Top Issue 1-2024

30 November 2000 Edition

Resize: A A A Print

Dlíthe na mBreithiúna

Creidann an Draoi Rua fur féidir neart a fhoghlaim ó na seandhlíthe.

Bím ag smaointiú go minic fán tseanchóras dlí a bhí ag ár muintir fadó in Éirinn. Admhaím go dtagann a leithéid de smaointí chugam nuair atá cásanna cúirte ar leith pléite sna meáin. Cé gur mhair na dlíthe seo na cianta ó shin, déarfainn go dtiocfadh leis an chóras chomhaimseartha neart a fhoghlaim astu.

Cé go bhfuil a fhios againn go raibh suas le fiche leabhar dlí sa tseanchóras seo, níl tagairtí againn ach do thríur as an mhéid iomlán. Dá bhrí sin, ní thig linn ach a rá go bhfuil léargas ag scoláirí ár linne ar chuid bheag de na rialacha a bhí i réim. Caithfidh a rá, áfach, go léiritear as an mhéid seo go raibh córas éifeachtach iomlán ag feidhmniú ag breithiúna na gCeiltigh.

Ar ndóigh, tuigimid nár scríobh na Ceiltigh a dhath ar bith síos iad féin ach go mbeadh an t-eolas ar fad de ghlanmheabhair ag na breithiúna. Tá sé suimiúil a léamh gur chreid na Ceiltigh go raibh conraithe focail i bhfad níos tábhachtaí ná rud bith eile agus iad den tuairim go mbeadh an domhan trína chéile muna dtiocfadh linn muinín a bheith againn san fhocal labhartha [agus nach bhfuil domhan an lae inniu trína chéile]. Mar aon leis sin, is cinnte gur scriosadh cuid mhór de na lámhscríbhinní dlí nuair a tháinig Lochlannaigh, Normannaigh agus Sasanaigh i dtír.

As an mhéid a tháinig anuas chugainn, tá `Crith Gablach', `Leachar Acaill' agus `Senchus Mór'. Cinnte, tuigimid go raibh tionchar nach beag ag scríobhaithe Críostaithe ar an mhéid céanna óir b'iadsan a scríobh na cuntasaí seo.

Tugtar cur síos ar an chóras údarásach a bhí i bhfeidhm i seanord na nGael sa `Crith Gablach' a scríobhadh sa 7ú haois. Cuirtear síos ar dlíthe coiriúla i `Leabhar Acaill' a bhí in ainm is a bheith curtha le chéile le linn ré Chormac Mac Airt a mhair sa tríú haois ar Teamhair na Ríthe. Caithfidh a rá gurb é `Senchus Mór' ar an leabhar is iomláine den mhéid a tháinig anuas chugainn.

Mar a luaigh mé cheana, bhí tionchar mhór ag Chríostaithe ar an mhéid a scríobhadh síos agus deirtear go raibh Naomh Pádraig féin gníomach leis an leagan bunúsach de `Senchus Mór'. Bhí scaifte eile a ghlac leis an Chríostaíocht ina chuideachta, Dubhthach (iardraoi), trí rí, trí easpag, ollamh, staraí agus file. Creidtear gur chaith an dream seo trí bhliain ag gabháil don `Senchus Mór' agus iad ag iarraidh réimse leathan dlíthe a chur síos ar pháir.

Ní bheadh an spás ag an Phoblacht ligint dom cur síos iomlán a dhéanamh ar na dlíthe éagsúla atá ar fáil sa Senchus Mór ach creidfinn nach bhfuil an oiread sin difear déanta ag Phádraig is a chomrádaithe ar seandlíthe na gCeiltigh. Leoga, tá blas na Críostaíochta orthu in ionad blas an dúlra.

Feictear go bhfuil fréamhacha chuspóirí stailceanna ocrais le léamh i measc na seandlíthe ársa seo agus trácht ar throscadh ag gheataí duine ar mhaithe le cearta a bhaint amach. Ar ndóigh, bheadh cead ag an duine eile a bheith ar troscadh fosta. Tugadh a chearta don té a mhair is faide. Leoga, bhí na breithiúna den tuairim go mbeadh coinsias níos láidre ag an duine cóir, rud a bhéarfadh misneach dó leanstan ar aghaidh níos faide.

Mothaim go raibh dlíthe iontach daonlathach ina measc. Bhí dlíthe náisiúnta ar a dtugtar `cáin' agus bhí dlíthe áitiúla ar a dtugar `urradus' ach má tharla go raibh coimhlint eardarthu, glacadh le dlíthe `urradus'. Bhíodh `eric' l'íoc ag duine a bhí ciontach as rud ar leith a dhéanamh. Ach, más duine uaisle a bhí i gceist bheadh `eric' agus `log-enach' l'íoc aige agus gach seans go gcaillfeadh sé a stadas sa tsochaí. Lena chois sin, má ghoideadh ó dhuine bhocht, bhíodh `eric' níos mó l'íoc ná má ghoideadh ó dhuine shaibhir. Bhí dlíthe áirithe ann i dtaobh cúram na mbocht, seandaoine agus lucht breoite freisin.

Ní raibh cead ag taoiseach ordú a thabhairt do dhuine nach raibh sé féin sásta a dhéanamh leis. Chomh maith leis sin, bhí ar cheannaire teaghlaigh cead a fháil ón teaghlach dá mbeadh sé ar intinn aige bó a mharú.

Bhí an duine is boichte sa tír ann cás a chur i gcoinne an duine is saibhre. Bhíodh cead ag coimhthíoch a rogha breithimh a bheith aige sa tír. Fíu, dá mbeadh duine i gcás cúirte i gceantar eile in Éirinn, bheadh rogha breithimh ag an stráinséar sa cheantar. Bhí na cearta céanna ag muilleoir ar a bhealach chuig a mhuileann is a bhí ag rí ar a bhealach chuig a chaisleán. Ní thiocfadh le duine ar bith na dlíthe a sheachaint agus bheadh dualgas ar an Ardrí féin gach uile ceann acu a chomhlíonadh.

Is iontach an rud é a smaointiú go raibh cuid mhaith de na dlíthe seo i bhfeidhm i trí cheathrú den tír seo go dtí an 16ú haois. Cuireadh deireadh leis an seanchóras i bplandú na tíre. Chuala gach duine againn trácht ar `Surrender and Regrant' a bhí in úsáid ag na Sasanaigh. Cuireadh brú ar na taoisigh Éireannacha géilleadh don chóras gallda agus dearmad a dhéanamh ar dhlíthe na mbreithiúna agus tugadh a gcuid talaimh ar ais dóibh. Tuigtear nach raibh bua acu ar na taoisigh Éireannacha ach cuireadh an seanchóras faoi chos agus b'é sin go díreach an aidhm a bhí acu. Mo bhrón ach d'éirigh leo gach rian a scrios agus Éireannaigh meallta chuig a gcóras féin.

B'iad na ríthe, na hallaimh, na filí agus na draoithe a chum na rialacha fadó agus go raibh dualgas ar na breithiúna iad a chur i bhfeidhm. Cé go n-admháim féin nach raibh gach rud foirfe i seanord na nGael, tá mé féin den tuairim go bhfuil neart le foghlaim ag lucht dlí ár linne féin ó dlíthe na mbreithiúna a bhí againn fadó.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland