Top Issue 1-2024

13 February 2003 Edition

Resize: A A A Print

Ceiltigh na Cruinne i gcoinne an Chogaidh

Saturday 15 February marks an international day of action for the anti-war movement. As part of this, thousands will take to the streets of Belfast and Dublin and many Gaeilgeoirí will be among them, writes AN DRAOI RUA


 


Tá 73% de dhaonra na hÉireannn i gcoinne chogaidh a thoiseacht ar an Iaráic, dar le pobalbhreith RTÉ. Tá réimse leathan daoine i measc ghluaiseacht frith-chogaíochta: Sinn Féin, An Comhlacht Glas, An Lucht Oibre, An Páirtí Sóisialach, An Eaglais Caitliceach, Eaglais na hÉireann, An Pobal Islamach, Na Ceardchumainn, Scríbhneoirí Éireannacha i gcoinne Cogaidh, PANA, AfrI, Trócaire... agus Gáeil in aghaidh an Chogaidh.

Dé Sathairn 15 Feabhra, tá mórshiúlta eagraithe i cathracha móra ar fud na cruinne mar chuid den fheachtas síochánta. Is cinnte go bhfuil an pobal idirnáisiúnta feargach fán dóigh a dtig le mionlach i gcumhacht cogadh a bhrú ar an domhan.

Maise, chuidigh Teach Laighin go mór le feachtas cogaíochta Bush agus 'Arm-phort' na Sionnainne curtha ar fáil do rialtas Bush gan cheist. Cúpla mí ó shin, níor chreid formhór na tíre go raibh seirbhís mhíleata curtha ar fáil ag an aerphort, anois, glacann siad leis. Tuigtear go raibh breis agus 9 milliún euro saothraithe as eitiltí mhíleata in aerphort na Sionnainne anuraidh - sin i bhfad sula raibh a fhios againn go raibh ionsaí beartaithe ar an Iaráic.

Fá láthair, tá port eile á sheinnt ag rialtas Ahern ná go bhfuil a lán airgid le déanamh as na eiltiltí mhíleata. Mar aon leis sin, deirtear linn gur chóir dúinn a bheith mór le SAM i gcónaí de thairbhe an méid gnó atá cruthaithe ag poncánaigh in Éirinn. Ar dtús, ní híonann frith-chogadh agus frith-Meiriceánach - tá neart poncánach in éadan an chogaidh. Lena chois sin, cuimhnítear go bhfuil a sáith brabúis déanta ag comhlachta Mheiriceá as oibrithe na tíre seo, níl a dhath ar bith ag rialtas Bush orainn.

Le fírinne, tá neodracht na hÉireann marbh agus rialtas Teach Laighin ag cuidiú is ag tacú le feachtas cogaíochta Bush is Blair. Tá stadas neodrachta lúbtha chomh mór sin i ráitis éagsúla ag airí stáit nach bhfuil rian neodracha ann a thuilleadh:

'Ní féidir a bheith neodrach agus sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta i gceist.'

'Ní raibh Éire riamh neodrach i mbrí mhíleata, ach i mbrí pholaitiúil amháin.'

[An bhfuil ciall ar bith leis na ráitis seo?]

Tá dallamhullóg millteanach curtha ar an phobal i gcoitianta ar fud an domhain. Tá bolscaireacht na cogaíochta scaipithe trí láimhseáil na meán cumarsáide le bréaga agus le cás a chruthú i gcoinne Saddem Hussein. Tá dearmad déanta ar an fhíorchúis - gur mhaith le SAM smacht a fháil ar ola na Iaráice.

Ba cheart go mbeidh ár gcroíthe tógtha le freastal ar mhórshiúlta Satharn 15 Feabhra. Tá sé thar a bheith tábhachtach páirt a ghlacadh san fheachtas idirnáisiúnta seo. Creidtear go mbeidh na milliúin daoine ag siúl na sráideanna i 55 príomhchathracha ar fud na cruinne.

Tá ceannairí rialtais Shasana agus SAM tuillteanach dul i mbun cogaíochta gan cead óna muintir féin. Tá siúl agam go mbeidh siad sásta éisteacht le guth na ngnáthdaoine ag guí ar son síochána ar fud an domhain. In Éirinn, ba chóir go mbeidh sé de mhisneach ag polaiteoirí seasamh i gcoinne riatas SAM, agus ar son chearta daonna, in ionad a bheith ag smaointiú fá airgead a dhéanamh as cogadh.

Ná déanaimid dearmad go mbeidh guth gaelach le feiceáil, le cloisteáil is le léamh mar chuid den fheachtas idirnáisiúnta seo i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath - 'Gaeil in éadan an Chogaidh.' Dar le urlabhraí, tháinig an grúpa seo le chéile fríd an tsuíomh idirghreasáin ag www.craiceailte.com B'fhiú breathnú isteach ar chuid de na postaeir agus ar na manaí éagsúla atá ar fáil ann:


'Bás ón Spéir le Bush is Blair'

'Bia - ní Buamáil'

'Ag Doirteadh fola ar mhaithe le hOla'

'Cogadh Cam Uncail Sam'

'Déan Súirí chan Buamaí'

'Tiocfaidh ár mBláth'


Seanfhocal na Seachtaine


'Luíonn iolra ar uatha.'

Ba cheart go mbeidh níos mó saighiúirí síochánta ag na mórshiúlta ná mar i mbun cogaíochta ar an Iaráic.


Gluais



Daonra    population

Pobalbhreith    poll

gluaiseacht frith-chogaíochta    anti-war movement

formhór    majority

eitiltí mhíleata    military flights

ionsaí beartaithe    planned attack

stadas neodrachta lúbtha    status of neutrality twisted

sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta    international terrorism

dallamhullóg millteanach    terrible deception

bolscaireacht    propaganda

scaipithe    spread

láimhseáil na meán cumarsáide    manipulation of the media

príomhchathracha    capital cities

ceannairí    leaders

tuillteanach    willing

urlabhraí    spokesperson

suíomh idirghreasáin    website


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland