Top Issue 1-2024

19 September 2002 Edition

Resize: A A A Print

Nósanna Ribeacha

The DRAOI RUA relates a few hairy stories this week, covering some of the Celtic folklore about druids and warriors in battle and other beliefs/superstitions about hair.


Bhí an tuiscint ann fadó go dtiocfadh pearsantacht duine a mheas ón chuma atá air/uirthi. Is dócha go bhfuil an tuiscint céanna beo go fóill sa lá inniu, cé nach gcuirtear an oiread sin machnaimh ann.

Chreid na Ceiltigh fadó go raibh bua iontach ag baint le gruaig fhionn. Bhí bua na háilleachta ag baint leis na mná go háirithe agus gruaig fhionn orthu siúd. Ba í 'Niamh Chinn óir' a mheall Oisín go Tír na n-óg léi. Lena chois sin, ba mhinic a mbíodh spéirbhean fhionn ag teacht ar cuairt chuig file i bhfoirm aislinge.

Mar aon leis sin, creideadh go raibh bua an fheasa ag duine ar bith ar a raibh gruaig fhionn. Cinnte, bhí an tréith seo ag Fionn Mac Cumhaill fadó.

Bhí na draoithe den tuairim go raibh bua diagachta ag baint le gruaig fhionn chomh maith. Ba ghnách le cuid de na draoithe aol a chur ina gcuid gruaige sa dóigh is go mbíodh dath fhionn orthu. Seans go raibh siad ag iarraidh a léiriú don phobal thart timpeall orthu go raibh siad féin iontach congárach do na déithe.

Bhí meas ar léith ag daoine ar ghruaig rua chomh maith ach tuigeadh go raibh draíocht contúirteach ag baint léi fosta. Cuirtear pearsantacht duine rua i gcomparáid le tréithe tine. Cé gur féidir le tine rudaí a théamh agus go bhfuil sí mar phríomh-eilimint ag an chine daonna, tuigtear gur féidir le tine neart a scrios freisin.

Deirtear nach bhfuil ach 3% de dhaonra na héireann ar a bhfuil gruaig rua. Dá bhrí sin, tugtar duine rua i measc slua faoi deara go furasta. Ní mór an t-ionadh é go raibh pisreoga áirithe bainte le gruaig rua. Creideann iascairí go dtí an lá inniu go bhfuil droch-ádh i gceist má chasann bean rua orthu agus iad le gabháil amach ar an fharraige. B'fhearr i bhfad dóibh pilleadh abhaile ná dul amach ag iascaireacht. Is dócha gur chreid siad go mbíodh radharc na mná rua ina gcuimhne go fóill in ionad aird iomlán ar na jabanna baolacha a mbíodh le déanamh acu ar bord báid.

Chreid na Ceiltigh fadó gur cheart dóibh gruaig fhada a bheith orthu agus iad i mbun catha. Bhí siad den bharúil go raibh siad níos cumhachtaí le gruaig fhada agus iad feasógach chomh maith. Ní thig liom a bheith cinnte an raibh siad níos láidre ach is cinnte go raibh cuma níos fíochmhaire orthu cibé.

B'iad na Normannaigh a thosaigh an nós feasóg a bhearradh agus gruaig a ghearradh. Ghearr na Normannaigh gruaig na nGael mar chomhartha go raibh siad faoi smacht agus mar slábhaithe acu. Tuigtear go raibh gruaig gairid agus feasóga loma ar mhuintir an Pháile ach gur mhair muintir Ó na coillte amach gruaigeach ar feadh i bhfad. Le linn tréimhse éilís I, chuireadh smachtagus an dlí ar fhir na héireann as croimeál a chaitheamh fiú. Ar aon nós, tá cuid de dhaonra na tíre ribeach go leor go fóill.

I measc na pisreoga eile i dtaobh gruaige, creidtear nár chóir do fhear ligint do bhean a chuid gruaige a ghearradh ná a fheasóg a bhearradh. Is dócha go bhfuil baint idir seo agus an seanscéal sa Bhíobla i dtaobh Samson agus Delilah. Cibé ar bith, tá tuairim ann go gcaillfeadh fear a chuid chumhachta nó a fhireannachta dá bharr.

Maidir leis an am is fearr le gruaig a ghearradh, moltar bearradh gruaige a fháil agus gealach úr sa spéir. Má thugtar cuairt ar an ghruagaire agus an gealach ag meath, gach seans go dtósóidh an ghruaig ag titim Ó do chloigeann.

Ba cheart a bheith cúramach leis an ghruaig atá gearrtha. Níor chóir gruaig a dhó riamh. Is é an rud is fearr a dhéanamh leis an ghruaig ná í a chur faoi fhód nó í a chur isteach idir clocha i mballa éigin. Má thagann éanacha ar ghruaig, tá baol ann go mbainfidh siad úsáid as mar ábhar neadacha. Deirtear go mbíonn tinneas cloiginn ar dhuine a bhfuil a chuid gruaige mar ábhar neide. Ach, dá dtiocfadh le duine a 'ribe tuathail' a aimsiú, ní bheadh le déanamh aige/aici ach í a tharraingt agus bheadh leigheas ann don tinneas chinn.

Léirítear mothúcháin leis an ghruaig chomh maith. Tá saoirse le sonrú i ngruaig fhada a fheiceáil ar dhuine. Sa tseanam, níor cheangail mná a gcuid gruaige go dtí go raibh siad pósta - seans gur mhothaigh siad ansin go raibh a gcuid saoirse caillte ansin. I dtithe faire, lig na mná caointe dá gruaig titim gan í a chíoradh. I gcúrsaí grá, áfach, ba mhinic a mbeadh dual gruaige tugtha mar bhronntanas.



Seanfhocal na Seachtaine


'Ní hí an bhreáthacht a chuireann an crocán a fhiuchadh.'

Tuigtear go bhfuil tréithe i bhfad níos tábhachtaí ná an cuma atá ar dhuine.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland