Top Issue 1-2024

21 July 2005 Edition

Resize: A A A Print

Crios Chúchulainn

Crios Chúchulainn

In the height of summer, we often take pleasure in some of the simple beauties of nature, such as Meadowsweet, (a.k.a. Cúchulainn's belt). In the past many of these plants and flowers were put to use to cure ailments and to flavour wine. Nowadays, as Michael Davitt had said, many people from the cities wouldn't know the difference between a nettle and a large leaf and much of the wonderful lore surrounding our plants and herbs are lost in th philistinism of society's materialistic obsessions.

Sa lá atá inniu ann, tá neart daoine in Éirinn nach n-aithneodh an neantóg ón chupóg mar a dúirt Michael Davitt. Tá sé de bhua agam féin sult a bhaint as míorúiltí an dúlra agus mé ag foghlaim i rith an ama.

I láthair na huaire, tá airgead luachra le feiceáil ag fás go flúirseach ar thalamh fhliuch in áiteanna éagsúla breacaithe ar fud na hEorpa. Tá dath an uachtair ar na bláthanna fiáine seo agus boladh cumhra uathu. Fásann na bláthanna seo ina mbraislí dlútha ar bharr na ngas díreach ard ilbhliaintiúl.

Creidtear gur baineadh úsáid as le blas níos fearr a chur le meá. Ní amháin sin ach cuireadh airgead luachra isteach i bhfíon go minic agus gur óladh é mar dheoch te. Deirtear gur chuidigh sé le spion súgach a chothú.

Cuirtear síos ar bholadh na mbláth mar phrasóg almóinne nó mar bholadh na meala. Ní mar a gcéanna atá na duilleoga agus boladh garbh go leor uathu. Tá sé ráite gur féidir cur síos a dhéanamh ar bholadh na mblátha mar an áilleacht a mheallann a ghrá geal. Cinnte, cuirtear síos ar bholadh an phlanda ina iomlán mar a bheadh 'pósadh lanúna' i gceist - go gcaithfidh glacadh leis an mhéid atá searbh mar aon leis an mhéid atá milis. Le fírinne, sin mar a bhíonn an saol, thuas seal, thíos seal, searbh agus milis.

I dtaca an ama seo sa bhliain, bailítear na plandaí in áiteanna ar leith le crochadh thart sna seomraí i dtithe tuaithe. Ní amháin go mbíonn boladh deas cumhrachta sna tithe ach creidtear go gcothaíonn sé le daoine a bheith meidhreach is croíúil i rith an tsamhraidh.

Mar atá a fhios againn bhí leigheasanna de gach saghas ag ár sinsir ar ghalair éagsúla. Bhí leigheasanna áirithe acu ar an fhuacht, ar dhathacha matán agus ar phianta den tsórt a bhí ag brath ar na plandaí a bhíodh ag fás in áiteanna fliucha. Ar ndóigh, chreid siad go raibh cúis agus leigheas gach galar le fáil san áit céanna. Dá bhrí sin, más rud é gurbh é an fliuchas a ba chúis le galar áirithe bheadh an leigheas le fáil ag fás in áit fliuch.

Bhí sé coitianta go leor mar sin, deoch speisialta a dhéanamh as coirt sailí nó as airgead luachra le faoiseamh a thabhairt do dhaoine ag fulaingt. Rinneadh forbairt ar an leigheas traidisiúnta seo agus in 1899 cruthaíodh aspairín don chéad uair.

Is é an t-ainm eile atá ar airgead luachra ná 'Crios Chúchulainn'. B'fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ar Gaeil na tíre go raibh laoch mór na hÉireann tugtha don bhláth seo. Is dócha go bhfuil sé deacair dúinn smaointiú fán fhear trodach ag siúl tríd coillte, cois aibhneacha agus é ag baint pléisiúr is a sheacht sá iontais air le dúlra nádúrtha na mbláth is araile. Creideadh áfach gur bhain Cúchulainn úsáid as an phlanda seo mar chrios nuair a bhí sé breoite tráth is gur tháinig biseach air go luath dá bharr. Leoga nach iontach an bua atá i mbláth!

An Draoi Rua

Seanfhocal na Seachtaine

Is milis á ól é ach is searbh á dhíol é .

Tá an seanfhocal ag tagairt do dheoch mheisciúil ach nach mar a gcéanna a bhíonn an saol ar uairibh.

Gluais

crios Chúchulainn / airgead luachra ........ Meadowsweet

braislí ........ clusters

spion súgach ........ merry mood

prasóg súgach ........ marzipan

cumhracht ........ fragrence

meidhreach ........ merry

dathacha matán ........ rhuematism

leigheas ........ cure

coirt sailí ........ willow bark

faoiseamh ........ relief


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland