Top Issue 1-2024

21 March 2002 Edition

Resize: A A A Print

Bleadracht Bhertie

Níl rud ar bith as an ghnáth as a bheith ag éisteacht le Taoiseach na hÉireann ag cur dallamullóg ar phobal na tíre. Ar ndóigh, éiríonn daoine cleachtaithe le bréaga a chloisteáil uaidh go rialta. Cinnte, má éiríonn leis na bréaga ar fad a fhí le chéile ar théama amháin, b'fhéidir go mbeidh daoine ann a bheas tuillteanach a scéal a chreidbheáil. Caithfidh a admháil, áfach, nach bhfuil a chuid bréaga ag teacht lena chéile ar chor ar bith.

Cuimhním ar Bhertie 7 Márta nuair a fhógraíodh torthaí na vótaí ar reifreann i dtaobh ghinmhillidh. Dúirt sé go raibh brón is aiféaltas air nach raibh muintir na sé chontae is fiche sásta glacadh le comhairle Fhianna Fáil sa reifreann 6 Márta ach gur daonlathaí é a raibh tuillteanach glacadh le toil an phobail. Anois, cén fáth nach raibh sé sásta a bheith mar dhaonlathaí i ndiaidh don phobal céanna vóta a ghlacadh agus diúltiú do Chonradh Nice?

Ansin, 15 Márta, bhí Bertie i mBarcelona le ceannairí móra na hEorpa agus é ag maíomh dá chairde ina measc go mbeidh vóta eile aige ar Chonradh Nice i mbliana. Tuigtear go bhfuil sé ar intinn ag Fianna Fáil an vóta seo a bhrú ar phobal na sé chontae is fiche arís san fhómhair seo chugainn. Cuireann seo déistin ar dhaoine nach dtugtar aird don vóta a ghlac siad roimhe ar an ábhar céanna.

Tá Bertie ag iarraidh míthuiscint eile a chothú sa díospóireacht seo fá Chonradh Nice. Tá sé ag iarraidh ar cheannairí na hEorpa tacú le ráiteas i dtaobh neodracht na hÉireann sa dóigh is go mbeidh siad ábalta vótaí a mhealladh i reifreann eile ar an ábhar. Dúirt sé féin gurb é an príomhchuspóir taobh thiar den ráiteas ná daoine a chur ar a suaimhneas maidir le Conradh Nice agus neodracht na tíre. Dúirt Bertie go raibh na ceannairí eile an-tugtha leis an mholadh seo le ráiteas a scríobh ar neodracht na hÉireann.

Is í an fhadhb atá ann le moladh Bhertie anseo ná nach bhfuil bunús dlíthiúil ar bith ag baint le ráiteas dá leithéid. Beidh ceannairí na hEorpa breá sásta neamhaird a dhéanamh den ráiteas céanna agus é a chaitheamh sa bruscar chomh luath is atá sé scríofa acu. Is cleas millteanach é seo ag Bertie agus tá sé ag spochadh as muintir na tíre seo i ndáiríre.

Ach, cad iad tuairimí Bhertie fá neodracht na hÉireann go fírinne? Sula raibh an Taoiseach i mBarcelona, chuaigh sé ar cuairt chuig George W. Bush. Bhronn sé póta mór seomróga ar an Uachtárán agus é ag rá go raibh muintir na hÉireann sásta tacú leis na Stáit Aontaithe ar dhóigh ar bith ins sa chogadh domhanda i gcoinne 'scéimlitheoirí'. Anois, cé a thug cead dó a leithéid de thacaíocht a thabhairt don ghealt úd?

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine


'An uair a thiteas rógairí amach, tiocfaidh duine macánta ar a chuid féin.'


Ar an drochuair, is cosúil go bhfuil na rógairí uilig breá sásta a bheith ag comhoibriú le chéile fá láthair, ach an mairfidh an comhoibriú eadarthu?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland