Top Issue 1-2024

22 November 2001 Edition

Resize: A A A Print

A Thuilleadh Taibhsí

Is íontach an rud é ach tá scéalta difriúla ann a chuireann síos ar naoimh ag teacht ar ais ó na marbh agus iad ag tabhairt aire dá suíomhanna naofacha féin. Creidtear go bhduil Naomh Ciarán ag crochadh thart fá Chluain Mhich Nóis go fóill agus é ag déanamh cinnte nach ndéanann duine ar bith damáiste don mhainistir ná don reilg ansin. Tuigear gur bhuail sé roinnt daoine lena bhata nuair nár tugadh an meas ceart don láithreán.

Nuair a chluintear an focal 'taibhse', áfach, is beag duine a bhíonn ag smaointiú ar naoimh. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil olcas ag baint le cuid mhór spioraid. Is féidir leis na spioraid. Is féidir leis na spioraid seo a bheith i gcruth daonna nó i gcruthanna ainmhithe éagsúla. Deirtear go mbíonn na spioraid is measa le feiceáil mar mhadaidh nó mar mhuca dhubha. Ar ndóigh, bíonn sagart de dhíth bleis an ruaig a chur ar a leithéid mar atá le tuiscint ón scéal seo a leanas:

Mhothaigh Corcaíoch áirithe go raibh madadh fíochmhar dubh ag teacht ina dhiaidh agus é ar a bhealach abhaile oíche. D'éirigh leis éalú ach ní raibh sé sásta taisteal gan cuideachta sagairt a bheith leis an oíche dár gcionn. Nuair a d'ionsaigh an madadh dubh iad, sheas an bheirt i gciorcal coisricthe ag an tsagart. Bhí coimhlint idir an sagart agus an spiorad dubh agus fuair sé amach faoi dheireadh gur bean a bhei inti a pheacaigh ina saol nuair a mharaigh sí páistí óga an mhaithe l'airgead. Ansin, chuir an sagart an spiorad dameanta go hifreann.

Tá scéal suimiúl taobh thiar den amhrán grea 'Cailín Deas Crúite na mBó'. Deirtear gur chum sagart an amhrán clúiteach seo. Bhí sé ar a bhealach le duine a fheiceáil a bhí ar leaba a bháis nuair a bhí sé meallta ag ceol álainn draíochta. Stad sé le cluas a thabhairt l'éisteacht don amhránaí a bhí taobh thiar an fiosracht an leamh in uachtar air agus d'amharc see isteach sa pháirc ach ní fhaca sé ach madadh dubh ag canadh leis. Ag an phointe seo, thuig an sagart go raibh an diabhal ag iarraidh moill a chur air agus é in ainm is a bheith ar cuairt var dhuine a bhí ar leaba a bheais agus rith sé leis ar a bhealach. Is dócha go mbeadh i bhfad níos mó véarsaí san amhrán áirithe seo dá bhfanadh an sagart lena gcloisteáil.

Tá cuid de na taibhsí chomh fíochmhar sin go dtiocfadh leo daoine daonna a thabhairt go hifreann leo. Dá bhrí sin tá roinnt moltaí ag ár sinsear l'aire a thabhairt dár n-anamacha féin. Deirtear linn gan a bheith ag dul amach go mall san oíche sa dorchadas faoin tuath gan salann i do phóca, uisce coisricthe, bata coill nó scian dubh. Bhí cosaint ar leith ins sna rudaí seo ar fad ach creideadh nár chóir an scian dubh a úsáid ach i fíor cruachás agus í a shá sa taibhse gan a tharraingt amach. Tugtar comhairle eile toiseacht ar do phairdreacha a rá láithreach agus do bhealach a dhéanamh chuig an sruthán nó an abhann is congaraí , óir ní féidir le spioraid uisce reatha a thrasnú.

Creidtear fosta go dtig leis na mairbh teacht ón domhan eile le daoine a thabhairt leo. De ghnáth, tagann siad i gcarbhad tarraingthe ag capaill. Má fheictear a leithéid ag teacht i do threo, moltar duit léim go talamh láithreach, do shiúle a choinneáil dírithe ar an fhód romhat agus do chóta a chur ort arís taobh istigh. Creidtear gur éirigh leis an cleas eairithe seo dallamullóg a chur ar thaibhsí uair amháin ar a laghad. Bhuel, ní bheadh an scéal againn ach gur éirigh.



Seanfhocal na Seachtaine



'Trí rud a fhanann ar do bhás;

1. na péisteanna l'aghaidh do chorp

2. do pháistí l'aghaidh do mhaoin

3. an diabhal l'aghaidh d'anam


Níor mhaith liuom a bheith ró-ghruama ach tháinig mee ar an seanfhocal áirithe seo roinnt blianta ó shin i seanláimhscríbhinn agus creidim go dtéann sé go mór leis an ewabhar pléite agam san alt.


An Draoi Rua.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland