Top Issue 1-2024

2 December 1999 Edition

Resize: A A A Print

Teanga Oifigiúl - Mo Thóin!

Bhí an Draoi Rua ag iarraidh a dhualgas sibhialta a chomhlíonadh an tseachtain seo agus cáin a íoc dá ghluaisteán, ach ní raibh sé ag fanacht ar na constaicí bóthair a cuireadh ós a chomhair...

Ba mhaith liom tracht a dhéanamh d'éachtra a tharla dom ar na mallaiblh agus mé ag iarraidh cáin mo ghluaisteáin a athch1áradh. Anois cé go bhfuil neart abhair gearáin agam fana leithéid a íoc do stát na sé chontae is fiche arbh fhearr liom a fheiceáil imithe agus athraithe ina Phoblacht cheart, níl i gceist agam anseo ach an seirbhís trí Ghaeilge a bhfuair mé. B'í an fhadhb a bhí agam ná nach raibh a leithéid ann.

Ar dtús, fuair mé litir sa phost ag cur in iúl dom go raibh orm diosca nua a cheannach. Cinnte, bhí an litir agus foirm iarratais i mBéarla. Tá mé féin ag tiomáint le tamaill sa taobh seo tíre agus ní raibh orm foirm iarratais i mBéarla a lionadh choíche. Ba léir go raibh siad ag iarraidh Béarla a bhrú orm.

Ansin , nuair a bhuail mé isteach leis an cháin a íoc in oifigí an Chomhairle Chontae ní dhearna an cleireach aon iarracht seirbhís trí Ghaeilge a thabhairt dom. Níorbh é go raibh mé ar dhóigh ar bith sotalach ach chuir mé in iúl don chléireach nach raibh mé sasta go bhfuair mé teagmhail i mBéarla uathu. Chomh luath is a bhí an méid seo raite agamsa,bhí an cléireach ag inse dom go gcuirtear na litreacha amach chuig daoine ó oifig éigin eile i mbaile atá níos mó na seasca míle uainn. `Bhuel' a dúirt mé,'an chéad uair eile a bhfuil oifig s'agatsa i dteagmhail leis an oifig eile sin thig leat a chur in iúl dóibh nach bhfuil mise ag iarraidh litreacha eile a fháil uathu i mBéarla.'

Gibé ar bith , d'íoc mé as mo chuid chánach agus an t-adh dearg orm go an t-airgead chéanna sa bhreis agam le caitheamh sa treo sin. Níor ghlac sé i bhfad don chléireach iarratas s'agamsa a chur tríd an ríomhaire ós rud é go raibh gach rud in ord, bronnadh diosca nua glan orm ach caithfidh mé a rá gur fhéach mé ar mo bhronntanas in iontas ar feadh tamaillín.

Anois , níl a fhios ag am an mbeadh an t-am ag léitheoirí an sleachta seo am a chur amú le diosca a léamh, ach dá mbeadh, thabharfadh fa' deara nach bhfuil an oiread sin léitheoireachta ann i bhfoirm focal. Uimhreacha is mó atá le léamh, agus níl ach cineal agus dath an ghluaisteáin clóscríofa. Mar sin níl ach dhá fhocal le clóscríobh.

Ní bheinn riamh ag brath ar leaganacha Gaeilge a fheiceáil de chomhlachtaí móra gluaisteán mar Toyota , Citreón, Volvo agus araile choíche i mo shaol. Shílfeá, afách, go mbeadh na dathanna ar eolas ag cleirigh an stáit.

D'iarr mé ar an chléireach nach dtiocfadh léi `Dearg' a chur san áit a bhí an focal `red' clóscríofa. Dúradh liom nach féidir leis an ríomhaire Gaeilge a láimhseáil agus nach raibh cead aici peann a úsáid le focal a scríobh.

Caithfidh gurb é seo ar cheann de na leithscéalta is leisciúla agus is laige a chuala mé riamh agus mo shaith agus seal caite agam ag múineadh. Dúirt sí nach raibh siad abalta Gaeilge a úsáid ar an ríomhaire. Admhaím nach fear mór idirghréasan mé féin ach tuigim go bhfuil neart suíomhanna agus leathanaigh i nGaeilge le fáil ann. Anois, `seo duine ag inse dom nach raibh ríomhaire abalta an Ghaeilge a laimhseáil. Níor rugadh inné mé agus níor tháinig mé aníos as an Lagan i mboilgeog ach oiread.

B'fhéidir gur chóir dom a léiriú nach bhfuil anseo ach sampla den drochmheas atá ag oifigí éagsúla den stát dár dteanga dúchais agus is dócha go dtig le gach léitheoir cur síos a dhéanamh ar a eachtraí pearsanta féin.

Anois, má tá bille um chearta Ghaeilgeoirí le teacht i bhfeidhm am éigin roimh i bhfad, tá súil agam go dtugfar cearta iomlan dúinn. Ba chóir go mbeadh Gaeilgeoirí in ann neamhaird iomlán a thabhairt do theagmhail an stáit i mBéarla agus stadas oifigiúil ceart tugtha don teanga. Creidim go bhfuil sé scríofa ait éigin i mBunreacht na hÉireann gurb í an Ghaeilge céad teanga oifigiúil an stait ach ní bheadh a fhios agat go raibh stadas ar bith aici in amanta.

Is léir go bhfuil iarracht a dhéanamh ag roinnt daoine seanfhocal eile a chumadh ar son Gaeilgeoirí:-

``Is fearr Béarla cliste ná Gaeilge ar bith i mbéal Gaeil.''


An Draoi Rua



Foilseofar cnuasacht d'Aistí Mháirtín Uí Chadhain a cuireadh i gcló sa chéad dul síos i gComhar, nuair a chruinneoidh na Gaeil le chéile an tseachtain seo chugainn i mBaile Átha Cliath.

Caithfear Éisteacht!

``Tá sé tábhachtach ó thaobh cinnireacht éigin a bheith i nGluaiseacht na Gaeilge mar ceapaim go bhfuil an ghluaiseacht sin gan chinnireacht ó cailleadh Ó Cadhain. Tá sé tábhachtach go gcoinneofaí an spiorad a léirigh sé ina shaol, ina shaothar litríochta agus ina shaothair eile, go gcoinneofaí sin os comhair an phobail. Tá an guth neamhspleách, guth na Gaeilge, guth na cinnireachta a chur an Cadhnach ar fáil, tá sé á léiriú arís sa leabhar seo ar bhealach substaintiúil.''

`Sin a deir Liam Prút, eagarthóir Caithfear Éisteacht! faoin gcnuasach nua seo de shaothar an Chadhnaigh a bhéas le seoladh i dTabhairne An Fleet, Sráid na Tuinne, Baile Átha Cliath 2, ar an Luan, 6 Nollaig. `Séard atá sa leabhar ná meascán de ghearrscéalta, de léirmheasanna agus d'altanna tuairimíochta ó pheann an Chadhnaigh ar foilsíodh thar na blianta i gComhar. Ina measc na n-altanna a ndéantar athchló orthu sa leabhar tá Do na Fíréin!, an aiste is conspóidí a scríobh an Cadhnach. ``Ionsaí leanúnach ar mhórán gach pearsa poiblí agus institiúid údarásúil sa tír'' a thug Breandán Ó hEithir ar Do na Fíréin! Bhí Ó hEithir ina eagarthóir ar Comhar nuair a foilsíodh an aiste sin.

Beidh suim ag Poblachtanaigh sa chnuasacht seo nó níor shéan Máirtín Ó Cadhain a chuid poblachtanach riamh agus ar ndóigh chaith sé tréimhse faoi ghlas mar gheall ar a thuairimí. Tá sé i gceist ag APRN léirmheas a dhéanamh air, amach anseo, ach idir an dá linn beidh an leabhar ar fáil i siopaí leabhair nó is féidir é a cheannach díreach ó Comhar.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland