Top Issue 1-2024

21 June 2001 Edition

Resize: A A A Print

Stailc Ocrais sa Tuirc

Cé go bhfuil 23 duine marbh anois dá bharr stailc ocrais sa Tuirc, is cosúil nach bhfuil iarthar na hEorpa ná institúidí idirnáisiúnta tuillteanach aird a thabhairt ar na fadhbanna thall go fóill.

Tá breis agus trí chéad cimí ag glacadh páirt sa stailc ocrais i láthair na huaire agus níos mó ná dhá mhíle eile mar chúl taca. Ní amháin sin, ach tá chuid mhór gaolta agus cairde na gcimí ar stailc ocrais chomh maith.

Thosaigh an stailc ocrais Nollaig 2000. Bhí na cimí in achrann leis an údarás sa Tuirc toisc gur bhigadh iad go príosiúin nua-aimseartha ina bhfuil cilíní beaga cúnga acu. Bhí 10,000 saighdiúirí na Tuirce gníomhach agus iad ag bogadh cimí agus saighdiúirí ag dul don obair seo. Bhí buamaí gais agus ceimicí nimhe agus an lámh láidir in úsáid ag na saighdiúirí mar modh oibre lena gcuid aidhmeanna a chur i gcrích.

Réitigh na stailceoirí ocrais go mbeadh siad sásta uisce le siúcra nó le salann maraon le vitimíní a ghlacadh sa dóigh is go mbeadh siad ábalta maireachtáil níos faide. Mná is mó a fuair bás as an 23. Ina measc siúd, bhí Sibel Surucu nach raibh ach 24 bliain d'aois nuair a fuair sí bás i ndiaidh 130 lá ar stailc ocrais. Fuair Senay Hanoglu, beanchéile cimí, bás i ndiaidh 160 lá ar stailc ocrais. Ar an drochuair, leanann an céasadh go fóill agus is cosúil go bhfuil suas le caoga duine i mbaol báis go gairid.

Sna príosúin nua, tá na cillíní chomh beag sin go bhfágtar na cimí ina n-aonar agus leochaileach. Tugtar drochíde do na cimí go rialta faoin réim nua. Níl cead acu na cillíní cúnga seo a fhágáil ach uair amháin sa tseachtain, sin má thagann duine muinteartha ar cuairt. Is cinnte go bhfuil dochar fisiciúil agus fulaingt siceolaíochta uafásach dánta do na cimí sna coinníollacha seo.

Caithfidh a léiriú gur thug an grúpa cearta daonna, Human Rights Watch, rabhadh do rialtas na Tuirce go raibh a cuid pleananna i dtaobh na príosiúin le fadhbanna eile a chruthú. Dúirt siad i mí Iúil 1999 go mbeadh níos mó drochíde agus céasadh tugtha do chimí sna príosúin nua a bhí á tógáil ag an am. Tugadh neamhaird don rabhadh.

Tá Amnesty International agus Human Rights Watch ar aon intinn go bhfuil gach saghas cearta daonna á bhriseadh ag rialtas na Túirce. Glaonn siad ar rialtas na Túirce deireadh a chur lena bpleananna sna príosúin nua sula bhfaigheann i bhfad níos mó daoine bás.

Ní éisteann is ní chloiseann polaiteoirí na Túirce glaonna na ngrúpaí cearta daonna. Feictear do rialtais na Túirce go dtig leo a rogha rud a dhéanamh agus ligint do na céadta cimí, gaolta is cairde, bás a fháil. Tá uachtarán na Túirce ag seachaint a chuid dualgais féin agus é ag rá nach féidir leis na fadhbanna a leigheas go dtí go bhfuil deireadh leis an stailc ocrais. Is cosúil go ndeachaigh Maggie Thatcher i bhfeidhm airsean.

Cé go bhfuil na polaiteoirí ag iarraidh a chuir i gceal gur mhaith leo an scéal a réiteach, coinníonn siad gach tuairisc agus eile faoi chos. Cuireadh an dlí ar iriseoirí agus dhreamanna cearta daonna a scríobh tuairiscí ar imeachtaí an stailc ocrais. Lena chois sin, tugadh drochíde agus céasadh dóibh agus cuireadh roinnt acu i bpriosiúin fiú. Cuireadh deireadh le gach cineál tuairisc scríofa agus craolta ar na stailceanna ocrais sa dóigh is nach dtig le muintir na Túirce fios a bheith acu ar fhírinne an scéil.

Leanfaidh rialtas na Túirce ar aghaidh leis an chéasadh uafásach seo ar na cimí, ar a ngaolta is ar a gcairde a fhad is nach gcuireann an domhan idirnáisiúnta brú orthu na fadhbanna a réiteach láithreach. Is mó ár náire nár ghlac Teach Laighean seasamh ar an cheist go fóill. Níl an scéal pléite sna meáin anseo i ndáiríre agus níl aon leithscéal ann óir níl na coscanna céanna i bhfeidhm ar iriseóirí na tíre seo. Is cosúil gurb fhearr le polaiteoirí na tíre seo neamhaird a dhéanamh fá na stailceoirí ocrais sa dóigh is gur féidir le comhlachtaí taistil brabús a dhéanamh as laethanta saoire sa Túirc a dhíol. Tuigtear go ndéanann rialtas na Túirce neart airgid as an turasóireacht ó thíortha iarthar na hEorpa. Nach bhfuil sé thar am tús a chur le boycott idirnáisiúnta?

Leanann na stailceoirí ocrais lena bhfeachtas agus iad lán cinnte go mbeidh an bua acu sa deireadh. Níl a fhios ag éinne cá mhéad duine eile atá ag gabháil bás a fháil, ach creidtear go mbeidh stadas polaitiúil bainte amach ag na cimí am éigin. Ar na mallaibh, thosaigh na húdaráis ag brú bia ar na stailceoirí ocrais agus gach seans go maróidh siad neart soine eile lena gcuid iarrachtaí.

I 1981, bhí mórshiúlta sa Túirc ag tacú le cimí poblachtánacha ar stailceanna ocrais. Ba cheart dúinn féin tacú lenár camráidithe idirnáisiúnta.

An Draoi Rua.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland