Top Issue 1-2024

15 January 1998 Edition

Resize: A A A Print

Oidhrí John Redmond i mbun oibre

Le Colm de Faoite

Le tamall anuas tá sé éirithe faiseanta a bheith ag scigmhagadh faoi phrionsabal na neodrachta. Tagraítear dó mar mheon a bhaineann le saol atá caite, le hiarracht, mar dhea, le fanacht glan ar an saol amuigh.

Is é caitheamh an phoipín agus ceiliúradh ar dhoirteadh fola cogaí impiriúla an meon sláintiúil, dar le faoraois-shúmairí Shráid na Mainistreach agus Shráid na Tuinne. Feachtas é seo le muid a réiteach le glacadh, inter alia, le Conradh Amsdardam.

Is í fírinne an scéil go gcuimsíonn cur chuige na neodrachta idirnáisiúnachas bunúsach dhaonlathas Éireann. Ní ann don chur chuige sin de dheasca na críchdheighilte nó thoscaí speisialta an Dara Cogadh Domhanda ach de dheasca dúil sa tsíocháin bunaithe ar cheartas agus séanadh ar eachtraíocht impiriúil.

Thuig Wolfe Tone a raibh i gceist. I 1790 scríobh sé Spanish War!, an dara paimfléad uaidh, inar chuir sé in éadan Éire a bheith sliogtha isteach i gcogadh idir Sasana agus an Spáinn, cogadh a bhí á thuar ag an am.

Easaontas faoin pháirtíocht sa chogaíocht impiriúil ba chionsiocair leis an scoilt sna hOglaigh i 1915. Ag an tráth sin bhí Séamas O Conghaile ina urlabhraí ar Chonradh Neodrachta na hÉireann. Ní féidir Éirí Amach 1916 a thuiscint i gceart muna dtuigtear a mhéad agus a bhí sé ina hagóid in éadan an Chogaidh Mhóir.

Chuir na Réamonnaigh Éireannaigh óga amach le bás a fháil ina mílte agus, níos measa, leis na mílte daoine óga eile a mharú. Tá oidhrí na Réamonnach ag réiteach lena leithéid de choir a imirt ar an nglúin atá le teacht. Is cuid den réiteach sin an ``deamhnú'' a déantar ar ábhar namhad ar nós na nIarácach, na nIaránach, na Seirbeach agus eile.

Go deimhin, tá feachtas ciníoch Independent Newspapers in éadan teifeach ag tacú leis an ndeamhnú sin. Más féidir a thabhairt le fios d'Éireannaigh óga gur daoine gan mhaith iad Arabaigh, Afracaigh nó Albánaigh beidh sé níos éasca iad a chur á marú i gcogaí acmhainne na 21ú aoise.

Daingneoidh Conradh Amstardam fréamhacha sárstáit núicléigh a bhfuil cur chuige cinsealach aige i leith na dtíortha i mbéal forbartha. Múchfaidh sé pé neamhspleáchas atá fágtha i mballraíocht an Aontais Eorpaigh maidir le cúrsaí gnóthaí eachtracha. Neartóidh sé an ceangal idir an AE agus Aontas Iarthar na hEorpa (AIE).

Go dtí seo dhiúltaigh an stát Éireannach a bheith ina lánbhall den AIE agus chloigh Fianna Fáil leis sin ina bhforógra olltoghcháin anuraidh. Ach bainfidh Conradh Amstardam an dúshraith den pholasaí sin. Ní miste é sin a chur in iúl do bhaill an pháirtí úd a bhfuil a bhformhór, creidim, ar son na neodrachta.

Nuair a thosaíonn feachtas an reifrinn faoi Chonradh Amstardam déanfaidh a lucht tacaíochta iarracht ceist na neodrachta a sheachaint. Ansin déanfar iarracht ceobhrán a chaitheamh timpeall le mí-úsáid frásaí mar ``ár ndualgais idirnáisiúnta,'' ``coinneáil na síochána'' agus, an tseoid is ansa liom, ``anois ós Eorpaigh muid.''

Ní mór idirdhealú soiléir a dhéanamh idir oibríochtaí bona fide faoi cheannas na Náisiún Aontaithe leis an tsíocháin a choinneáil agus feachtais faoi stiúradh grúpaí cogaíochta (ECAT/NATO, AIE nó, go deimhin, an AE féin) le polasaí eachtrach na Bruiséile (nó Bonn nó Londan) a chur i bhfeidhm le lámh láidir.

Is é ár ngnó mar dhaonlathaigh agus idirnáisiúnaithe tacú leis an chéad chineál fiontair agus seasamh i gcoinne an dara sórt.


Seachtar le haistriú ó Sasana



TÁ seachtar cime eile le haistriú an tseachtain seo, rud a fhagann timpeall dosaen cime thall fi gcónaí, ina measc ceathrar a bhfuil breis agius 22 bliain curtha isteach acu, agus gan aon data saoirse (nó tariff) acu fós.

`Seo an t-aistriú is mó ó thosaigh na haistrithe agus ó thosaigh Rialtas na Breataine agus Rialtas Bhaile Átha Cliath ag comhlíonadh coinníollacha Cárt na hEorapa ar Aistriú Príosúnach. D'fháiltigh Eoghan Mac Cormaic nuacht na n-aistrithe ach dúirt sé nach ionadaí riamh aistriú do scaoileadh saor na gcimí agus gheall sé go leanfadh Saoirse ar aghaidh lena n-eilimh do shaoirse iomlán do na príosúnaigh pholaitiúla go léir.

Agus cháin Michael Browne, úrlabhraí Roinn na gCimí Shinn Féin athrú intinne Oifig Thuaisceart Éireann an tseachtain seo a chur dáta réamhcsaoileadh saoir siar do bheirt cimí poblachtánach.

`Tá Rialtas na Breataine ag unfairt dona hAondachtaithe arís' arsa Browne. `Bhí an bheirt seo le dul go dtí Príosún Bhéal Feirste an tseachtain seo le tús a chur lena tréimhse ar an scéim réamhshaoirse, an tréimhse nuair a bhíonn ar cimí atá ag críochnú téarmaí saoil obair taobh amuigh den phríosún.'

Bhí Michael Timmons agus Sean Kelly in ainm bogadh Dé Luain seo ach tá Rialtas na Breataine i ndiaidh dul siar ar an socrú sin.

Dúirt Michael Browne go ndearna an OTÉ teagmháil leis an bheirt thar an deireadh seachtaine agus d'inis dóibh go raibh `botún riaracháin' déanta acu agus nach mbeadh na príosúnaigh ag dul go dtí Príosún Bhéal Feirste ar Bóthar na Croimghlinne anois.

Cé gur ghabh an OTÉ a `leithscéal' as a tharla, is beag solais é sin do theaghlaigh na gcimí a bhí ag fanacht ar a ngaolta ag filleadh abhaile.


Gnéithe dár stair



Ireland and Early Europe
Le Liam de Paor
Foilsithe ag Four Courts Press
Praghas £14.95 (bog)

Le Deasún Breatnach

IS dócha go rabhais féin sa chruachás céanna is a bhÌos-sa minic go leor, mé ag plé le daoine o thíortha eile agus fonn orm leabhar a cheannach dóibh a thabharfadh léargas maith ar fhuinneoga áirithe de chuid stair na hÉireann.

Seo chugat, mar sin, a léitheoir, saothar curtha le chéile ag fear a bhfuil clú is cáil bainte amach aige mar sheandálaí, mar staraí is mar scríbhneoir.

Leabhar atá ann a chuirfeas faobhar ar mhian an té a bhfuil spéis mhór aige sa tÌr seo, sa chaoi nach mbeidh sé ach leathshásta go dtíÌ go mbeidh leabharlann Éireannach faoina smacht.

Ach mionleabharlann atá sa leabhar seo faoi mheas agus scóip mhór faoin údar, idir ealaíon na bpobal Ceilteach, Theamhair na Ríogh, mhisinéirí Éireannacha, luathscríbhinní na tÌre seo, agus go leor leor eile, a bhformhór bunaithe ar shraith altanna i mBéarla leis an bPaorach.

Chuireas-sa spéis ar leith in ``The Celtic Woman,'' go háirithe mar gheall ar an gcoimhlint atá ar bun le tamall ag an neach sin le cothrom na Féinne a bhaint amach di féin.

Toradh is ea é ar leabhar leis an Ollamh Jean Markale a léigh an Paorach agus a spreag é le machnamh a dhéanamh ar chúrsaí, mar atá Women of the Celts, aistriúchán i mBéarla ar an mbuntéacs, La femme celte.

Tharla go raibh deis agam an saothar sin a léamh tar éis do chara cóip a thabhairt abhaile leis ón bhFrainc. Ní haon iontas é go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar an bPaorach mar is den scoth é sin, freisin.

Is ait liom go gcaitheann Liam amhras éigin ar a bhfuil curtha le chéile ag Markale faoin stadas a bhíodh ag an mbean Cheilteach sna tíortha Ceilteacha nuair a bhíodarsan saor neamhspleách, agus an fhianaise a bheith chomh fairsing faoi sin, go háirithe tar éis dúinn staidéir éigin a dhéanamh ar na dlíthe mar a bhíodh sa mBreatain Bheag agus in Éirinn (sampla maith is ea A Guide to Early Irish Law le Fergus Kelly, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath).

Agus caithfidh go bhfuil an Paorach eolach ar stadas na mban in Éirinn go dtí an 17ú Aois, é maisithe chomh dána is chomh láidir sin ag leithéidí Ghráinne Ní Mháille!

De réir mar a thuigimse na cúrsaí sin, saoirse na mban in annallód, gur stadas ab ea é a théann siar go dtí an Ré Neoliotach, ar a laghad. De réir na fianaise, ré mhaitriairceach a bhí i bhfeidhm ar fud na hÁise agus na hEorpa go dtí teacht na nInd-eorpach. Ba shin an dream a d'athruigh cúrsaí as cuimse agus a ndéithe a chur san áit a mbíodh na bandéithe.

Go mall a d'éirigh leo; agus tugtar faoi ndeara gur bandéithe den seanré a bhÌ in Athena agus i mBritomartis. Níos moille fós a d'éirigh leis na Ceiltigh, sna hoileáin go háirithe, an cultúr nua a shainbhun , agus sin is cúis don bhandia a bheith fós chomh beo bríomhar in Éireann, interalia ár nÁine, ár gClíona, ár nÚna, ár mBrigit, agus, go deimhin, An Chailleach.

Ach níl sa mhéid sin uilig ach gné amháin de shaothar an Phaoraigh a chuirfeadh fonn argóna orm, agus cén dochar sin? Ceart go leor, is fada an lá ó scríobh Levy an saothar breá úd agus cá bhfios nach bhfuil a mhalairt de thuairim in uachtar ar na saolta seo. Fáilte roimh an bPaorach le muid a chur ar an atheolas!

An locht is mó ar an leabhar, is dócha, na léaráidí atá chomh mór in easnamh i saothar atá chomh hiontach sin agus é ag plé le gnéithe den stair atá ar éigean ar eolas ag ár bhformhór. Tá bearna ansin agus b'fhéidir le Dia go líonfadh an Paorach í amach anseo agus cinnte dearfa go gcuirfí fáilte roimh an eagrán.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland