Top Issue 1-2024

24 June 2004 Edition

Resize: A A A Print

Níl Fáilte roimh Bush arís

George W Bush's war record should neither be condoned nor made welcome in Ireland while he uses the visit to canvass Irish Americans in his Presidential election campaign, writes AN DRAOI RUA.

Tá réamhrá iontach ag Christy Moore ar an amhrán 'Hey Ronnie Reagan' agus é le cloisteáil ar an chnuasach a tháinig amach uaidh le déanaí. Cuireann sé síos ar an dóigh ar láimhseáil na húdaráis cuairt an uachtaráin ag an am. Cinnte, bhí go leor agóidí ar siúl ach cuireadh fáilte Uí Cheallaigh agus fáilte Uí Theaghlaigh Ardnósacha na Tíre roimh Reagan.

Tá go leor cosúlachtaí idir chuairt George W Bush agus cuairt Ronnie Reagan i 1984 is cuairt Nixon i 1970. Bhí cogadh ollmhór ag gabháil ar aghaidh i Vítneam agus Nixon abhus agus ní féidir linn dearmad a dhéanamh fá Nicearagua is eile nuair a bhí Reagan i gcumhacht. (D'fhógair na meáin idirnáisiúnta, áfach, gur naomh a bhí i Reagan chomh luath agus a fuair sé bás.)

Bhí neart agóidí, mórshiúlta is léirsitheoirí ar fud na tíre nuair a bhí Nixon, Reagan is Bush anseo cheana. Ní raibh JFK ná Clinton i mbun feachtas míleata is iad abhus. Cibé ar bith, choinnigh na fórsaí slándála an oiread sin smachta ar léirsitheoirí gur beag beann a bhí Bush orthu anuraidh. Leoga, ní raibh seans dá laghad agóid a eagrú áit ar bith in aice le Uachtarán Bush le linn ionradh na hIaráice. Níor ceadaíodh ach na meáin Meiriceánacha a bhí roghnaithe ag údarás Bush le bheith i láthair ag an preas ócáid ag an am.

I Mí an Mhárta bhí an t-Uas. Galloway MP as Glaschú in Éirinn ag caint i ndiaidh na hionsaithe Al Qai'ida i Madrid. Dúirt sé nár chóir go mbeadh muintir na hÉireann ag smaointiú nach dtiocfadh lena leithéid de bhuamáil tarlú sa tír seo. Tá gníomhartha nó easpa gníomhartha pholaiteoirí na tíre seo feicthe ag an domhan Araibeach.

Tá úsáid Aerphort na Sionna ag fórsaí mhíleata SAM le feiceáil mar pheaca mharfach. Ní amháin go raibh armlón is saighdiúirí ag taisteal ar a mbealach chun na hAfganastáine ach tuigtear anois gur thaisteal breis agus 125,000 saighdiúirí agus na céadta eitleáin cogaíochta SAM chun na hIaráice anuraidh.

Níl fáth ar bith go gcaithfeadh George W teacht go hÉireann ar chor ar bith. Tá sé in ainm is a bheith ag freastal ar chruinniú SAM/AE, rud a thiocfadh a dhéanamh sa Bhrúiseáil. Le fírinne, is mó an deis a bhainfidh Bush as an chuairt seo ar Éire le stocaireacht a dhéanamh le vótaí na Poncánaigh Éireannacha a mhealladh. Feiceann an domhan Araibeach seo chomh maith agus feictear dóibh gurbh ionann é is tacú le polasaithe míleata SAM is feachtas toghachána Bush.

Is cosúil nach bhfuil náire ar bith ag Teach Laighin ligint do údaráis Bush teacht anseo is a rogha rud a dhéanamh. Tugann an rialtas seo tacaíocht do Bush in ainneoin:

1. Go ndearna SAM neamhaird de dhlíthe idirnáisiúnta le ionsaí a thoiseacht ar an Iaráic.

2. Go nglacann an domhan idirnaisiúnta leis nach raibh arm ollscriosta ag Saddam Hussein.

3. Go n-adhmhaíonn údaráis SAM anois nach raibh nasc ar bith idir Al Qai'ida agus an Iaráic.

4. Gur fhreastal na céadta mílte ar na mórshiúlta frith-chogaíochta sa tír seo.

5. Go bhfuil cead ag lucht slándála Mheiriceá duine a scaoileadh fiú is saoirseacht taidhleoireachta a fháil.

Tá neart cruinnithe, mórshiúlta is eile eagraithe ar fud na tíre agus cuairt Bush ag dul ar aghaidh. I measc na himeachtaí seo tá; dhá champa síochána le bunadh i gcomharsanacht na Sionna, léirsitheoirí le taisteal ar rothair, agóid le seilbh a ghlacadh ar an speir in aice le Aerphort na Sionna agus mórshiúlta i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i gCorcaigh agus i nGaillimh.

Ar an drochuair, tá meon an chailín aimsire ar cheannairí na tíre seo is creideann siad gur chóir ómós a thabhairt do Bush ar mhaithe le lucht gnó Mheiriceá a shásamh. Tuigimid, áfach, go dtiocfadh seasamh mórálta a ghlacadh i gcoinne Bush gan mhuintir SAM a mhaslú. Ní hionann frith-Bush is frith Mheiriceánach. Tá neart Meiriceánaigh ina choinne is ag iarraidh rialtas úr a thoghadh.

Cuimhnítear go raibh roinnt polaiteoirí móra le rá in ann a dtuairimí a nochtadh go poiblí go raibh siad glan i gcoinne chuairteanna Nixon is Reagan. Beidh sé suimiuil feiceáil cé mhéad duine a bheas tuillteanach cur in éadan Bush an uair seo.

Seanfhocal na Seachtaine

'Tabharfaidh sé cuairt den bhata dó.'

Is dócha gurbh é seo an t-aon 'cuairt' a ba cheart a thabhairt do Uachtarán SAM.

Gluais

roghnaithe selected

gníomhartha actions

peaca marfach deadly sin

armlón arms

domhan Araibeach Arab world

nasc connection

léirsitheoirí demonstrators

saoirseacht taidhleoireachta diplomatic immunity

comharsanacht vicinity

meon an chailin aimsire slave mentality


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland