Top Issue 1-2024

8 August 2002 Edition

Resize: A A A Print

Deacrachtaí Dramhaíola

The problem of waste management is a national disaster suffered by different ways locally by various communities. It is, however, according to AN DRAOI RUA, a problem that should never been allowed to develop.



Níl amhras ar bith ann ach gur fadhb ollmhór náisiúnta í láimhseáil dramhaíola in éirinn. Níorbh é nach raibh a fhios againn cad é a bhí i ndán dúinn blianta ó shin. In ionad gabháil i ngleic leis na deacrachtaí, ligeadh don fhadhb dul in olcas.

Is dócha gur chuala gach duine againn moltaí ag teacht ó Comhairlí Chontae gur féidir gearradh siar de 90% ar an mhéid dramhaíola taobh istigh de roinnt blianta.

De réir cosúlachta, tá réiteach simplí ar na fadhbanna seo ar fad. Is féidir athchúrsáil a dhéanamh ar ndóigh. Tuigtear go dtig páipéar, cairtchlár, éadaí, gloine, cannaí agus plaisteach a athchúrsáil.

Ar an drochuair, ní cosúil go bhfuil an toil ceart ann láithreáin athchúrsála a fhorbairt. Níl sé furasta do gach duine suíomhanna athchúrsála do pháipéar agus cairtchlár a aimsiú mar shampla. Níl láithreáin athchúrsála ar fáil go poiblí d'ábhair plaisteacha. Lena chois sin, druideadh monarchán i mBaile Átha Cliath le déanaí a bhí ag athchúrsáil gloine. Dá bhrí sin, níl áit ar bith in éirinn ina dtig gloine, cannaí ná plaisteach a athchúrsáil. Cad chuige sin?

Maidir le láimhseáil dramhaíola, is féidir aoileach a dhéanamh as ábhair orgánacha ón chistin i mboscaí bruscair éasca go leor chomh maith. De réir staidéar a rinne an Comhairle um Chaomhnú na Portaigh in éirinn ar na mallaibh, tá a lán teaghlaigh tuillteanach aoileach dá gcuid féin a dhéanamh ar an dóigh seo. Creidtear go ndéanann ceathrar as gach cúigear garraíodóir a gcuid aoileach féin. Cinnte, tá an t-aoileach i bhfad níos fearr ná an móin a úsáid. Mar aon leis sin, tuigtear gur féidir an ceathrú chuid d'ábhar bruscair i ngach teach a úsáid l'aoileach a dhéanamh. Ar ndóigh, ní chóir dearmad a dhéanamh ar dhaoine a chónaíonn i dtithe na cathrach in arásáin nach bhfuil gáirdíní acu ná na bialanna agus eile ach oiread.

Cé go bhfuil formhór an phobail ar aon intinn gur cheart dramhaíl a athchúrsáil, a scaradh agus aoileach a dhéanamh, is cosúil go bhfuil a pleananna féin ag an rialtas. In ionad dóigheanna deafacha a chothú, tá na cúrsaí ag iarraidh níos measa. Ar fud na tíre, dúradh go mbeadh laghdú ar an mhéid dramhaíola, ach i gCiarraí mar shampla, bhí 48,000 tonna dramhaíola in aghaidh na bliana cúig bhliain ó shin agus anois tá 60,000 tonna. Caitear 1,600 tonna dramhaíola i suíomh Chontae na Gaillimhe gach seachtain agus anois tá pleananna ag bhainisteoir an chontae láithreán ollmhór dramhaíola don chúige a ainmniú i gceann míosa.

Ní dóigh liom go bhfuil sé ar intinn ag an rialtas seo a dhath ar bith a dhéanamh i dtaobh láimhseáil dramhaíola ach láithreáin ollmhór a fhorbairt don bruscar agus loiscneoirí a lonnadh l'ábhair éagsúla a dhó. Is dócha go gcreideann siad gurb é seo an rogha is saoire dóibh, rud nach dtuigim. Cén costas a bheas ar an scrios ar fad? Nach mbeadh sé níos ciallmhaire scéimeanna agus monarchána athchúrsála a bhunadh le fostaíocht a chruthú?

Ní amháin nach bhfuil na féidireachtaí curtha ar fáil do phobal na tíre dramhaíl a láimhseáil mar ba chóir ach tá méadú mór tagtha ar an chaiteachas a bhaineann le bruscar. Ar an drochuair, b'fhearr le roinnt daoine táillí bailithe a sheachaint agus caitear cuid mhór bruscair ar thaobh an bhóthair, i bportaigh is déantar suíomhanna dramhaíola neamhoifigiúla ar fud na tíre.

Ná déanaimid dearmad, áfach, go bhfuil breis agus 90% d'ábhair dramhaíola déanta ag monarchána, ag an lucht gnó agus ag comhlachtaí tógála in éirinn. Tá sé thar am acu a bheith freagrach as a mbruscar féin a láimhseáil mar ba chóir.



Seanfhocal na Seachtaine


'Má ghránn tú an t-aoileach, ní fheiceann tú an dúradán ann.'

Níl mé ag moladh gur cheart dúinn grá a bheith againn d'aoileach. Tuigim, áfach, gurbh fhearr i bhfad aoileach ná dramhaíl.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland