An Phoblacht 2 - 2022 small

18 November 1999 Edition

Resize: A A A Print

Tiocfaidh A Lá

An Déardaoin seo, cuirfear tús i gCathair na Gaillimhe le feachtas go ndéanfaí Lá Saoire íoctha de Lá Idirnáisiúnta na mBan an bhliain seo chugainn. Níl aon dabht ann ná go mbeadh sé sin ina chomhartha muiníne iontach láidir do mhná na hÉireann ag tús na mílaoise nua. Tá Coiste Stiúrtha de chúigear bhean i mbun an fheachtais cheana agus ard-dóchas acu go mbuafaidh siad an sreachailt seo. Ag caint ag ocáid seoladh an fheachtais, mhínigh Margaretta D'Arcy, duine den chúigear atá taobh thiar an Lae Mhóir, stair Lá idirnáisiúnta na mBan.

``B'í stailc i measc na mban a bhí fostaithe i dtionscadal éadaí i Nua Eabhrac a chúir tús leis'' arsa sí. ``Tharla gur thosaigh an stailc sin ar 8 Marta, 1907. Bhí na mná ag iarraidh tuarastail chuithe agus teorann 10 n-uair leis an lá oibre. Díreach bliain ina dhiaidh sin, ar an 8 Márta 1908, bhí stailc eile a bhain l'oibritheoirí baineann nuair a chuaigh na fíodóirí baineann ar stailc agus iad ag iarraidh deireadh leis na siopaí allaise agus saothar páistí. Ón dáta sin amach, aithnítear 8 Márta mar dháta ar leith a thabharfadh ionspráid do mhná ina sreachailt i gcomhair cearta. Sa bhliain 1978 ghlac leis na Náisiún Aontaithe leis an dáta sin go hoifigiúil mar Lá Idirnáisiúnta na mBan.''

Luaigh D'Arcy roinnt samplaí de mhná a bhí chun tosaí, in Éirinn, sa troid ar son cearta na mban. Rinne sí tagairt do chás na n-oibrithe i níochlánna i mBaile Atha Cliath a chuaigh ar stailc i 1945 ag éileamh coicís bhliantúil saoire. Ina dhiaidh stailce fhada bhuaigh siad an stailc agus ghnothaigh leasú a mbaineann gach oibrí tairbhe as sa lá atá inniu ann. Chuimhnigh sí chomh maith gurbh iad na mná i nDunnes Stores a chuaigh ar stailc in aghaidh cinedheighilte sna 1980s a thuill go leor leor poiblíocht don shreachailt frithchinedheighilte nuair a dhiúltaigh siad earraí na hAfraice Theas a láimhseáil.

Ar ndóigh tuigeann poblachtanaigh ar fud na hÉireann an íobairt a dhéanann mná, ní amháin ar son cearta na mban féin ach ar son cearta na tíre chomh maith. Ní dhéanfar dearmad riamh, ach an oiread, ar an íobairt a rinne Mairéad Ní Fhearail nuair a sladmharaíodh í in éineacht a chomradaithe Dan agus Seán ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ar shráideanna Ghibralter. Agus tógann gníomhaithe polaitiúla idir mná agus fir ionspráid, chomh maith, as saol agus calmacht an dlíodóra, Rosemary Nelson a thug a raibh aici ar son cearta na ndaoine gan chumhacht.

Ach cuimhníonn an coiste nua bhunaithe seo trína fheachtas go mbíonn sreachailt na mílte ban gach lá, ar fud na hÉireann, chomh thábhachtach leis na móríobairtí agus luann úrlabhraithe mar Margaretta D'Arcy figiúirí a thaispeánann go bhfuil suas le 58% de mhná na hÉireann ag obair, gan íocaíocht, sa bhaile.

Mar chuid de Pháirtíocht 2000 rinne an Comhairle Náisiúnta na mBan cás láidir go n-aithneodh an rialtas a dhualgais (mar ar aontaíodh ag Comhdháil na mBan faoi churam na Náisiún Aontaithe i mBeijing i 1995) go ndéanfaí obair gan íocaíocht na mban a luachú agus a thomhaisiú sa bhaile, sna feirmeacha, i gcúrsaí gnó agus san earnail deonach/chomhphobail. Mar a tharlaíonn sé, tá tuairisc i leith suirbhé píolóta ar Am/Úsáid foilsithe ag Oifig Lárnach na Staitisticí ach níl suirbhé cuimsitheach iomlán déanta fós.

Nuair a thosaíonn an feachtas beidh an coiste stiúrtha ag scaipeadh achainí ag iarraidh ar dhaoine agus ar eagraíochta a gcuid tacaíochta a thabhairt ar éileamh simplí amháin- go ndéana an rialtas Lá Saoire le pá de Lá Idirnáisiúnta na mBan 2000, mar aitheantas ar an mhéad atá déanta ag mná i bhforbairt sláinte agus táinte an náisiúin, trína gcuid iarrachtaí agus íobairtí i dtionscadal na tíre agus sa gheilleagar, i dtóir na córa agus sna ealaíona agus ar ndóigh obair gan íocaíocht sa bhaile.

Ba cheart do phoblachtanaigh tacaíocht a thabhairt don fheachtas seo. Bheadh sé deacair locht a fháil leis, ach, b'fhéidir, go bhfuil sé ró-theorannta. Cad chuige go stopfaimis ag Lá Idirnáisiúnta na mBan 2000? Nára fearr de go mbeadh Lá Idirnáisiúnta na mBan ina Lá Saoire íoctha go deo?


Ní Ceiltigh muid ach Sasanaigh!



De réir an seandálaí, Richard Warner, níl cúlra Ceilteach ar bith ag Gaeil. Nochtann an Draoi Rua a dhearcadh féin i dtaobh tuairimí an fhir céanna.

Tá sé dochreidte dom uaireanta an dóigh a mbíonn roinnt den lucht staire acadúla ag déanamh a ndícheall post breá compordach a bhaint amach agus chomh luath agus a n-éiríonn leo, síleann siad go bhfuil ceadúnas acu toiseacht ar athscríobh na staire.

Tharla go raibh mé féin is mo chúram ag taisteal ag deireadh na seachtaine is gur stop muid ar an bhealach le greim bí a fháil. Bhí nuachtán fágtha amach don scaifte ocrach is thug mé an `Sunday Times' le breathnú air is mé ag fanacht ar mo chuid. Anois, creidim go raibh sé de dhualgas orm an réamhrá seo a thabhairt le cur in iúl do léitheoirí an ailt seo nach léim ná nach gceannaím an nuachtán seo in am ar bith.

Ar aon nós, tháinig mé ar alt a chur fearg orm. Cuireadh síos ar an seandálaí áirithe seo, Richard Warner, as Iarsmalann Uladh i mBéal Feirste, a thug léacht ag rá nach bhfuil cúlra Ceilteach ag Éirannaigh ar dhóigh ar bith. ``Ní bhíonn saoi gan locht,'' a deir an seanfhocal ach ní thiocfadh leat saoi a mhaslú le Warner a chur i gcomparáid leis.

Bhuel, tá a dhearcadh iomlán bunaithe ar ghineolaíocht agus é ag rá go bhfuil i bhfad níos mó i gcomparáid ag muintir na hÉireann le muintir Shasana ná mar atá acu le Ceiltigh. Anois, tuigtear gurb as lár na hEorpa ó dhúchas na Ceiltigh; dá bhrí sin, tá sé ag iarraidh idirdealú a dhéanamh idir muintir lár na hEorpa ó na cianta ó shin agus muintir ón iarthar san am i láthair. Ós rud é go bhfuil sé den bharúil go bhfuil na hÉieannaigh íontach cosúil le fuil Shasanaigh, creideann sé go bhfuil sé de cheart aige gach rud ó thaobh cultúr na nGael a bhréagnú. Sula gcuirim síos ar roinnt den seafóid a bhí aige, caithfidh mé a rá nach chuirfeadh sé íontas orm cosúlacht a fheiceáil ins san fhuil atá ag Éireannaigh is ag Sasanaigh; déarfainn go mbeadh siad beirt dearg cibé.

Ina bhfocail féin, dúirt sé; ``The whole Celtic/Irish thing was invented in order to make the Irish different from the English.'' Mar aon leis sin, deir an tUasal Warner nár thug muintir na hÉireann an `noiseach Ceilteach' faoi deara go dtí an 18ú nó an 19ú haois. Mar sin de, creideann sé gur bhain náisiúnaithe úsáid as le `neamhspleáchas' a bhaint amach. Ar ndóigh, is léir nach dtuigeann sé go bhfuil teanga agus cultúr na Gaeilge i bhfad níos ársa ná an Bhéarla. Leoga, tá difríochtaí suntasacha le feiceáil idir Gaeil is Sasanaigh, caithfear aontú leis ansin ach níor chum muidne na difríochtaí sin ar mhaithe le cur isteach ar Shasanaigh.

Ansin, agus é ag iarraidh a phointe seafóideach a léiriú thug sé tuairisc millteanach ar réamhstair na hÉireann. B'é an aistriúcháin a bhí aige ar na Fir Bolg ná `Bagmen'. Ní fiú cur síos iomlán a thabhairt ar `réamhstair Warner' ach amháin le rá gurb é an phríomhphointe a bhí aige anseo ná gurb as Alban sinsir na hÉireann 8,000 RC agus nach bhfuil an oiread sin tionchar ag na Ceiltigh ó lár na hEorpa orainn.

Anois, muna raibh tionchar ag na Ceiltigh orainn cad chuige a bhfuil teanga á labhairt againn, cad chuige a raibh creideamh na ndraoithe i bhfeidhm ar feadh i bhfad agus a thioncar orainn go fóill? Tá a lán samplaí éagsúla dár chúlra Ceilteach a thiocfadh le duine ar bith againn a thabhairt don uasal Warner ach ní dóigh liom go mbeadh fonn éisteachta air.

Brathann cuid de theoiric Warner ar scríobhneoirí Romhanácha is Gréagacha a thug tuairiscí ar roinnt de na Ceiltigh. Deir na scríbhneoirí seo go raibh na Ceiltigh seo árd, láidir agus fionn. Dá bhrí sin, is sa Gearmáin amháin a bhéas Ceiltigh le fáil, dar le Warner. Creidim nach ndearna mo dhuine a chuid obair bhaile i gceart ach níor tháinig na Romhánaigh ná na Gréagaigh céanna go hÉireann riamh.

Rinne Warner tagairt amháin do theanga na nGael agus é a rá gur shocraigh roinnt de shaighdiúirí Cromwell ar na hoileáin Árainn. Dar leis, gheobhaidh an Ghaeilge bás i mbéal muintir Shasana ar na hoileáin céanna.

Leoga, má glactar le tuairimí Warner ar chor ar bith, níl a leithéid de rud ann agus cúlra Ceilteach. Cinnte, bheadh sé ag rá nach Ceiltigh na hAlbanaigh, muintir na Briotaine, muintir Cornwall, muintir oileán Mhánainn ná muintir na Breataine Bige ach oiread.

Bhí orm ceist a chur orm féin ná cad chuige a bhfuil coinceap mar seo a chur chun tosaigh aige? An é go spreagann cúrsaí polaitíochta é? Bhuel, nuair a deir sé gur tháinig tromlach na nGael as Alban ó dhúchas agus nach raibh mórán de thioncar cheilteach orthu, tá mé den tuairim go bhfuil sé ag iarraidh cearta ar leith a chruthú ar son na dílseoirí i mbun cúrsaí sna sé chontae.

Mar a dúirt mé níos luaithe, tá tuairimí Warner bunaithe ar ghineolaíocht beagnach ar fad. Tá a fhios ag an domhan mhór go bhfuil meascán de gach saghas fola le fáil in Éireannaigh an lae inniú. Creidim féin gur rud faisisteach é difríochtaí agus cosúlachtaí a dhéanamh idir náisiúin éagsúla bunaithe ar DNA. Nach bhfuil an cine daonna uilig gaolta? Leoga, cé go bhfuil daonna gaolta ní hionann sin is a rá go bhfuil siad díreach cosúil lena chéile ach oiread.

Caithfidh mé a rá anois, an chéad uair eile a bhéas mé istigh i mbialann, beidh mé go mór in amhras nuachtán a thógáil le léamh. Mar a dúirt cara liom; ``níorbh fhiú an `Sunday Times' ach le páipéir leithris a dhéanamh ach ab é go bhfuil níos mó measa ag chuid againn ar ár dtóineacha.''

An Draoi Rua

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland