20 March 2003 Edition

Resize: A A A Print

Giorria an Mhárta

People often talk of being 'as mad as a March hare', but there's a lot more to the hare than the month of March, reports AN DRAOI RUA



Tá ceangal ar leith ag an ghiorria le mí an Mhárta. Creidtear go dtéann sé rud beag ar strae i rith an ama seo. Is é an rud atá ann ná go mbíonn an giorria fireann ag déanamh a dhícheall dul i bhfeidhm ar an cheann bhaineann agus é i mbun damhsa agus geasaíochta éagsúla go bhfuil an cuma air go bhfuil sé ar mire ar fad.

'Giorr Fhia' an t-ainm a bhí ar an ghiorria fadó. Bhí meas speisialta ag ár sinsear fadó ar an fhia agus ar an ghiorr fhia as siocair gur sheachain siad teagmháil leis an chine daonna. Chreid siad go raibh násc ag na ainmhíthe seo leis an domhan eile, go raibh siad iontach mór le spioraid na marbh, le cailligh agus go mbíodh síog i gcruth ghiorria fosta.

Deirtear gur bhain cailligh úsáid as chruth an ghiorria le cleasaíocht a dhéanamh . Tá clú ar an scéal ar fud na tíre fán dóigh a mbíodh giorria le feiceáil ag ól bainne ó chíocha na mbó. Bhíodh an cailleach ag goid an bainne ach i ndiaidh tamaill, bhíodh a fhios ag an fheirmeoir go raibh rud éigin saoithiúil ag dul ar aghaidh:

I leagan amháin den scéal seo, chuaigh an feirmeoir amach san oíche agus é fiosrach cad chuige nach raibh an oiread céanna bainne ar fáil ó na ba. Nuair a chonaic sé an giorria ag goideadh an bainne, chuir sé a mhadadh sa tóir uirthi. Ghortaigh an madadh an giorria ach d'éalaigh sé ach bhí sé furasta don fheirmeoir rian fola an ghiorria a leanstan lena mhadadh. Faoi dheireadh, tháinig an feirmeoir a fhad le teach ina raibh seanbhean ina cónaí léi féin. Thug sé faoi deara go raibh an seanbhean ag cur fola go fóill agus d'iarr sé uirthi an raibh sí amuigh sna páirceanna níos luaithe. Ag an phointe seo, chuir sí cruth giorria uirthi féin arís agus í ag iarraidh éalú uaidh. Chuir sé a mhadadh sa tóir uirthi. Mharaigh an madadh í agus an giorria stróicthe as a chéile.

Bhí baint riamh ag an ghiorria le cúrsaí talmhaíochta. Le linn an fhómhair, agus feirmeoirí i mbun oibre, cuireadh an 'cailleach' ar an ghiota dheireannach a raibh le baint. Sula mbíodh an pháirc ar fad bainte, bhíodh giorria le feiceáil ag rith ón pháirc. Chreid siad go raibh 'spiorad na páirce' ag éalú agus go dtiocfadh sé ar ais arís san earrach.

Creideadh riamh go raibh suim ar leith ag an ghiorria sa seilg, gur bhain sé sult as, i ndáiríre. Thaitin leis an ghiorria bheith i mbún spóirt leis na cúnna. Is cuimhin liom uncail de mo chuid ag caint fá chúrsaí seilge. Dúirt sé liom gurbh é an comórtas ba mhó idir é féin is a chairde ná smacht a choinneáil ar a gcú. Droch-ádh a bhíodh ann dá ligfeadh d'éinne acu an giorria a ghortú choíche.

Deirtear fosta nach bhfuil mórán maitheasa ar an bhealach má tá giorria le feiceáil go luath ar maidin. Má tá sé le feiceáil cóngarach don teach, tá an bás i dán do dhuine éigin.


Seanfhocal na Seachtaine


'Giorria a chur ina shuí.'

Ní amháin gur féidir leat geit a bhaint as ghiorria leis an fhrása seo ach deir Ó Dónaill go dtig leat argóint a thoiseacht leis chomh maith.



Gluais



ceangal ar leith    special connection

fireann    male

baineann    female

geasaíocht    enchantment

násc    connection

spioraid na marbh    spirits of the dead

cailligh    witches

cleasaíocht    trickery

saoithiúil    strange

ag goideadh    stealing

rian fola    track of blood

níos luaithe    earlier

stróicthe as a chéile    torn apart

cúrsaí talmhaíochta    agricultural matters

giota deireannach    last piece

a ghortú    to injure


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland