Top Issue 1-2024

14 March 2002 Edition

Resize: A A A Print

Mórthimpeall Éireann Uile

This week, An Draoi Rua discusses a poem dating from tenth century Ireland which tells the story of Muireachtach, an Ulster chieftain. During the winter of 941/942 AD, he made a circuit of Ireland with a thousand men, taking hostages of the Kings of Ulster, Leinster, Munster and Connaught. He was a real charachter.



Thug cara do mo chuid cóip de dhán ársa a scríobhadh sa deichiú haois fadó. Tá cóip den phíosa céanna le fáil i Leabhar Gabhála a bhí curtha le chéile ag na Ceithre Máistrí.

Is é Muireachtach Mac Néill príomhcharachtar an dáin. Cé go bhfuil an oiread sin iontais ag baint lena shaol, ba fhíor-dhuine é a mhair le linn an tréimhse thuasluaite. Bhí Muireachtach ina phrionsa in Aileach agus bhí Tír Eoghain, Tír Chonaill agus cuid mhaith eile de Chúige Uladh faoina smacht. De réir na foinsí staire, chaith sé dhá bhliain is fiche i mbun cogaíochta idir 921 agus 943 AD.

Mar aon l'eachtraí an dáin seo, tá tuairiscí stairiúla i dtaobh seacht gcath déag ina raibh sé páirteach. Ba mhinic a raibh sé i gcoimhlint le dreamanna éagsúla i measc na nGael; na hUlaidh, na hEoghanacht, Dál gCais agus Déisí na Mumhain, na hOsraighe, na Ceannsealaigh agus na Laighin. Ní amháin sin ach ba ghnách leis a bheith i gcomhrac leis na Lochannaigh go rialta fosta. Rinne sé cúpla ionsaí ar Dhonnchadh, Ardrí na hÉireann agus d'ionsaigh sé oileáin Iarthar na hAlban uair amháin ar a laghad.

Tá an dán 'Mórthimpeall Éireann Uile' ag tagairt d'eachtraí a tharla i rith an gheimhridh 941-942. Bhailigh Muireachtach cineál Eoghain, cineál Conaill agus a mhuintir ar fad le chéile ag Aileach. Roghnaigh sé gaiscigh den scoth le bheith san arm leis.

Is cosúil gur chreid sé sna sean-nósanna a chleacht na Fianna fadó óir bhí ar gach uile saighdiúr léim idir mhadadh fhíochmhar agus fear eile le sleá. Ní raibh ach míle fear san iomlán a d'éirigh leo a bheith san arm.

Ansin thosaigh Muireachtach amach leis an arm ar a thuras mórthimpeall na hÉireann. I gCúige Uladh, ghlac sé Loingseach, Rí Uladh mar ghiall leis. As sin, ar aghaidh leo go Cúige Laighin, áit a smachtaigh siad na Lochlannaigh agus iad ag glacadh Sitric, Rí na Lochlannaigh leo. Ansin, chuir Muireachtach na Laighnigh faoi chos agus thóg sé Lorcán, Rí Laighin leis. Ansin, chuaigh sé lena arm go Cúige Mumhain, áit a thóg sé Ceallachán, Rí Caisil, ar shiúl leis. Smachtaigh an t-arm na Connaghtaigh ina dhiaidh sin agus iad ag glacadh a rí, Conchúr, leo. Agus an méid seo curtha i gcrích thar an gheimhridh, phill Muireachtach ar ais go Aileach lena arm agus Ríthe na hÉireann i ngéibheann leis.

Ar ndóigh, bhí muintir Uí Néill ag iarraidh Muireachtach a spreagadh ionsaí a dhéanamh ar Dhonnchadh, Ardrí na hÉireann ansin, ach réitigh sé na gialla a bhronnadh air agus a thabhairt go Teamhair leis.

B'é Corbmacán, príomhfhile Uí Néill, údar an dáin. Tuigtear go raibh sé i measc an mhíle shaighdiúir a thaisteal timpeall na hÉireann i gcuideachta Mhuireachtach. De réir faisnáisé a thugtar sa dán féin, is cosúil gur bhreacadh síos na línte tuairim is sé mhí i ndiaidh dóibh pilleadh óna n-oilithreacht. Maraíodh Muireachtach 26 Feabhra 943 nuair a bhí sé ag troid leis na Lochlannaigh taobh amuigh d'Ard Fherdia i gContae an Lú.

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine



'Is é fear na fianáise is mó a chíonn an racán.'


Caithfidh muid a bheith buíoch do na filí a ghlac an t-am línte a scríobh le léargas ar leith a thabhairt ar stair na hÉireann.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland