Top Issue 1-2024

20 June 2002 Edition

Resize: A A A Print

Cruthú na Gréine

Although we haven't seen much of the sun in Ireland this year, AN DRAOI RUA relates a few Aboriginal legends about the creation of the sun in time for the summer soltice

Ós rud é go bhfuil grianstad an tsamhraidh linn 21 Meitheamh, shíl mé go raibh leithscéal agam trácht ar roinnt scéalta béaloideasa ó bhunstoc na hAstráile i dtaobh chruthú na gréine.

Tá finscéal simplí a chuireann síos ar dhomhan sa dorchadas inar roghnaigh pobal na cruinne cónaí a dhéanamh faoin talamh. Bhíodh lóchrainn ag na daoine seo agus iad ar iompar acu sna uaimheanna ag cuartú bia. Maidin amháin, d'fhág máthair áirithe a mac in uaimh ar leith agus í ag dul sa tóir ar fhréamhacha nó ar rud éigin eile l'ithe. Chaith sí an lá ar fad ag iarraidh bia a fháil ach níor éirigh léi. Fá dheireadh an lae, thuig sí go raibh sé in am di pilleadh ar a mac. Chuardaigh sí sna uaimheanna uilig ach theip uirthi a mac a aimsiú. Lean an máthair ag cuartú sna uaimheanna agus í caillte agus i gceann tamaill, tháinig sí ar dhomhan dorcha eile os cionn an talaimh. Tá an mháthair sa tóir ar a mac go dtí an lá inniu agus téann sí timpeall na cruinne gach uile lá agus a lóchrann (an ghrian) ina lámh aici go fóill.

Tá finscéal eile i dtaobh chruthú na gréine ag bunstoc na hAstráile a théann siar chuig tréimhse ina raibh eiteoga ag éamú. Chónaigh an t-éamú sna scamaill os cionn an domhain agus níor bhac sé riamh le cuairt a thabhairt ar an domhan dorcha faoi. Bhí an t-éamú breá sásta leis an éagsúlacht scamaill a bhí ar fáil i ndomhan s'aigesean agus iad ag athrú de shíor. Chodail an t-éamú sna scamaill agus bhí sé ábalta neadacha a chur iontu chomh maith.

I ndiaidh tamaill, áfach, d'éirigh an t-éamú iontach fiosrach fán mhéid a bhí ag tarlú ar an domhan dorcha faoi na scamaill. Chuaigh sé ar cuairt ag eitilt os cionn an talaimh. Cé go raibh sé dorcha, bhí radharc súl iontach ag an éamú riamh agus chonaic sé go raibh réimse leathan dathanna sa domhan. Ní amháin sin, ach bhí na sléibhte is na cnoic buan ar talamh, rud nach raibh aige i measc na sléibhte is na cnoic scamallacha. Thuig an t-éamú go raibh áilleacht ar leith leis an domhan faoi agus níor chuir isteach air nach raibh na sléibhte is na cnoic ag síorathrú toisc go raibh an oiread sin acu ann.

Nuair a d'eitil an t-éamú níos cóngaraí don talamh, thug sé faoi deara go raibh réimse ollmhór ainmhíthe, éisc is éanacha eile sa domhan seo. Tar éis tamaill, bhí sé de mhisneach ag an éamú dul chun cainte le roinnt éanacha a bhí i mbun damhsa éigin. D'iarr sé ar na héanacha an mbeadh cead aige páirt a ghlacadh sa damhsa. Bhí éad ar éan ar leith leis an éamú chumhachtach agus dúírt sé leis nach mbeadh sé in ann an damhsa a dhéanamh go dtí go mbainfeadh sé na eiteoga móra dó. Nuair a bhain an t-éamú na heiteoga dó, fágadh nach raibh sé ábalta pilleadh ar a ríocht sna scamaill arís choíche. Ansin, rinne an t-éan éadmhar ábhar magaidh den éamú.

Chonaic Mac an Spioraid Uilechumhachtach an méid a tharla ar an domhan dorcha agus bhí an oiread sin fearg air gur réitigh sé smacht a chur ar an éan éadmhar. Bhain sé a chumas ceoil ón éan agus fágadh nach mbeadh ach ubh nó dó san ál aige gach bliain.

Chuir an éan éadmhar locht a chruachás ar an éamú agus rinne sé ionsaí ar nead s'aigesean. Chaitheadh ubh éamú suas sa spéir agus phléascadh a blaosc i measc ábhar tine a bhí fágtha ar leataobh ag Mac an Spioraid Uilechumhachtach. Tá an tine céanna (an ghrian) ag dó sa spéir go fóill.



Seanfhocal na Seachtaine


'An ghrian a thabhairt abhaile leat.'

Cé gur maith linn an samhradh a thabhairt linn, is é atá i gceist leis an mhéid thuasluaite ná a bheith sa bhaile roimh luí na gréine.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland