15 April 2010 Edition

Resize: A A A Print

Plé ar an Stráitéis ag Ard Fheis CnaG

Labhróidh an tAire nua Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, TD, ar na deiseanna atá ann do Chonradh na Gaeilge i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais ag oscailt oifigiúil Ard-Fheis an Chonartha san Óstán Strand, Luimneach ag 9.00in oíche Aoine, 16 Aibreán 2010.
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is gá ról lárnach a bheith ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge má táimid leis na spriocanna atá luaite inti a bhaint amach, agus mar fhóram daonlathach do phobal na Gaeilge, beidh Conradh na Gaeilge i lár na himeartha maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise.
“Is gá do Chonradh na Gaeilge agus do phobal na Gaeilge i gcoitinne na spriocanna atá sonraithe sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a neartú: is gá go bhfeidhmeofaí an Straitéis mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP); is gá go mbeadh comharthaí bóithre dátheangacha san áireamh inti, mar shampla; agus is gá go bhforbrófaí cúrsa comhtháite Gaeilge bunaithe ar an gcúrsa do scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, Séideán Sí, le haghaidh na mbunscoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc mar ábhar práinne, cuir i gcás.”
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Is fiú a lua gur ghlac an Rialtas leis an moladh ón gConradh go mba chóir go mbeadh pleanáil don Ghaeilge á dhéanamh sa phobal de réir contae, agus tá tús curtha againn leis an obair sin i gCo. Chill Dara i bpáirt le Glór na nGael agus Comhluadar, le súil againn go gcuirfidh an tAire Carey na hacmhainní cuí ar fáil leis seo a leathnú do chontaetha eile ar fud na tíre mar chuid den Straitéis.”
Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010 san Óstán Strand, Luimneach ón 16 – 18 Aibreán 2010. Beidh an Ard-Fheis á chraoladh beo ar-líne ag http://www.ustream.tv /channel/ard-fheis-chonradh-na-gaeilge-2010 d’éinne nach féidir freastal agus is féidir páirt a ghlacadh i ngnó na hArd-Fheise ar Twitter trí theachtaireachtaí leis na carachtair #afcnag a chur ag deireadh gach teachtaireachta, agus taispeánfar an sruth Twitter ar scáileán ag an Ard-Fheis.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland