Top Issue 1-2024

1 March 2001 Edition

Resize: A A A Print

Ceannaire Caitliceach

Caithfidh gur chuala gach duine in Éirinn ar na mallaibh faoin chonspóid a tharraing an Cairdinéal nua air féin díreach agus an stadas nua tugtha dó. I ndáiríre, tá a lán fadhbanna eile ag an tír seo gan athrá a dhéanamh ar an mhéid a bhí le rá aige dhá bhliain ó shin. Bhuel, ní thig a rá gur peaca marfach do dhuine ar bith comaoineach naofa a ghlacadh ó Protastúnach!

Cad chuige nár bhain an Cairdinéal Desmond Connell deis as an ócáid rud éigin dearfach a rá ar son an phroiséas síochána, ar son daoine gan dídéan, ar son an lucht taistil, ar son na dteifigh, ar son....?

Caithfidh a rá nach Dali Lama ar bith é an Cairdinéal nua. Is beag fuinnimh atá ann a bheith mar spreagadh spioradálta do mhuintir na tíre seo. I ndáiríre, is docha go gcuirfidh a cuid tuairimí coimeádacha daoine ó dhoras na heaglaise in ionad iad a mhealladh.

Deirtear go minic le cosmhuintir Caitliceach go bhfuil gach duine acu páirteach i `gcorp na heaglaise'. Tá claonadh ann san Eaglais Caitliceach, áfach, neamhaird a dhéanamh de dhuine ar bith atá ag gearán fá chúiseanna áirithe. Feictear nach mbíonn an cloigeann ag éisteacht le deacrachtaí agus le fulaingt an cuid eile den chorp.

Deirtear le daoine go gcaithfidh siad glacadh le rialacha na heaglaise nó an Eaglaise Caitliceach a fhágáil. Níl an oiread sin le plé anseo, fiú nuair atá ceist simplí/casta mar frithghiniúint ann. Ar ndóigh, ní raibh mórán trácht ar choiscíní le linn aimsir Chríost, cén dóigh mbíonn a fhios acu fán dearacdh a bheadh ag Íosa ina dtaobh? I gcásanna dá leithéid , insítear duinn go bhfuil neart paidreacha ráite acu ag impí ar Dhia treoir a thabhairt dóibh riail a chumadh le cosc a chur ar choiscíní. Cad é mar a bheadh tuiscint ag na fir seo fá na fadbhanna éagsúla a bhíonn ag mná tí ag streachailt i dteaghlaigh móra? Ní bhactar l'éisteacht, ach deirtear cad é ba chóir dóibh a dhéanamh. Cuimhnítear fosta gur chuir easpaig na hÉireann cosc ar `tampons' sna caogaidí toisc gur chreid siad go raibh sásamh éigin ar fáil iontu do mhná.

Cuireadh moltaí áirithe chun cinn le linn Vatican II i rith na seascáidí agus é tugtha faoi deara go raibh géargha le hathruithe comhaimseartha. Mar aon leis sin, tugadh le fios gur chóir don Eaglais Caitliceach a bheith níos oscailte agus níos daonlathaí. Ó shin i leith, is beag forbairt atá déanta leis na moltaí céanna. In ionad iarrachtaí a dhéanamh moltaí Vat. II a chuir i bhfeidhm, tá cuma nios coimeádaí ná riamh ar `chloigeann' na heaglaise.

Tuigimid gur roghnaigh an Pápa Eoin Pól II gach cairdinéal seachas deichniúr. Cinnte, ardaítear na daoine atá ar aon intinn leis féin; is é sin le rá go bhfuil tromlach na mball i gColáiste na gCairdinéil uilig chomh coimeádach is atá an Pápa féin i dtaobh cúrsaí áirithe. Dá bhrí sin, beidh an craiceann céanna ar an chéad Pápa eile.

Ar an Chéadaoin 21 Feabhra, nuair a ardaíodh é, d'fhógair an Cairdinéal O'Connell leis na meáin i láthair nach n-aithnítear an Eaglais in Éirinn sa lá atá inniú ann ach nach mbeadh Éire ina hÉirinn gan an Eaglais. Anois, cad é an ciall a bhí aige le sin.

Ní amháin go dtugtar neamhaird ar fhadbhanna éagsúla sa tír ach chruthaigh an Eaglais céanna neart fadbhanna eile leis. Leoga, nuair atá locht le cur, deir an `cloigeann' gur chóir sin a dhíriú ar `chorp' na heaglaise. Níl daubt ar bith ann anois ná go bhfuil `cloigeann' na heaglaise ag feidhmniú níos minice gan a `chorp'. Ní thugtar an oiread sin airde ar cheannairí na heaglaise toisc nach n-éisteann siad le deacrachtaí a gcosmhuintir. Is é an rud a dhéannann ceannaire ná go léiríonn sé ceannaireacht agus é tuisceanach ar mheon na ndaoine. Feictear domsa go bhfuil ceannairí na heaglaise go mór as riocht le meon na hÉireann agus go mothaíonn an `corp' nach gá dóibh aird a thabhairt don `chloigeann' choimeádach.

Ní hé sin le rá go gcreidimse go bhfuil spioradáltacht mhuintir na hÉireann i mbaol. Sílim go bhfuil daoine sa tír seo chomh cráifeach ná chomh holc is a bhí siad riamh. Nach dtig le gach duine a fhorbairt spioradálta a dhéanamh gan cur isteach ó fhir na Róimhe? Nach féidir le cách teagmháil a dhéanamh lena nDia nó lena ndéithe féin? Má tá institiúid na hEaglaise Caitlicigh i mbaol agus Cairdinéal Deasún Connell ag seasamh an fhóid, is cuma! Gach seans go mbeidh muid uilig níos fearr as gan iad!

An Draoi Rua


Cumann Iarscoil Bhunscoil Phobal Feirste ag bualadh le Gaelscoil Eois



Le Máirtín Ó Maolmhuaidh


Comhordaitheoir an Chumann Iarscoile


Lá na gCarad a bhí ann nuair a thug Cumann Iarscoil Bhunscoil Phobal Feirste cuairt ar Ghaelscoil Eois i gContae Mhuineacháin ar an Mháirt 20 Feabhra mar pháirt de scéim ilchultúrtha atá ar bun ag Cairde Bhunscoil Phobal Feirste / Naíscoil Bhreandáin in éineacht leis an National Committee for Development Education.

Cé go ndearna deichniúr de na páistí staidéir ar bhochtanas, `Child Labour & Human Rights' le Conaire Mc Kerr ón One World Centre agus seisiún eile ar chiníochas, leatrom, sheicteachas agus éagóir in aghaidh an chine daonna le Paul Noonan ón Human Rights Equality Commision, ba é seo an chéad uair don Chumann Iarscoile taisteal taobh amuigh de Bhéal Feirste le freastal ar chúrsa dá leithéide. Thairis sin ba é seo an chéad uair riamh go ndearnadh a leithéid i nGaeilge amháin.

I ndiaidh do na páistí aithne a chur ar a chéile, shocraigh siad síos le féachaint ar fhísteip ar chúrsaí sa Bhrasaíl rud a spreag chun cainte iad agus, ar ndóigh, cuireadh na mílte ceisteanna ar na comhordaitheoirí. Diarmuid Ó Bruadair a chaith tamall sa Bhrasaíl agus é ag teagasc ann trí no ceithre bliana ó shin agus Johnny Sheehan, ó DEFY, a bhí ina chónaí sa Nicearagua le tamall, a bhí ina gcomhordaitheoirí.

Ba léir gur bhain na páistí uilig taitneamh agus tairbhe as an chuairt seo agus, ar ndóigh, tá muidne iontach buíoch de Mháire, Bhrian agus foireann iomlán Ghaelscoil Eois as an fháilte mhór a cuireadh romhainn agus buíoch de Dhiarmuid agus Johnny as an seisiún maith a rinne siad do na páistí uilig. Tá muid ag dúil go mór le haischuairt ó dháltaí Ghaelscoil Eois go luath san am atá romhainn.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland