20 July 2006 Edition

Resize: A A A Print

Tithíocht Shóisialta

BY Cathal O Murchu

Tithíocht Shóisialta

Ceann de na fadhbanna is mó a ghabhann le tithíocht shóisialta sna Sé Chontae is Fichead ná nach bhfuil a lán de na daoine a chuireann iarratais isteach ina lorg in ann teacht slán leis na riachtanais thuillte. Is iad na comhairlí contae atá i bhfeighil ar thithíocht shóisialta agus éilíonn siad go gcaithfear ar iarratasóirí idir €30,000 agus €54,000 a thuilleadh in aghaidh na bliana. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil tuairim is 50% den daonra in ann teacht slán leis an riachtanas áirithe seo.

An bunús ba mhó a bhí i gceist le tithíocht shóisialta ná go dtabharfadh sé deis do dhaoine ar ghnáthioncam nó ar ioncam íseal teach dóibh féin a cheannach. De dheasca an árdú costais scannalach atá tagtha ar costas tí le linn na blianta beaga anuas, tá níos lú daoine de réir a chéile in ann teach a cheannach. Is do na daoine seo a bhfuil an tithíocht shóisialta in ainm is a bheith ag freastal air.

I 1991, d'fhéadfá teach trí sheomra leathscoite le haghaidh tuairim is £40,000 (€50,000) a cheannach. Cúig bliana déag ina dhiaidh sin, i 2006, cosnódh an teach céanna breis is €300,000. Sin méadú sé uaire an costas sa tréimhse úd (nó 500%). Ach le linn an tréimhse chéanna is é 170% an ráta boilscthe iomlán. Mar sin is léir nach bhfuil an boilsciú ar chostas tithíochta ag teacht slán leis an ráta boilscthe náisiúnta (sna Sé Chontae is Fichead).

Tuigeann daoine go maith cad is cúis leis an mboilsciú scannalach ar chostas tithíochta. Baineann sé leis an dlúth-chaidreamh a mhaireann idir forbathóirí/tógáluithe tithe agus an aicme pholaitiúil a bhfuil i gcumhacht. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na díoltóirí, forbathóirí, tógáluithe tithe, na hinstitiúidí airgeadais agus an aicme pholaitiúil i gceannas ag comhoibriú lena chéile leis an staid mhínádúrtha ar chúrsaí a chothú.

Ach ag filleadh ar ais ar an gceist faoi thithíocht shóisialta, níl an formhór de daoine a bhfuil géarghá acu teacht ar tithíocht in ann é seo a dhéanamh. Níl na daoine céanna seo in ann teach a cheannach. Mar gheall ar pholasaí atá an Rialtas tiomnaithe chuige, tá laghdú ollmhór tagtha ar tógáil tithe poiblí agus níl siad in ann teacht ar thithíocht phoiblí, in ainneoin go bhfuil éileamh níos mó ann na mar a bhí riamh. Tá fáth leis seo ar ndóigh. Tá éarnáil phríobháideach mhór tagtha aníos (go minic mar gheall gurb iad infheisteoirí príobháideacha is cúis leis an mboilsciú costais) agus ta tuilleadh tithe agus lóistín curtha ar cíos le go bhféadfadh na hinfheisteoirí céanna breis airgid a tharraingt as daoine.

Is cosúil go bhfuil na tiarnaí talún ag teacht ar ais!

Foclóir

tithíocht shóisialta..........social housing

iarratasóirí..........applicants

árdú costais..........price rise

teach trí sheomra..........three-bedroom house

leathscoite..........semi-detached

ráta boilscthe..........inflation rate

boilsciú..........inflation

dlúth-chaidreamh..........close relationship

forbathóirí..........developers

hinstitiúidí airgeadais..........financial institutions

infheisteoirí príobháideacha..........private investors


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland