Top Issue 1-2024

20 July 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint le Seán ó Donaile

Ar an traen

"Beidh an traen seo dhá uair a chloig mall de dheasca fadhb ar an líne ag Hazelhatch.......Tá an brón ar Iarnród Éireann....."; tá sé greannmhar an bealach nach athraíonn rudaí áraithe sa Ré Nua - tá CIE fós ag iompar paisinéirí ar bhuicéid meirgeach gan fuinneoga, gan carráistí aer oiriúnaithe agus níl sé ach ocht euro i gcomhair ceapaire ubh brúite gorm 's dubh.

Tá na fir ticéid fós chomh ramhar le rón agus aghaidh corcra orthu agus tá an traen plódaithe le daoine ag suí ar an urlár agus sa leithreas!

Tá an buicead meirgeach lán le íobartaigh a chaitheann leath a saoil ag taisteal ó lar na tíre go dtí 'an deatach mhór' athann lá le culaith is carbhat le gréis ciorclach, ag tarraingt a leintí thar a mbolg 's ag clúdú an liath ar an gruaig; agus ag geallúint dóibh féin nach n-íosfaidh siad rolla bricfeasta amárach agus go leanfaidh siad diat ata ar Woman's Way.

Conas leis an méid sin airgead sa tír go bhfuil na seirbhísí phobail fós chomh dona sin?

Tá na céadta scoil fós ag feidhmniú as botháin leis na francaigh ag damhsa thart 's páistí ag éirí tinn ón boladh leithris agus óstáin galánta á thógáil béaldorais leo!

Tá droch cháil ar ospidéil na tire agus an ganntannas seirbhísí iontu agus ag an ám ceanna tá scuaine Éirinnigh ag ceannach árasáin in Oirthear na hEorpa- an iadsan tiarnaí neamhchónaitheach an ré seo?

Nó an bhfuil éad orm mar chaill mé stór airgid ar na slots I mBundoran le Francie Brady?

Gan dabht beidh go leor bladar idir seo agus an toghchán idir Enda Tweedledum agus Bertie Tweedledee agus tá a fhios ag cách nach n-éilfidh Pairtí an Lucht Oibre ardú cain chun na seirbhísí a fheabhsú ar eagla go gcaillfidh siad vótaí.

Agus cad faoi na Shinners - an bhfuil eagla orainn ardú cáin a lorg I gcomhair seirbhísí na tíre, nó an bhfuil eagla orainn roimh an meán-aicme nó bhfuil fhios againn nach mbeidh go leor votaí ón lucht oibre a bhainfidh tairbhe is mó as feabhsú an Córas Sláinte agus Oideachais.

Táimíd fós I Hazelhatch agus tá feirmeoir 's caoraigh ar an líne - n'fheadar bhfuil 'stick-up' ar siúl ach níl IRPS ar bith le feiceáil ; tá gasúr le hata tuí ag roinnt cannaí te Budweiser liom agus dochtúir Indiach ag coinneail greim daingin ar a mhála caipéisí ar eagla go ngoidfidh an lumpenproletariat é, agus ag síleadh allais ón cloigeann - n'fheadar bhfuil an mála caipeisí lán le 'clúdaigh donn' nó cóip den iris 'Hustler'?!

Táimíd I Monasterevin anois, áit a chaith an Dochtúir Herrema coícís ar a laethanta saoire le Eddie ó Tír Chonaill sna seachtaidí; tá sé lán anois le seangáin Tíogar Ceilteach agus fuinneoga PVC agus caisleáin leim I ngach dara ghairdín.

Tá an iomarca áma agam agus gan faic le déanamh - go dtí triocha bliain ó shin chaith an chuid is mó den tír a ám ag maireachtail 's ag obair- anois tá daoine ag líonadh a saoil le deoch, lanzarote agus cocaine ag gach dara chóisir - ba choir dóibh dul ar chúrsa chulturtha agus seal a chaitheamh ar 'Cnoc 16' ag caitheamh ispiníní brúite ar na Gardaí- chuala me ráfla go bhfuil na Dub's dul a bhuacaint Craobh na hEireann in aghaidh Ard Mhacha I Méan Fomhair.

Bain sult as an grian agus fan amach as Chartbusters!

Foclóir

Ag baint tairbhe as..........to benefit from

Ag feidhmniú..........operating from

Ganntannas.........shortage

Meirgeach.........rusty

Seangan.........ant

Arásain.........apartments

Mean-aicme.........middle class

Lumpenproletariat.........soccer supporters!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland