Top Issue 1-2024

8 July 2004 Edition

Resize: A A A Print

Tráth na dTraonach

Corncrake

The corncrake is the only Irish breeding bird that is threatened with global extinction. It certainly deserves some space, tolerance, time and a bit of TLC, writes AN DRAOI RUA

Creidtear go raibh na mílte traonach le fáil ar fud na hÉireann go dtí lár na haoise seo chaite. Bhí siad chomh flúirseach sin go mbíodh siad le cloisteáil i rith na hoíche ag beagnach gach uile duine a chónaigh faoin tuath, rud a thug ábhar gearáin breise do phobal na tuaithe. Is dócha nach raibh gach duine ró-thugtha do cheol an traonaigh sa ghort, rud a spreag a ainm i Laidin - crex crex.

Tugadh faoi deara sna seacaidí, áfach, go raibh líon na dtraonach ag titim go tobann óir ní raibh le cloisteáil ach 4,000 traonaigh fireann ag glaoch. Inniu, ta siad ag éirí an-gann ar fad mar níor chualathas ach 132 in Éirinn anuraidh.

Go simplí, is féidir linn an locht ar fad a chur ar thalmhaíocht comhaimseartha fá chruachás na dtraonach. Tagann siad ón Afraic go bliantúil le neadú sa tír seo ach is cosúil nach dtugtar go leor ama ná a dhóthain spáise dóibh agus iad abhus. Má thugtar an seans dó, bíonn dhá ál ag an traonach gach bliain. De ghnáth, cuireann sé a nead i ngort ina bhfuil féar fada ann agus fanann sé leis an nead go dtí tús an fhómhair. Ar an drochuair, ní bhíonn an chuid is mó de fheirmeoirí na tíre ró-thuisceanach ar na héanacha beaga seo agus téann na tarrachóirí móra isteach lena scrios ró-luath.

Is cuimhin liom an nuacht seo fán traonach a roinnt le cara de mo chuid, rud nár thuig sé ró-soiléir. 'Cad chuige,' ar sé 'nach n-eitlíonn sé ar shiúl agus an tarrachóir ag teacht ina threo? Nach bhfuil sé breá ábálta teacht ón Afraic gach bliain?' Bhuel, is cosúil nach maith leis an nead a thréigint nuair atá na cinn eile ró-óg. Fiú, agus iad fásta, b'fhearr i bhfad leo fanacht i bhfoscadh an fhéir.

Tá feirmeoireacht an lae inniu go hiomlán ina choinne. Is maith le feirmeoirí an féar a bhaint dhá nó trí uair i rith na bliana agus tá méadú ar líon na mbeithíoch ar pháirceanna. Ní amháin sin, ach gearrtar an féar ón taobh amuigh isteach, rud a fhágann an traonach i bponc agus é ag éalú go lár na páirce; maraítear é chomh luath agus a ghearrtar an sraith deireannach i lár.

Bhunaigh Cairde Éanlaith Éireann tionscadal leis an traonach a chaomhnú i 1991 agus tríúr fostaithe sa tsamhradh i dtrí cheantar ar leith; iar-thuaisceart Thír Chónaill, iarthar Chonnachta agus ar bhruach na Sionnainne in aice le Beannchar i gCo. Uibh Fháilí.

Déantar iarracht feirmeoirí a spreagadh le bheith tuisceanach ar chruachás na dtraonach. Cuirtear deontais ar fáil dóibh siúd atá tuillteanach fanacht go dtí an fhómhair leis an fhéar a ghearradh in áiteanna ina bhfuil traonaigh neadaithe. Lena chois sin, cuirtear deontais ar fáil do fheirmeoirí an pháirc a lomadh ón taobh istigh amach. Is cinnte gur maith an rud é go bhfuil an tionscadal seo ar siúl óir is cinnte go mbeadh an traonach imithe in éag ar fad in Éirinn gan a leithéid. Feictaer anois go bhfuil tacaíocht an phobail acu sna ceantracha thuasluaite agus go bhfuil suim iontach léirithe ag feirmeoirí sa scéal fosta.

Tá dea-scéal agus drochscéal i dtaobh an traonaigh. Tá meadú beag le feiceáil i líon na dtraonach i dTír Chonaill agus in iarthar Chonnachta. Chomh maith leis sin, is cosúil go bhfuil corrcheann ag teacht le neadú in iarthar Chiarraí le cúpla bliain anuas. Thart fá Bheannchar, áfach, ba thubaisteach an drochaimsir a bhí ag na traonaigh ansin, rud a d'fhág 22 traonach fireann ansin anuraidh. Beidh le feiceáil cad a tharlóidh do thraonaigh in Éirinn sna blianta amach romhainn. Guímid gach rath agus beannacht orthu!

Gluais

flúirseach numerous

talmhaíocht comhaimseartha modern agriculture

ál brood

tarrachóir tractor

tionscadal project

tubaisteach disastrous

Seanfhocal na Seachtaine

'Codladh an traonaigh chugat!'

Deirtear a leithéid do fhalsóir a chodlaíonn i rith an lae ach a théann amach ag spraoi san oíche. Ach sa lá inniu, gach seans gur faoin fhód a bheidh codladh an traonaigh.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland