Top Issue 1-2024

23 November 2000 Edition

Resize: A A A Print

Comhdháil le Caomhnú nó Cur i gCéill

Thosaigh comhdháil mór ar an Luan 13 Samhain in Le Hague le staidéar a dhéanamh ar an timpeallacht agus an tionchar atá ag an chine daonna air. Mairfidh an comhdháil ar feadh coicíse agus 180 náisiún páirteach.

Tá an comhdháil áirithe seo dírithe ar an tionchar atá ag gásanna nimhneacha agus eile ar an aimsir go háirithe.

`Más mall is mithid' a deir an seanfhocal ach an bfhuil na náisiún seo i ndáiríre le fadhbanna timpeallachta a leigheas.

Tuigtear gur tháinig na tíortha céanna le chéile trí bhliain ó shin sa tSeapáin ar mhaithe leis na fadhbanna seo a phlé. Ag an am sin, d'aontaigh 180 náisiún gur chóir dóibh rud éigin fiúntach a dhéanamh le cosc a chur ar an mhéid ola agus eile a dóitear sa dóigh is nach mbeadh an oiread sin gásanna nimhneacha ag truailliú an aeir. Cinnte, bhí siad uilig breá ábálta an conradh a shíniú ag an am ach ní raibh ach 30 náisiún as 180 in ann cloí lena bhfocal agus an conradh a cur i bhfeidhm.

Nuair a scrúdaítear na figiúirí seo níos doimhne, feictear nach bhfuil na rialtaisí móra ollchumhachta tionsclaíochta i measc an 30 náisiún atá ag comhlíonadh an conartha. Cinnte, is iad na tíortha is saibhre a ba chóir ceannaireacht a thabhairt do na náisiúin eile ar fud na cruinne. Mar aon leis sin, is iad an lucht seo atá i gcumas teicneolaíocht úr a fhorbairt le caomhnú na timpeallachta.

Le déanaí, tá sé tionchar úafásach feicthe againn ar an aimsir ar fud na hEorpa. Ní féidir le saineolaithe aimsire míniú sásúil a thabhairt dúinn ar na stoirmeacha a tharla ar na mallaibh ach ab é go bhfuil an domhan a théamh le forbairt nua tionsclaíochta.

Admhaítear anois, go bhfuil an locht ar an chine daonna. Sa chéad seo, creidtear go bhfuil an domhan le téamh 6 céim celius agus go bhfuil leibhéal na farraige ar fud na cruinne l'ardú 50cm a bhéas mar bhagairt ar 200 miliúin daoine a chónaíonn cois farraige.

Tá mé féin go mór in amhras fá thorthaí an chomhdháil áirithe seo. Tá sé thar am do gach tír as an 180 gabháil i mbun oibre i gceart agus iarracht éifeachtach fadhbanna timpeallachta a leigheas. Ní fíu dóibh teacht le chéile ar mhaithe le bolscaireacht a dhéanamh agus a bheith ag cac-chaint fá pholasaithe éagsúla a dtiocfadh leo a chur i gcrích.

Caithfidh an meon ceart a bheith ag cheannairí na rialtais seo le cuspóirí cinnte a leagadh síos agus a bhaint amach. Tá gach cosúlacht orthu, áfach, go mbeidh ráiteasaí móra i dtaobh aidhmeanna ar leith ach ní dhéanfaidh siad a dhath eile do dtí an chéad chomhdhaíl eile.

AN DRAOI RUA


Seoladh torthaí suirbhe ar stádas na Gaeilge i mbaile beag sa Ghalltacht an tseachtain seo a thaispenann go bhfuil raflaí faoi bhas na teanga ``anabaí''.

Athghabháil na hÉireann?



Seladh suirbhe cuimsitheach i mBaile Locha Riach, Contae na Gaillimhe, an tseachtain seo ar Stadas na Gaeilge sa bhaile. In Oirthear an Chontae atá an baile fein suite agus achar fada ón Ghaeltacht féin ach sin ráite, is mór an dóchas a thug torthaí an tsuirbhé do lucht an eagraithe, an Craobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge.

Cé go raibh obair an tsuirbhé dírithe ar baile amháin níl aon tuige nach féidir buille fa thuairim a dhéanamh go mb ionann na torthaí i mbailte eile den mhéid céanna agus de dhaonra céanna.

Scaipeadh foirmeacha ceistiúchán ar 800 teach sa bhaile agus fuarthas freagraí nó comhoibriú ó 500 acu siúd. De réir Pádraig Ó Baoill, Rúnaí na Craoibhe agus eagraítheoir an tsuirbhé, níor dhiultaigh aon duine cabhair a thabhairt don tsuirbhé ar bhonn OEfrith Ghaelachas . OEMá bhí said in aghaidh rud ar bith, bhí said in aghaidh suirbhéanna arsa sé ag an seoladh agus a lucht éisteachta ag gáire.

Cuireadh ceisteanna sa tsuirbhé faoin leibhéal Gaeilge ata sa bhaile agus dúirt 362 nó 76% den bhaile go raibh leibhéal áirithe Gaeilge acu. Astu sin, bhí leath den na freagraí a dúirt go raibh OEcúpla focal acu, ach bhí idir measartha, maith agus líofacht na Gaeilge ag an leath eile den bhaile.

Ba léir ón tsuirbhé go bhfuil codarsnacht leathan idr eolas faoi shéirbhísí Gaeilge sa bhaile agus an t-éileamh atá ann do shéirbhís Ghaeilge. Ni raibh a fhios ag 94% den bhaile cá bhfaighfidís séirbhís trí Gaeilge ach, ar an lámh eile, bhí 88% den bhaile ag iarraidh go mbeadh tuilleadh comharthaí Gaeilge le feiceáil sa cheantar. Tugadh rabhadh sóiléir do lucht an Tuscany Downs go bhfuil muintir na haite míshásta le hainmneacha Gallda ar eastait tithíochta nua sa cheantar. Dúirt 355 teach, nó 91% den bhaile go raibh siad i bhfábhar ainmneacha Gaeilge feasta ar fhorbairt tithíochta i mBaile Locha Riach.

Ar cheisteana oideachais bhí torthaí láidre i bhfábhar scolaiocht Ghaeilge. 89% a dúirt go dtabharfaidís tacaíocht do Naíscoil Gaeilge agus 91% a dúirt go dtabharfaidís tacaíocht do Ghaelscoil. Mhínigh Eoghan Mac Cormaic, Cathaoirleach na Craoibhe aitiúil gur bailíodh an t-eolas don tsuirbhe sular oscail an Ghaelscoil nua, Gaelscoil Riabhach, sa bhaile i mí Meán Fómhair.

``Tá idir spreagadh agus dúshlan ann duinn mar gheall ar thorthaí an tsuirbhe seo '' arsa Pádraig Ó Baoill. ``Fuair muid amach cé chomh lag is atá éisteacht le R na G agus léamh na n-irisí gaeilge ach tá lucht féachána dílis ann do TG4 agus tá an-spéis ag daoine sa bhaile i ranganna Gaeilge.''

Sheol Tomás Mac Ruairí, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Suirbhé go hoifigiúil agus mhól muintir an bhaile as na freagraí a thug siad. ``Is maith a chloisteáil an tacaíocht ata ann don Ghaeilge sa cheantar seo agus is maith a chluinsint, chomh maith, go bhfuil pleananna móra ag an Chraobh áitiúil plean straitéiseach a chur le chéile dábhrí a bhfuil ann.''

Ó thus na bliana seo tá feachtais éagsúla ar síul sa bhaile le ainmneacha agus comharthaí Gaeilge a mhéadú agus cuireadh tús, an tseachtain seo, le scéim ``Caint an Bhaile'' ina mbíonn lucht na siopaí - a bhfuil Gaeilge acu nó atá sásta an cúpla focal a úsáid páirteach. Beidh comharthaí ``Caint an Bhaile'' crochtha sna siopaí ata bainte leis an scéim.

``Tá mé cinnte nach eisceacht é an baile seo '' arsa Mac Cormaic. ``Ar fud na tíre tá athGhaelú agus athghabháil an chultúir ag leanúint ar aghaidh agus ba cheart dona húdaráis áitiúla sin a thuiscint.

``Tá sé i gceist again anseo i mBaile Locha Riach Foram a reacháil go luath san bhliain seo chugainn ina mbeidh cuireadh ann dona dreamanna agus grúpaí loganta; agus údaráis áitiúla idir an Comhairle Contae agus Coimisinéirí an Bhaile páirteach. Ní mór dúinn sin a dhéanamh nó ní ceist scartha amach ón mórphictiúir í an Ghaeilge.''


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland