiseacht a bhíonn ar siúl. Tuigeann gach duine ciallmhar nár cheart aon rud róphríobháideach a phlé ar an teileafón.

Déantar cúléisteacht ar gach cineál duine - gníomhaithe polaitiúla, iriseoirí, ministrí reiligiúin, oibrithe pobail agus sóisialta, ceardchumannaigh. Rinneadh cúléisteacht ó thráth go chéile ar bhaill an Rialtais féin. Tá sé agam ó iar-Aire sinsearach de chuid Fhianna Fáil go gcuireann an Brainse Speisialta an-spéis i gcónaí sa pháirtí sin agus go mbíodh spiadóireacht á déanamh ar a gcuid cruinnithe fiú nuair a bhí siad in oifig. Maireann ``stát'' taobh istigh den Stát.

Ar ndóigh, de dheasca na teicneolaíochta nua tá féidearthachtaí cúléisteachta anois ann a chuirfeadh Peter Berry nach maireann ag seiliú. Ar 17 Eanáir 1995 ghlac an tAontas Eorpach le cinneadh comhoibriú leis an FBI i reachtáil líonra domhanda monatóireachta ar chumarsáid phríobháideach. Níor tugadh poiblíocht ar bith don chinneadh sin ag an am.

Cuimsíonn an mhonatóireacht seo postas, teiléacsanna, teileagrafaíocht gutháin mhacasamhlach (``facsáil'', más mian leat), e-mail agus teileafóin (córais shaitilítbhunaithe san áireamh). De réir an chomhaontaithe leis an FBI cuirtear iallach ár chomhlachtaí cumarsáide eolas a sholáthar do na gníomhaireachtaí slándála agus faisnéise maidir le cóid atá insuite i dtreallamh a díoltar le custaiméirí príobháideacha.

Rinneadh an cinneadh seo faoi réir na míreanna de Chonradh Maastricht a bhaineann le comhoibriú maidir leis an dlí agus an tsíocháin agus cúrsaí inimirce agus dídine ach, ó cheart, ba chóir go mbeadh sé pléite agus faomhaithe ag cruinniú de Chomhairle na nAirí. Seachnaíodh é sin nuair a chinn uachtaránacht Ghearmánach an AE ar 21 Nollaig 1994 go socrófaí an gnó ``de réir gnáis scríofa'' (i.e. i litreacha rúnda idir rialtais na mballstát agus an Bhruiséil).

Tagraíodh don chinneadh i ``Meamran Comhthuisceana'' ar ghlac Airí Dlí agus Cirt agus Gnóthaí Baile leis ar 23 Samhain 1995. Níor foilsíodh téacs an mheamrain sin riamh ach is eol dúinn gur phléigh na hAirí Dlí agus Cirt an cheist arís ar 28 Samhain anuraidh.

Tá an comhordú Eorpach ar an gcóras monatóireachta seo á dhéanamh ag ár seanchairde in GCHQ, (Government Communications Headquarters), Cheltenham. Tá na príomhstáisiúin idircheaptha acu ag Cnoc Menwith, Sír Eabhrac Thuaidh, agus ag Morwenstow, sa Chorn.

Ní foláir ná go bhfuil costas millteanach mór ag gabháil leis an mbeartas eol. Tamall ó shin bhí feidhmeannaigh Ghearmánacha ag caint ar £1.4 billiún a chaitheamh ar bhunú córais le monatóireacht (focal deas ar chúléisteacht) a dhéanamh ar theileafóin ghluaiste amháin.

Is léiriú é ar a híogaire is atá na cúrsaí seo gur shocraigh ionadaithe de bhallstáit an AE ag cruinniú príobháideach - cruinniú de thaidhleoirí seachas Airí, an sórt cruinnithe nach dtarraingíonn aird an phreas - an mhí seo caite go gcuirfidis in éadan an cearta a bheith ag Ombudsman an AE, Jacob Soderman, iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin a bhain le cúrsaí dlí agus cirt. D'easaontaigh an Bheilg, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ostair agus an tsulainn leis an gcinneadh. Vótáil ionadaí na hEireann ar son an chúngaithe seo ar fheidhmeanna an Ombudsman.

Le Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland