Top Issue 1-2024

16 September 2004 Edition

Resize: A A A Print

Ómós don Úll

This is reputedly the time of the year that the apple tree is honoured by the Celts AN DRAOI RUA tells us more.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil cúlra iontach stairiúil ag an chrann úill. Tá sé luaite i gceann de na céad scéalta sa Bhíobla i bParrthas mar úll na haithne nuair a d'fhág Ádhaimh úll na scornaí ag achan fear go dtí an lá inniu. De réir scéal béaloideasa atá againn, thit ceann de na síolta ón úll céanna, d'fhás ina chrann mhór toirtiúil, leagadh é na cianta ina dhiaidh le cros a dhéanamh ar a chéasadh Críost.

In Éirinn, tá thart fá 14 cinéal crann úill dúchasach go fóill againn. Tuigtear go bhfuil buanna neamhshaolta, bua torthúlachta agus bua an leighis ag an úll. Tá níos mó i gceist ná úll amháin sa lá leis an ruaig a chur ar dhochtúir. Is deacair cóisir Shamhna a shamhlú gan dornán úll i láthair. Ar ndóigh, tá neart finscéalta ina bhfuil an t-úll luaite. Cinnte, níorbh í an cailleach a chuir 'Gillín Sneachta' a chodladh an t-aon duine a bhain úsáid as úlla.

Creidtear go bhfuil dúil ar leith ag Mannánnan Mac Lir, dia na farraige, sna húlla go háirithe. Chaith sé tamall mhaith dá chuid ama ar Eamhainn Abhlach, áit a raibh úlla óir ag fás de shíor. Nuair a bhuail sé le Cormac Mac Airt ag Teamhair na Ríthe bhí craobh de chrann úill á iompar aige. Bhí naoi n-úll dearg óir ar an chraobh áirithe seo agus nuair a chroitheadh é bhí ceol chomh galánta sin le cloisteáil uaithi go ndearna gach éisteoir dearmad ar a fhadhbanna.

Bhí comhcheangal ríoga ag crainn úill riamh. Bhí úlla iontacha ag Lugh, rí na ndéithe, i gcónaí. Bhí siad ar dhath ór dóite, chomh mór le cloigeann linbh mí d'aois, chomh blasta le mil, níor mhothaigh aon fhear gortaithe a phianta agus thug siad leigheas do gach tinneas i ndiaidh iad a ithe. Ní amháin sin, ach deirtear go bhfuil na húlla seo ag Lugh ar fad agus nach n-éiríonn siad níos lú, is cuma cé mhéad uair a bhfuil siad ite aige.

I gCúige Uladh, bhí trí úll ór ar slat airgid ag Conchúr Mac Neasa agus nuair a bhuail sé an slat bhí ciúnas in Eamhainn Macha aige. Ní fios ach b'fhéidir go bhfuair an Craobh Rua a ainm ón chrann úill fosta.

Ar ndóigh, bhí an-dúil ag Fionn Mac Cumhaill, Cúchulainn is laochra eile na hÉireann sna húlla. Tuigtear gur thug fathach úlla do Fhionn. Chaith Cúchulainn tamall i mbun cleasaíochta le úlla ag fleá Bhricriú. Ní nach ionadh go raibh dúil speisialta ag Cúchulainn in úlla agus é ag siúl thart ar úllghortanna in Ard Mhacha. Faraor, bhí corn draíochta ag Caoilte ina raibh úll dearg óir aige. Nuair a líonadh an corn le uisce, thiocfadh le Ardrí na tíre a rogha deoch a ól as an chorn.

Is cosúil gur thuig na naoimh tábhacht na núlla in Éirinn fosta. Bheannaigh Colmcille crann úill ag mainistir i nDarú agus bhí flúirse úll le fáil as sin amach uaidh. Ar fháth éigin, chuir Bríd mallacht ar chrann úill eile sa dóigh is nach mbíodh úll eile le fáil arís go deo uaidh. Ba é Mochuda a thuig bua an leighis ón úll. Nuair a shín sé úll chuig gasúr ag a raibh lámh seargtha, tháinig biseach chuige chomh luath agus a rug sé greim ar an úll. Deirtear go ndearna sé an cleas céanna nuair a bhí bean áirithe ag fulaingt is í i dtinneas clainne. Nuair a rug sí greim ar an úll, níor mhothaigh sí nimhneas ar bith. Leoga, creideann mná nach dtiocfadh ach fear an scéal seo a chumadh. Deirtear fosta, gur thaitin úlla go mór le Pádraig agus gur chuir sé roinnt crainn ó shíolta dúchasacha.

In Alban, tá scéal fá Naomh Searbhanas a chaith a bhachall trasna an chaolas mhara ó Dhún Éideann. Nuair a tháinig a bhachall anuas ar an taobh eile, d'fhás sé ina chrann úill.

Creidtear go bhfuil maitheas in úlla inár mbrionglóidí fiú. Má fheictear úll dearg i mbrionglóid, beidh airgead ar an bhealach i gceann cúpla lá. Má tá an t-úll glas, glacfaidh an t-airgead cúpla mí. Má tá úll óir sa bhrionglóid, beidh saibhreas mór i gceist.

Ar ndóigh, tá daoine inár measc arbh fhearr úlla a ól i bhfíonúill. Tuigtear, áfach, nach bhfuil an buntáiste seo ag capaill. Uaireanta, bíonn deis acu úlla bracha a ithe, rud a chuireann ar meisce iad.

Cibé ar bith tá súil agam go mbainfidh cách pléisiúr as úlla an tséasúir seo.

Gluais

úll na haithne forbidden fruit

toirtiúil bulky

neamhshaolta otherworldly

Gillín Sneachta Snow White

comhcheangal association

corn draíochta magical cup

lámh seargtha withered hand

i dtinneas clainne in the pains of childbirth

síolta dúchasacha native seeds

caolas mara firth/bay

úlla bracha fermented apples

Seanfhocal na Seachtaine

'Rug sé úll na scéimhe léi.'

Is iomaí file a thagair don úll agus bean álainn i gceist.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland