Top Issue 1-2024

17 April 2003 Edition

Resize: A A A Print

Coinín na gCásca

This week, AN DRAOI RUA delves into the origins of the Easter bunny as it proves to have pagan, Christian and marketing value at this time of year.


Seans maith go bhfuil neart daoine den tuairim gurb iad 'Cadbury's' nó comhlacht éigin eile dá leithéid a chruthaigh íomhá choinín na gCásca. Nuair a luaitear 'coinín na gCásca' is dócha go dtosaíonn cuid againn ag smaointiú fá charachtar éigin cosúil le Bugs Bunny ag bocléim thart i bpáirceanna an earraigh agus ciseán lán d'uibheacha seacláide le cur i bhfolach aige. Faraor, ní mar sin a saolaíodh coinín na gCásca.

Tagann an focal Béarla 'Easter' ón ainm 'Eástre' nó 'Ostara' a bhí mar bhandia Sacsanach ar éirí na gréine agus ar an earraigh. Creidtear go raibh ceiliúradh mór in ónóir an bhandhia ag an am seo den bhliain. Ag an am céanna, bhíodh ceiliúradh mór ag na Lochlannaigh dá mbandia 'Frigga', bean chéile Odin, rí na ndéithe Lochlannacha. Rinneadh ceiliúradh ar 'Fhrigga' in omós aiséirí an dúlra i ndiaidh tréimhse fadálach an gheimhridh. Bhí baint ar leith ag banríon na ndéithe Lochlannach 'Frigga' leis an ghealach chomh maith. Tuigtear go mbrathann dáta na gCásca ar an ghealach ar dhóigh éigin.

Aithníodh 'Frigga' l'íomhá an ghiorria agus tuigeadh go raibh torthúlacht agus draíocht ag baint le giorria i gcónaí. I ndiaidh na blianta, rinneadh coinín den ghiorria agus is é sin an fáth a bhfuil coinín na gCásca aitheanta i láthair na huaire.

Mar atá a fhios againn, bhí an oiread sin meas ag na págánaigh ar an bhandia seo agus ar na nósanna éagsúla a bhain léi gur roghnaigh institiúidí na gCríostaíochta na híomhánna céanna a úsáid mar ceiliúradh ar aiséirí Chríost. Sa lá atá inniu ann, is iad lucht an rachmais a bhaineann úsáid as íomhánna áirithe ar mhaithe le brabús a dhéanamh le linn feachtas margaíochta.

Bhí traidisiúin coitianta go leor ag ár sinsear fadó a bheith amuigh ag seilg giorria Luan na gCásca. Le fírinne, ní thuigim cad é mar a d'fhorbair an traidisiún seo óir bhí meas iontach ag na Ceiltigh ar an ghiorria, chreid siad go raibh cailleach inti agus ní raibh siad tuillteanach an feoil a ithe.

Tá sé furasta go leor a thuigbheáil gur athraigh seilg an ghiorria go 'coinín na gCásca' thar ama. Cuimhnítear gurb iad na Normannaigh a thug go héirinn iad. Is ar mhaithe le bia a sholáthar a tógadh go héirinn iad. Ní amháin sin, ach baineadh úsáid as craicinn na gcoiníní leis.

Is cinnte go bhfuil torthúlacht ag baint leis na coiníní óir síolraíonn siad go gasta. Bíonn ó cheithre go hocht n-ál ag coinín gach bliain. Ní bhíonn coinín óg ach sé mhí d'aois nuair a bhíonn a céad ál aici agus idir thrí is ocht rógáirí beaga ar gach ál.

Tá rud éigin iontach soineanta i dtaobh coiníní. Siúlann siad na cúrsaí céanna chomh minic sin go bhfágann siad slí shoiléir dá naimhde. Cé gur féidir leo rith, chomh luath agus a thagann beithíoch naimhdiúil in aice leis, cailleann an coinín a mhisneach agus géilleann sé.

Thiocfadh leo scrios a dhéanamh ar ghort arbhair de thairbhe a ngoile is a líonmhaireachta. Is mór an trua gur roghnaigh feirmeoirí galar mar 'maximotoseis' (an bhfuil an litriú ceart agam?) a scaipeadh le smacht a choinneáil ar dhaonra na gcoiníní óir ní bhacann ach le fíor corrdhuine le feoil coiníní a ithe ar eagla go bhfuil rud éigin cearr leis.

Ba ghnách le daoine coiníní a ithe go minic agus i stobhach ach go háirithe. Caithfidh mé a admháil, áfach, go raibh siad iontach cúramach fán dóigh ar mharaigh siad na coiníní toisc gur chreid siad go raibh a shinsear marbh ábálta teacht ar ais i gcruthanna coiníní amanta le spléachadh a fháil ar chúrsaí an lae. Dá bhrí sin, ba cheart do phoblachtánaithe a bheith ar an airdeall nach bhfuil siad ar tí seanuncail nó sean-aintín seacláide dá gcuid a ithe i rith tréimhse na Cásca.


Seanfhocal na Seachtaine


'Ní dóichí an Cháisc a bheith ar an Domhnach.'

Má tá tú cinnte dearfach fá rud éigin, seans go mbeadh an frása thuasluaite in úsáid agat.


Gluais



Cruthaigh    create

páirceanna an earraigh    fields of Spring

aiséirí an dúlra    resurrection of nature

íomhá an ghiorria    image of the hare

torthúlacht    fertility

institiúidí na gCríostaíochta    insitutions of Christianity

feachtas margaíochta    marketing campaign

soineanta    innocent

beithíoch naimhdiúil    enemy beast

líonmhaireacht    numerous

spléachadh    glimpse

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland