New side advert

30 June 2013 Edition

Resize: A A A Print

An bhfuil an CIA ag faire ort?

Agus má tá, an ndéanann sé aon difríocht dhuit?

Is í an cheist ná an bhfuiltear ag cloí le dlíthe na hÉireann agus na hEorpa maidir le príobháideacht agus sonraí pearsanta saoránaithe na tíre agus an Aontais

TÁ AIRD tarraingthe ag Edward Snowden  ar dhomhan na faisnéise in athuair leis na liomhaintí atá déanta aige maidir leis an CIA a bheith ag bailiú eolais fúinn uilig ar shuíomhanna na mórchomhlachtaí idirlíon. Ní dócha go gcuireann sé iontas ar aon duine againn go mbeadh a leithéad ar bun, ach is dóigh gur ábhar iontais é go bhfuil sé seo tagtha amach go poiblí i gcomhthéacs an stáid ina bhfuil Julian Assange agus Bradley Manning.

I ndiaidh sceitheadh Manning do Wikileaks agus an síorleanúint atá na húdaráis sna Stáit Aontaithe ag déanamh ar Assange, ag iarraidh é a thabhairt chun cúirte, tá sé deacair déanamh amach céard a spreag Snowden agus fios aige go mbeadh an tóir céanna ag na húdaráis fáisnéise ar siúd chomh maith céanna.

Tá impleachtaí ag na scéalta seo dúinn in Éirinn chomh maith. Tá cuid mhaith de na comhlachtaí is mó idirlín ar domhan lonnaithe anseo in Éirinn. Is léir go bhfuil bainc mhóra ríomhaireachta ag leithéidí Google, Facebook, is araile anseo ar a bhfuil cuid mhaith den eolais seo a mbíonn na seirbhísí faisnéise ag tochailt iontu agus iad ag iarraidh ábhar sceimhlitheoirí a aimsiú.

Is í an cheist ná an bhfuiltear ag cloí le dlithe na hÉireann agus na hEorpa maidir le príobháideacht agus sonraí pearsanta saoránaithe na tíre agus an Aontais? Agus muna bhfuil, an bhfuil dualgas ar Rialtas na hÉireann feidhmiú chun deimhniú nach bhfuil dlí na tíre agus na hEorpa dhá sharú. D’ardaigh mé seo leis an Aire Shatter sa Seanad le déanaí agus dúirt sé gur ábhar buartha dó na scéalta seo faoi na seirbhísí faisnéise idirnáisiúnta agus go raibh sé chun iad a phlé le húdaráis Mheiriceá.

page 5 1

• Edward Snowden, Julian Assange agus Bradley Manning

Deir Shatter liom nach raibh sé ar an eolas faoi aon tochailt rúnda digiteach a bheith ar bun in Éirinn, ach dá mbeadh féin an mbeadh an Rialtas sásta gníomhú? Le linn an G8 chonaic muid an ‘gean’ atá ag ár dTaoiseach ar na Poncánaigh, go h-áirithe an Uachtarán Obama.

Dála an scéil, deir an Taoiseach nár ardaigh sé na fiosrúcháin i Seanaid Mheiriceá faoi rátaí cáin corparáide na hÉireann lena dhlúthchara Barack, is beag an baol mar sin go dtarraingeoidh sé féin ná Alan anuas mianadóireacht eolais an CIA in Éirinn. Ní fhéadfaí sin a dhéanamh ar eagla go gcuirfí as don ‘deá-chaidreamh’ atá muid ag cruthú leis na Stáit Aontaithe.

Ní haon scéal nua é seo do Rialtais na hÉireann dár ndóigh. Le blianta tá na húdaráis ag breathnú an treo eile maidir le h-eitiltí tríd aerfort na Sionainne a bhfuil gialla nach bhfuair triail ar bord orthu. Tá Aerfort na Sionna ag brath ar an ioncam agus ní ligfidh an ‘realpolitik’ do na h-údaráis anseo clampar a tharraingt faoi rud chomh ‘fánach’ le ‘cearta daonna’.

page 5 2

Mar sin, cén áit is cóir an line a tharraingt. An mbeidh an CIA ag faire ormsa anois mar go raibh mé ag ‘googláil’ Bradley Manning, Julian Assange and Edward Snowden agus mé ag tarraingt an alt seo  le chéile? Má tá an CIA ag faire, nach féídir glacadh leis go bhfuil an rud céanna ar bun ag seirbhísí faisnéise idirnáisiúnta eile chomh maith? Agus, cá bhfios nach bhfuil Rialtas na hÉireann dhá dhéanamh chomh maith. Bíonn buiséad faoi leith gach bliain a thugtar do ‘sheirbhísí rúnda’ nach dtugtar aon mhíniú air?

Bhí mé sna Stáit Aontaithe den chéad uair ariamh aimsir na Cásca. Stopadh mé i ngach aerfort agus gach seicphointe slándála ar an mbealach agus fuair mé dian-cheistiú maidir le mo thuras –– go h-áirithe agus mé ag tuirlingt i San Diego, áit ar coinníodh mé beagnach dhá uair a chloig. Is léir gur phioc an córas suas rud éigin fúm a bhí ina ábhar imní don lucht slándála. Ní nach ionadh is dóigh! Fear singil, le sloinne fada Gaeilge, ag taisteal ina aonair ar feadh cúpla lá, agus dár ndóigh –– Seanadóir le ‘Sinn Féín’.

Chuir sin na cloig aláraim ag bualadh cinnte.

Nó, an é go raibh an córas rúnda, a bhfuil trácht ag Snowden air, tar éis aird a tharraingt orm chomh maith? Cá bhfios? An ndéanann sé aon difríocht? Ní dóigh liom go n-éiroidh mé as a bheith ag úsáid seirbhísí idirlíon mar thoradh air.

Ach, má dhéanaim mo chuid idirbheartaíocht ar-líne ar fad i nGaeilge an bpiocfaidh sé suas ar sin? B’fhéidir gur fiú dom é a thriail!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group