Top Issue 1-2024

7 February 2002 Edition

Resize: A A A Print

Bush as Smacht go fóill

Tá a fhios againn cheana féin go bhfuil George W. Bush as a mheabhair agus go bhfuil claonadh aige fadhbanna a chruthú in ionad a réiteach. Is cosúil gur mhaith l'údarás Bush an domhan ar fad a choinneáil faoi smacht agus na buamaí is mó acu. B'fhearr leo an lámh láidir a úsáid in ionad deacrachtaí polaitiúla a phlé. Tá gach cuma ar chúrsaí go bhfuil liosta ollmhór naimhde á chruthú sa dóigh is go dtig le Meiriceá a bheith i mbun cogaidh go deo. Bhuel, sin an méid a bhí le tuiscint i ndiaidh óráid s'aigesean 'The State of the Union'.

Cé nach bhfuil sé críochnaithe go fóill leis an scrios san Afganastáin, tá sé ag smaointiú fá thíortha eile ar féidir a ionsaí; An Iaráic, an Iaráin agus An Chóire Thuaidh. Níor chuala muid a dhath eile ó George W. ach seafóid cogaíochta ó tháinig sé i gcumhacht. Leanann sé le dearcadh John Wayne agus é den tuairim go bheirfidh sé scúise mhór don iomlán acu. Cinnte, nuair atá na tíortha sin scriosta, cuirfidh sé lena liosta.

Dúirt ceannaire na hIaráine, Ayatollah Ali Khamenei, go bhfuil George W. Bush de shíor sa tóir fola. Dar leis, tá Uachtarán Mheiriceá den bharúil go bhfuil olcas i dtíortha eile, cé gurb iad na Poncánaigh a thugann tacaíocht do ríochta a choinníonn daoine faoi dhiansmacht, a dhíolann airm marfacha agus a ghoideann maoin na cruinne. Anois, admhaím nach bhfuil an oiread sin aithne agam ar an Ayatollah féin, ach bheadh claonadh agam a bheith ar aon intinn leis anseo.

Ba ea an fhreagra oifigiúil a thug rialtas na Cóire Thuaidh ar 'The State of the Union' ná gur thuig siad go raibh cogadh a fhógairt ag Bush orthu. Ar ndóigh, níl aon iarracht déanta ag údarás Mheiriceá dul chun cainte leis an rialtas úd le deacrachtaí i dtaobh airm núicleacha a phlé.

Is é an rud atá i gceist ag údarás Bush a dhéanamh ná dallamúllóg a chur ar a phobal féin nach mbeadh siad ag smaointiú fá na deacrachtaí éagsúla atá acu sa bhaile. Caithfidh a admháil go bhfuil drochchlú ar rialtas Mheiriceá i ndiaidh dóibh a bheith i mbun cogaidh fíochmhair i gcoinne muintir na hAfganastáine, an drochíde atá tugtha acu do na cimí i gCúba agus an tacaíocht iomlán a thugann siad do rialtas an Iosrael. Lena chois sin, tá a chuid deacrachtaí eacnamaíochta acu sa Mheiriceá agus is cosúil go bhfuil siad ag dul in olcas. Dá bhrí sin, nuair a fhógraíonn Bush cogaidh eile, déantar neamhaird ar na fadhbanna uilig thuasluaite.

Feictear fosta go bhfuil méadú ollmhór de $33billiúin fógraithe ag Bush ar an chaiteachas chogaíochta. Tuigtear go bhfuil ráta airgid i bhfad níos mó caite ar airm anois i Meiriceá ná riamh; ní raibh an ráta céanna caite le linn an dara chogadh domhanda fiú. Tuigtear fosta go bhfuil sé ag cuidiú lena chairde atá bainte le comhlachtaí airm. Maise, bhí sé ag brath ar na daoine seo cheana agus é ag streachailt i bhfeachtas toghacháin.

Ar an drochuair, is cosúil nach bhfuil ceannairí stáit san Iarthar cróga go leor le cur i gcoinne údarás Bush. Ní amháin go bhfuil cuma ar an scéal go bhfuil ceannairí an Iarthair ag tacú le George W. d'aonghuth, ach feictear dúinn go bhfuil na Poncánaigh ar fad ar strae leis an fhonn chogaíochta. Cé atá ag gabháil labhairt amach ina choinne?

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine



'Bíonn marbh duine idir dhá fhocal.'


Tá i bhfad barraíocht ráite ag George W. cheana agus tuigimid go ró-mhaith go bhfuil na mílte maraithe dá bharr.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland