Top Issue 1-2024

6 September 2000 Edition

Resize: A A A Print

Cibé acu is rogha leat?

An fearr Al Gore ná George W Bush? B'fhearr leis an Draoi Rua nach mbeadh ceachtar i gceannas.

Ar an chéad dul síos, caithfidh mé a rá go bhfuil mo sháith cluinste agam cheana féin fán toghachán úd atá le bheith ann sna Stáit Aontaithe Mheiriceá idir Al Gore agus George W Bush.

Tuigim nach bhfuil an fíor féachtas tosaithe go fóill ach tá mé tinn tuirseach dóibh mar atá. Bhí tuairiscí le léamh, le cluistin is le feiceáil sna meáin na míosa ó shin sular roghnaíodh I gceart ionaidithe Poblachtach agus Daonlathach. Leoga, bhí sé deacair a leithéid a sheachaint. I ndáiríre, ní bhaineann an toghachán seo linn in aon chor, cad chuige mar sin a chaithfidh muid cur suas leis an chac-caint ar fad ina thaobh?

Is íorónta an rud é go mbacann na poncánaigh leis na téarmaí Poblachtach agus Daonlathach ar chor ar bith. Maith go leor, níor mhaith leis na Poblachtanaigh go mbeadh Rí na Banríon acu ach ceannaire ríoga in a n-áit. Maidir le na Daonlathaigh, tá dearmad ar fad déanta acu de fíorbhrí an fhocail na cianta ó shin. Is ón Gréigis a dtagann an focal `Daonlathas' a chiallaíonn `Cumhacht ag an Phobal' ach is léir gur cailleadh an sainmhíniú ar an turas ón Gréig.

Leis an fhírinne a rá, is cuma liom sa tsioc cé atá i gceannas sa Teach Bhán ar an bhliain seo chugainn óir is beag difir a bhéas le feiceáil ann. Is `cur i gcéill' agus is `bréag' mhór an toghachán seo atá ag cur dallamhullóg ar dhaonra Mheiriceá agus iad ag smaointiú go bhfuil cumhacht nó guth de shaghas acu i rialtas na tíre.

Níl le déanamh ach amharc ar na cailíochta atá de dhíth l'aghaidh post an Uachtaráin - caithidh na $milliúin a bheith ag duine. Nuair a deirim `duine', ciallaíonn sin `fear bán' sna Stáit. Ar ndóigh, b'éigean don fhear bhán shaibhir seo a bheith coiméadach fosta.

Feictear ón CV atá ag George W Bush go bhfuil dúil bhreá aige san arm agus i gcúrsaí cogaigh ar fad. Leoga, tá sé léirithe cheana gur mhaith leis armlón núicleach a fhorbairt. Mar aon leis sin, lig sé do dhream mhaith daoine instealladh marfach nó suí siar i gcathaoir leictreach ina Stát féin i dTexas.

Maise ní dhearna Al Gore an oiread sin ar son cearta daonna ná a dhath eile agus é féin i gcumhacht le Bill Clinton. Seá, bhí sé sásta go leor fanacht sa chúlra i rith an ama gan a bheith ag cur isteach ar ghníomhartha ar bith agus saol an mhadaidh bháin a chaitheamh aige.

Adhmaím nach bhfuil mórán rogha ann idir an bheirt thuasluaite óir is inad iad agus dhá aghaidh ar an bhonn chéanna. Caithfidh mé a rá go dtagann íomhá scannáin I m'aigne agus ``Good Cop, Bad Cop' ar siúl eadarthu.

Tá claonadh ag go leor daoine a rá: `Bhuel, níl mo dhuine go holc leis an duine eile' ach an cúis mhaith é sin vóta a chaitheamh do dhuine ar bith acu.

Beidh neart bréige l'inse ag an beirt seo idir seo agus Mí na Samhna le linn na féachtais toghacháin. Cinnte, beidh argóint leanúnach ag gabháil ar aghaidh agus gach duine acu ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil maidir leis an seasamh mórálta atá acu i dtaobh ghinmhillte agus chúrsaí eile. Mar aon leis sin, beidh orainn comórtas eile eadarthu a fhulaingt agus iad ag déanamh a ndícheall a bheith níos Éireannaigh ná an duine eile.

Is olc an scéal é gan amhras agus rás ar siúl l'aghaidh an post is cumhachtaí sa domhan. Is maith leis na poncánaigh bolscaireacht s'acusan a roisceadh fán bhrionglóid Mheireacánach, fán daonlathas agus fán saoirse atá i tír s'acusan. Tuigtear nuair nach n-aontaíonn siad le rialtais i dtíortha eile go n-úsáideann siad an lámh láidir lena leagan féin de dhaonlathas a bhunadh. Mo bhrón ach ní brionglóid Mheiriceánach a cruthaítear i m'aigne ach tromluí.

An Draoi Rua


Comhdáil POBAL



Beidh an eagraíocht POBAL ag cruinniú ag comhdáil faoin teideal `An Ghaeilge: Ag cothú éagsúlacht, ag tógáil na sochaí úire' ar Satharn 9 Meán Fómhair san Halla Cois Cladaigh i mBéal Feirste.

Is páirtíocht ionadaíoch é POBAL, a thugann treoir straitéiseach agus a chuireann ar fáil fóram daonlathach do na dreamanna a chruthaigh tionscadail rathúla sóisialta, geilleagrach, ealaíonta agus oideachasúla do phobal na Gaeilge.

Ag riar ar phobal Gaeilge 30,000 i mBéal Feirste agus 140,000 i dtúaisceart Éireann atá ag síorfhás, tá níos mó ná 29 grúpa ar bhallraíocht Fheirsteach s'againne.

Beidh clárú don chomhdáil ag a 9.45 r.n., agus beidh chainteoirí, díospóireacht agus moltaí ar siúl i rith an lae, go dtí a ceathar san iar-nóin.

Labhróidh Uachtarán Shinn Féin Gearóid Mac Adhaimh ag an oscailt, agus beidh eocharchainteoirí ar nós an Dochtúir Fernand de Varennes agus Peadar Ó Flaithearta ag caint freisin. Beidh aistriúchán comhuaineach ar fáil san comhdháil, agus is féidir níos mó eolas a fáil ó POBAL, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, BT12 6AH - Guthán: 028 9043 8123.


Slógadh Shinn Féin le bheith i Ráth Cairn


Beidh Slógadh Bhliaintiúil Shinn Féin ar siúl i Ráth Cairn, Chontae na Mí, i mbliana, ar an 3ú, 4ú agus 5ú lá de Mí na Samhna.

Osclóidh Gearóid Mac Adhaimh, Uachtarán Shinn Féin, an Slógadh, a bheidh ar siúl san Áras Pobail i Ráth Cairn. Is é Sinn Féin an t-aon pháirtí polaitiúil náisiúnta sa tír, a eagraíonn fóram náisiúnta Gaeilge sa Ghaeltacht chuile bhliain. Tugann an ócáid deis chun polsaíthe i leith an Gaeilge agus cesiteanna reatha eile a phlé trí Ghaeilge.

De réir an Cumann Shinn Féin áitiúil, tá fás agus forbairt forleathan ag teacht ar an bpoblachtánachas i Ráth Cairn. ``Bhí fás as cuimse ar Shinn Féin i gContae na Mí le blianta beaga anuas,'' a deir siad. ``Is aitheantas é ní amháin do Shinn Féin Ráth Cairn, ach do Ghaeltacht Ráth Cairn agus do Chontae na Mí.''

Agus é ag fógairt an dea-nuachta do bhaill Chumainn Shinn Féin Ráth Cairn, dúirt an Chomhairleoir Seosamh Ó Raghallaigh, iarrthóir Shinn Féin sa chéad olltoghachán eile: ``Táim an-sásta go mbeidh Slógadh Shinn Féin ar siúl i gContae na Mí agus go háirithe i Ráth Cairn. Léiríonn sé an dul chun cinn atá deanta ag Sinn Féin sa Chontae. Aitheantas do phoblachtánaigh, do Ghaeil agus mhuintir na Mí é teacht ne hócáide seo chun na Mí.''

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland