Top Issue 1-2024

29 June 2000 Edition

Resize: A A A Print

Rúin na gCat

Is ainmhíthe rúnda iad na cait a deir an Draoi Rua agus é ag scaoileadh le cuid dá rúin.

Creidim go bhfúil dhá chinéal duine ann: duine a maith leis madaidh nó duine arbh fhearr leo cait. Caithfidh mé a admhail go bhfuil nios mó dúil agam féin i madaidh.

Is cuimhin liom a chluinstin fá seanfhear a chónaigh leis féin agus a fuair bás go tobann . Tharla nár thug a chomharsana faoi deara go raibh sé marbh go ceann seachtaine. Nuair a tháinig siad air ina luí ar an úrlar lom, bhí a mhadadh dhílis ina luí in aice leis ag a thaobh. Níor 1éirigh a chat an dílseacht céanna dó. Leoga, bhí an cat le feiceáil ag ithe feoil a chosa.

Níorbh é nach dtiocfadh leis an chat bia eile a fháil ach d'ith sé an duine a thug aire dó í rith a shaol go breá tuillteanach. Tuigtear as an mhéad seo ná cibé grá a léiríonn cait do dhaoine, bheadh siad lán sásta na daoine céanna a ithe go fóill.

Ní bhíonn an cat ag brath ar dhuine an oiread céanna is a bhíonn madadh. Cé gur maith leo beirt cuideachta daonna, tá dearcadh ar leith ag na cait. B'fhéidir gur thug tú faoi deara, gur maith le cait iad féin a chuimilt ar chosa daoine. Is é an rud atá a dhéanamh acu anseo ná go bhfuil siad ag fágáil a mboladh ar chosa an duine áirithe mar chomhartha is mar rabhadh do chait eile gur leosan an duine seo.

Tá le tuigbheáil, ar ndóigh, gur leis an cat an duine agus nach bhfuil cás úinéireachta ag an chine daonna i dtaobh Ie cait. Cinnte, tá sé ráite go minic go bhfuil trí áit cónaí ag gach cat óir ní bhíonn siad choíche ag brath ar dhuine amháin.

Tuigimse gurb é an cat an peata tí is coitianta atá san Eoraip anois. B'fhearr l'Eorpaigh nua-aoiseacha cait a choinneáil toisc nach bhfuil an t-am acu aire a thabhairt do madaidh.

Sin difir eile idir cait is madaidh: bíonn lúchair ag madaidh duine a fheiceáil is taispeánann sé grá i gcónaí ach maidir leis an chat cuireann sé brú ar an duine a bheith geallmhar air nuair atá grá de dhíth.

Uaireanta, áfach, déanann an cat iarracht bronntanas a thabhairt do dhaoine agus é ag fágáil éainín nó luchóg ar leac an dorais. Is comhartha buíocháis é seo as an mhéid Kit-Kat atá ithe aige thar na blianta.

Má tá sé ar intinn agat cat a choinneáil ar mhaithe le ruaig a chur ar luchóga móra nó beaga, bí cinnte go bhfaigheann tú cat baineann. Is é an cat baineann a dhéanann an seilg ar fad agus fanann an cat fireann ar a chuid ag teacht chuige. Cé go gcuirtear Rí na Foraoise air, ní dhéanann an leon ná an tíogar fiáin a dhath ach fanacht ar a chuid fosta. Maise, bhí cat fireann agam féin is níor rug sé ar oiread is luchóg amháin ach na cinn a thug mé dó ón ghaiste.

Ar an drochuair, bíonn sé fíor deacair gnéas pisíní a aithint go dtí go bhfuil roinnt míosa d'aois, Deirdeir má tá tú ag iarraidh pisín a mhealladh fanacht i do teach gur chóir giota ime a chur ar a bhonnacha. Tuigeann sé as a leithéid go mbeidh aire mhaith tughta dó san áit.

Tá cúlra sa litríocht ag an chat agus luaitear an Pangúr Bhán anois is arís ag tagairt dár dtraidisiún liteartha. Ba ghnách leis na manaigh cait a choinneáil mar pheataí. Uaireanta, nuair a bhí na manaigh gníomhach i mbun scríbhneoireachta, théadh na cait ag iascaireacht le béilte a sholáthar doibh.

Nuair a cruthaíodh an cat. deirtear go dtugadh trí thréithe ar leith dó;

Abáltacht a chosa a choinneáil tirim.

Go bhfuil oíche is 1á chomh geal lena chéile dó.

Gur féidir leis intinn dearmaid a chur ar bhean tí.

Tuigtear gur minic a bhaineann an diabhal cruth cait agus é ag iarraidh lámh in uachtar a fháil ar dhaoine. Mar aon leis sin, tá seanscéalta ann fan dóigh a raibh ar a leithéidí de Chúchulainn is Fionn Mac Cumhaill troid a dhéanamh Ie cait fíochmhara.

Tá trácht ar Rí na gCat, fiú amháin, i measc cuid de na scéalta seo. Tharla go raibh Seanchán, an file is mó clú in Éirinn ag an am. ag fleá Rí Chonnachta, Guaire. Níor réitigh cuideachta Ghuaire le Seanchán agus níor ith sé a dhath ar bith Ie trí lá. Faoi dheireadh, dúirt sé go mbeadh sé sásta ubh beag amháin a ithe.

Nuair a chuardaigh na freastalaí, chonaic siad go raibh an t-aon ubh a bhí fágtha ite ag luchóga, Chuir Seanchán mallacht orthu i bhfoirm filíochta agus thit fiche luchóga marbh ar an toirt.

Rinne sé athsmaoineamh faoin mhéid a bhí déanta aige agus shocraigh sé go dtiocfadh leis níos mó damaiste a dhéanamh do Ghuaire le mallacht a chur ar na cait. Cinnte, ní bheadh an ubh ite ag na luchóga dá mbeadh na cait ag obair i gceart.

Agus é ag cur mallachta ar na cait, chuir sé mallacht ar Rí na gCat é féin ag rá nach raibh sé in ann treoir a thabhairt dá lucht lcanúna agus nár chóir dó a bheith i gceannas ar chor ar bith.

I ndiaidh an masla seo a chluinstin, tháinig Rí na gCat sa tóir ar Seanchán agus é ar intinn aige é a mharú. Mar sin rug Rí na gCat ar Sheanchán ag an fhleá. Bhí sé ar a bhealach abhaile l'é a mharú nuair a scaoil Naomh Ciarán giota miotail air i gCluain Mhic Nóis agus maraíodh Rí na gCat láithreach. Chuidigh Naomh Ciarán Ie Seanchán toisc gur uaidh a fuair sé an scéal Táin Bó Chuailgne' Ie scríobh.

Is ainmhithe rúnda iad na cait gan amhras agus creidtear gur féidir leo tuar na haimsire a thabhairt dúinn. Deirtear má fheicann tú cat ina luí lena dhroim leis an tine go bhfuil aimsir fuar ar a bealach.

I 1845 sula raibh a fhios ag duine ar bith go raibh galar na bprátaí i ndán don tír, bhí cruinniú ollmhór ag na cait. Tá baile fearainn darbh ainm Sruth Mhic Ghiolla Ruaidh agus is é seo an phointe a thagann trí chontae lena chéile; Fear Manach, Múineacháin is Tir Eoghain.

Cibé ar bith. bhailigh na céadta cat as na trí chontae seo tús mhí Lúnasa an bhliain chéanna is bhí troid millteanach eadarthu. Mharaigh siad a chéile is níor tháinig ach cat amháin slán as an chath. Tá sé ráite go an cat céanna gortaithe go dona is ní raibh ach súil amháin fágtha aige.

Creidtear go raibh colas ósnádurtha éigin acu is gurb fhearr Ieo bás a fháil i gcomhrac fiochmhar ná an Ghorta Mhór a fhulaingt.

Tuigim go mbíonn cruinnithe rúnda ag cait go fóill amuigh faoin tuath. Creidtear go dtagann siad le chéile uair sa mhí sna seanreiligí. Má chuireann duine cluas l'éisteacht lena gcuid rúin thiocfadh leis saibhreas mhór a shaothru. Ba cheart a bheith fíor cúramach i láthair na cruinnithe seo óir maraíonn siad duine ar bith ar a dtagann siad ag éisteacht leo.

Nach ait an rud é go bhfuil íomha an chait in úsáid an oiread sin inniu agus an `Tiogar Ceilteach' ar bharr teanga gach dara pholaiteoir.

Nuair a thuigimid nach ndéanann an cat a dhath ar bith ach ar mhaithe leis féin, is fearr a léirítear croíthe leithleasach lucht gnó is eile dúinn.

An Draoi Rua


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland